Córas Faisnéise Schengen: ag cur leis an tslándáil agus le bainistiú teorainneacha san Eoraip

Tá Córas Faisnéise Schengen á neartú chun sábháilteacht na nEorpach a chur chun cinn. Caith súil ar na grafaicí faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim faoi na hathruithe atá ar na bacáin.

infographie illustration on Schengen Information System
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

An 24 Deireadh Fómhair, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialacha nua chun bainistíocht theorainneacha seachtracha an Aontais a fheabhsú agus sábháilteacht inmheánach thíortha na hEorpa a chaomhnú.


Leis na bearta i dtaca le Córas Faisnéise Schengen (SIS) a neartú, táthar ag iarraidh an fód a sheasamh i gcoinne na sceimhlitheoireachta, na coiriúlachta trasteorann agus na himirce neamhrialta. Is bunachar eolais láraithe ar mhórscála é Córas Faisnéise Schengen a thacaíonn le rialú na dteorainneacha seachtracha agus le comhar um fhorfheidhmiú an dlí.


Le blianta beaga anuas, tá teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh tar éis a bheith faoi bhrú, agus tá roinnt tíortha tar éis rialú teorainneacha inmheánacha a chur i bhfeidhm arís mar gheall ar ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip agus an ngéarchéim imirce ó 2015.


D’fhonn a chinntiú nach ndéantar dochar do limistéar Schengen, agus chun teorainneacha seachtracha an Aontais a chosaint, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach roinnt moltaí reachtacha i Nollaig 2016 chun athbreithniú a dhéanamh ar chreatlach dhlíthiúil SIS.


Ag labhairt dó roimh an vóta iomlánach an 24 Deireadh Fómhair, dúirt an feisire Carlos Coelho: “Fanfaidh Córas Faisnéise Schengen mar an mbunachar eolais is mó a bhaintear úsáid as agus is fearr a chuirtear i bhfeidhm i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais.” Chuir an feisire Portaingéalach de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh in iúl go gcuirfidh an córas le slándáil na nEorpach freisin.

infographie illustration on Schengen Information System
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta, cuirfear borradh faoi mhalartú faisnéise agus áireofar foláirimh maidir le náisiúnaigh neamh-AE atá faoi réir cinneadh fillte. Dúirt an feisire Jeroen Lenaers: “I láthair na huaire, ní mhalartaíonn na ballstáit faisnéis maidir le cinntí fillte i gcás náisiúnach neamh-AE. Mar gheall ar an easpa malartaithe faisnéise seo, bíonn an fhéidearthacht ann go seachnódh náisiúnach tríú tír an oibleagáid fhillte atá orthu agus go rachadh sé nó sí go ballstát eile.” I dteannta Carlos Coelho, chuir an tUasal Lenaers (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ísiltír) tuarascáil na Parlaiminte maidir le Córas Faisnéise Schengen le chéile.


Leis na moltaí nua, beidh ar údaráis náisiúnta sonraí faoi chionta sceimhlitheoireachta a roinnt leis na ballstáit eile agus faisnéis a mhalartú freisin. Tabharfar isteach foláirimh choisctheacha maidir le páistí atá i mbaol (foréigean, pósadh éigeantais, nó fuadach arna dhéanamh ag tuismitheoir, cuir i gcás) chomh maith le foláirimh chun coirpigh a shainaithint. Méadófar freisin an úsáid as sonraí bithmhéadracha, ach neartófar rialacha cosanta sonraí.


Bunaíodh Córas Faisnéise Schengen siar in 1990 nuair a cuireadh deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha laistigh de limistéar Schengen. Glacadh leis an gcóras reatha (SIS II) sa bhliain 2006 agus tháinig sé i bhfeidhm in 2013. 30 tír san iomlán atá páirteach i gCóras Faisnéise Schengen. Caith súil ar na grafaicí faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim.


Tháinig caibidleoirí na Parlaiminte agus na Comhairle ar chomhaontú maidir leis na bearta nua seo an 20 Meitheamh 2018, agus cuireadh chun vóta iad le linn an tseisiúin iomlánaigh an 24 Deireadh Fómhair. Tar éis d'fheisirí Eorpacha iad a cheadú, beidh ceadú na Comhairle ag teastáil freisin sular féidir leis na bearta chun Córas Faisnéise Schengen a neartú teacht i bhfeidhm.