Comhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na sceimhlitheoireachta

Is é an sceimhlitheoireacht a chomhrac ceann de na príomhthosaíochtaí atá ag Parlaimint na hEorpa agus an Aontas Eorpach trí chéile. Tuilleadh anseo faoi obair na bhfeisirí ar an ábhar.

Security patrol activity to prevent terrorism. Photo by Manu Sanchez on Unsplash
Maraíodh 62 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta in AE anuraidh (Grianghraf: Manu Sanchez, Unsplash)

Le blianta beaga anuas, tá borradh tagtha faoin mbagairt sceimhlitheoireachta agus faoi ionsaithe jiohádacha san Eoraip. Ó tharla na hionsaithe i réigiún Pháras i mí Eanáir 2015 - an t-ionsaí ar oifigí na hirise “Charlie Hebdo” san áireamh - cuireadh dlús le comhrac an Aontais Eorpaigh i gcoinne na sceimhlitheoireachta.

Maraíodh 62 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach sa bhliain 2017. Sa bhliain 2016, cailleadh 135 duine in ionsaithe sceimhlitheoireachta san Aontas Eorpach. Theip ar nó seachnaíodh i bhfad níos mó ionsaithe anuraidh ná sa bhliain 2016.

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhadhb na sceimhlitheoireachta san Eoraip.

Bearta AE chun aghaidh a thabhairt ar an sceimhlitheoireacht

  • seiceálacha treisithe ag teorainneacha seachtracha an Aontais
  • comhar póilíneachta agus breithiúnach níos fearr chun amhrastaigh a aimsiú agus daoine atá ciontach a ghabháil
  • rialacha atreisithe nua chun sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc
  • coiriúlacht eagraithe a chomhrac
  • agus stop a chur leis an radacú.