Sceimhlitheoireacht: bearta nua chun dul i ngleic le trodaithe eachtracha

Meastar go bhfuil thart ar 5,000 Eorpach tar éis dul i mbun trodaíochta san Iaráic agus sa tSiria agus is dócha nach rachaidh aon mheathlú ar an mbagairt slándála a bhaineann leo laistigh den Aontas ar a bhfilleadh abhaile dóibh. Ba iad saoránaigh AE a rinne an chuid is mó de na hionsaithe a bhí ann san Eoraip le déanaí agus “trodaithe eachtracha” a bhí i gcuid acu. Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 16 Feabhra le rialacha nua i ndáil le dul i ngleic leis an bhfeiniméan.

Leis an treoir seo a cuireadh le chéile é tar éis na n-ionsaithe i bPáras i Samhain 2015, táthar ag iarraidh coir a dhéanamh ar fud AE as gníomhartha ullmhúcháin amhail oiliúint agus taisteal ar an gcoigríoch chun críocha sceimhlitheoireachta. Meastar go bhfuil thart ar 5,000 Eorpach tar éis dul i mbun trodaíochta san Iaráic agus sa tSiria. Ba ón bhFrainc, ón Ríocht Aontaithe, ón nGearmáin agus ón mBeilg an chuid is mó dóibh.


Má fhaigheann na páirtithe atá ag troid i gcoinne an Stáit Ioslamaigh an ceann is fearr orthu sna míonna amach romhainn, tá gach seans go mbeidh tuilleadh trodaithe ag iarraidh filleadh ar ais ar an Eoraip. Bhainfeadh bagairt ard leis sin, agus mar go bhfuil an oiread sin ionsaithe á bpleanáil ag sceimhlitheoirí aonair, bíonn an-deacrachtaí ag seirbhísí póilíneachta agus faisnéise stop a chur leo.


Leis an treoir atá beartaithe, neartófaí creat dlí an Aontais Eorpaigh chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a chosc trí ghníomhartha ullmhúcháin amhail oiliúint agus taisteal ar an gcoigríoch chun críocha sceimhlitheoireachta a choiriúlú. Is í Monika Hohlmeier, feisire Gearmánach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh, a chuir an téacs le chéile. Dhéanfaí coir den mhéid seo a leanas:


  • taisteal ar an gcoigríoch chun críocha sceimhlitheoireachta, mar shampla dul i mbun trodaíochta leis an Stát Ioslamach sa tSiria nó ionsaí sceimhlitheoireachta a dhéanamh i mballstát AE eile,
  • maoiniú a chur ar fáil le haghaidh cionta sceimhlitheoireachta agus cionta a bhaineann le grúpaí sceimhlitheoireachta nó le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta,
  • oiliúint a fháil nó a chur ar fáil chun críocha sceimhlitheoireachta lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhféadfaí cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh mar thoradh orthu,
  • moladh a thabhairt don sceimhlitheoirí nó ábhar sceimhlitheoireachta a roinnt ar líne.

 

Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 16 Feabhra leis na rialacha nua seo. Anois caithfidh na ballstáit iad a thrasuí ina ndlíthe náisiúnta laistigh de 18 mí.

 

Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi ról na Parlaiminte sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta.