Limistéar Schengen: ceann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag AE 

An leagan is deireanaí: 
 
Cruthaithe:   
 

Roinn an leathanach seo: 

Cuireadh limistéar Schengen ar bun siar sa bhliain 1995  

Ní gá pas a bheith agat agus tú ag i mbun taistil laistigh de limistéar Schengen, limistéar ina bhfuil 26 thír faoi láthair. Ach conas go díreach a fheidhmíonn sé? Tuilleadh san alt seo.

Tá prionsabal na saorghluaiseachta ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Tá ag gach saoránach den Aontas Eorpach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse áit ar bith i mballstáit an Aontais.

 

Ó cuireadh limistéar Schengen ar bun siar sa bhliain 1995, tá deireadh le teorainneacha inmheánacha sa chuid is mó den Eoraip. Is féidir le saoránaigh, lucht gnó agus turasóirí gluaiseacht gan srian agus gan a bheith faoi réir seiceálacha teorann.

 

Tháinig méadú ar an limistéar de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois nach mór gach ballstát AE chomh maith leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Tá stádas tír is iarrthóir ag na tíortha seo a leanas: an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit agus an Rómáin.

 

Ní cuid de limistéar Schengen iad Éire ná an Ríocht Aontaithe agus tá comhlimistéar taistil i bhfeidhm idir an dá thír sin.

 

Todhchaí limistéar Schengen

 

In ainneoin go bhfuil na critéir cháilitheachta ar fad comhlíonta ag an dá thír, níor ligeadh an Bhulgáir ná an Rómáin isteach i limistéar Schengen go fóill. Chuir feisirí na Parlaiminte in iúl i Meitheamh 2011 go raibh an dá thír réidh le dul isteach sa limistéar taistil, ach tá gá le vóta d’aon toil sa Chomhairle, rud nár tharla go fóill. An 11 Nollaig 2018, chuir feisirí Eorpacha in iúl arís gur cheart don Chomhairle an Bhulgáir agus an Rómáin a ligean isteach sa limistéar Schengen chomh luath agus is féidir.

 

Tá an próiseas maidir le ballraíocht na Cróite ag leanúint ar aghaidh agus tá maolú sealadach i bhfeidhm i gcás na Cipire.

 

Rinneadh todhchaí limistéar Schengen a phlé ag éisteacht sa choiste um shaoirsí sibhialta an 20 Feabhra 2018. Ag labhairt dó ag an gcruinniú sin, dúirt an feisire Carlos Coelho de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh: “Chuireamar brú ar an dá thír seo. Tá a gcuid réamhoibre déanta acu, ach an fhadhb atá ann ná an easpa comhaontachta sa Chomhairle. Chuir an tUasal Coelho tuarascáil na Parlaiminte maidir le hathchóiriú ar Chóras Faisnéise Schengen le chéile.

A bhuí le Córas Faisnéise Schengen is féidir leis na póilíní agus le húdaráis náisiúnta rialaithe teorann agus custaim foláireamh a thabhairt dá chéile i dtaobh daoine a bhfuil siad ar a dtóir, nó atá ar iarraidh nó i dtaobh feithiclí agus doiciméad goidte.

 

Is éard a bhí le rá ag an bhfeisire Emilian Pavel (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Rómáin) ná: “Trí fhad a chur leis an scéal seo, leis an éiginnteacht, déantar dochar d’íomhá an Aontais Eorpaigh, meastar go bhfuiltear ag caitheamh linn mar a bheadh saoránaigh den dara grád ann.”

 

Dúirt an feisire Emil Radev de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh: “Tá sé curtha in iúl arís agus arís eile ag an gCoimisiún Eorpach go bhfuil na critéir theicniúla ar fad comhlíonta ag an Rómáin agus an mBulgáir araon, ach mar go bhfuil roinnt tíortha ag cur ina choinne, táimid fós taobh amuigh.” Labhair a chomhthíreach Asim Ademov, de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh chomh maith, faoin “easpa dlúthpháirtíochta” agus faoi “Thadhg an dá thaobhachas” a bheith ar siúl.

Coinníollacha Schengen 
  • Glacann ballstáit freagracht as teorainneacha seachtracha an limistéir a rialú. 
  • Cuirtear comhrialacha Schengen i bhfeidhm, mar shampla rialuithe teorann in aerfoirt, i gcalafoirt agus ag teorainneacha talún, chomh maith le córas aonfhoirmeach chun víosaí a eisiúint. 
  • Déantar rialú níos géire ag an teorainn choiteann sheachtrach ar bhonn rialacha Schengen chun slándáil laistigh den limistéar a áirithiú.  
  • Ní mór do bhallstáit comhoibriú le gníomhaireachtaí an dlí i dtíortha eile an limistéir agus an Córas Faisnéise Schengen (SIS) a chur i bhfeidhm.  

Bhí Dimitris Avramopoulos, an Coimisinéir um Imirce, Gnóthaí Baile agus Saoránacht, i láthair ag an éisteacht chomh maith. D’iarr sé ar an gComhairle cinneadh a dhéanamh “faoi dheireadh thiar thall” i dtaca leis an mBulgáir agus an Rómáin a ligean isteach “i dteaghlach Schengen, agus an Chróit chomh maith ar ndóigh nuair a bheidh sí réidh ón taobh teicniúil de”.

 

Rialuithe sealadacha ag teorainneacha inmheánacha

 

Faoi Chód Teorainneacha Schengen, tá cead ag tíortha, mar rogha dheiridh, rialuithe a thabhairt isteach ag na teorainneacha inmheánacha ar bhonn sealadach. Ó 2015, de bharr ghéarchéim na ndídeanaithe agus an bhorrtha atá tagtha faoi bhagairt na sceimhlitheoireachta, tá rialuithe sealadacha tugtha isteach ag roinnt tíortha.

Déantar níos mó ná 1.25 billiún turas trasteorann laistigh de limistéar Schengen gach bliain © José Martín Ramírez C on Unsplash  

Cuireadh síneadh leis na rialuithe sealadacha arís agus arís eile agus beidh siad i bhfeidhm anois go dtí Aibreán/Bealtaine 2018 ar a laghad. Is é an feisire Slóivéanach Tanja Fajon atá freagrach as an athchóiriú ar Chód Teorainneacha Schengen. Ag labhairt di ag an éisteacht, d’iarr sí ar na ballstáit ábhartha deireadh a chur leis na bearta seo a luaithe agus is féidir.

 

Dúirt an tUasal Coelho: “Tá ceap milleáin á dhéanamh de limistéar Schengen i bhfianaise chlistí an bheartais slándála agus imirce.” Chosain an feisire Jussi Halla-Aho na rialuithe sealadacha áfach: “Níl go leor roghanna eile againn má táthar chun dul i ngleic le hathghluaiseacht iarrthóirí tearmann nó le mórghluaiseachtaí mírialta eile”.

 

Déantar níos mó ná 1.25 billiún turas trasteorann laistigh de limistéar Schengen gach bliain.