Rialuithe ag teorainneacha inmheánacha limistéar Schengen mar gheall ar an gcoróinvíreas

Agus rialuithe teorann tugtha isteach i limistéar Schengen, tá sé curtha in iúl ag feisirí gur cheart saoirse gluaiseachta a athbhunú chomh luath agus is féidir, agus ar bhonn comhordaithe.

Controls at the Spanish-French border in La Jonquera ©REUTERS/NACHO DOCE/AdobeStock
Go dtí le déanaí, rinneadh talamh slán den cheart chun taistil go neamhshrianta san Aontas ©REUTERS/NACHO DOCE/AdobeStock

Go dtí le déanaí, rinneadh talamh slán den cheart chun taistil go neamhshrianta laistigh den Aontas Eorpach. Chun scaipeadh an choróinvíris a mhaolú, tugadh srianta ar ghluaiseacht daoine isteach agus dúnadh teorainneacha inmheánacha i limistéar Schengen. De réir mar a thagann feabhas ar chúrsaí eipidéimeolaíocha, áfach, agus le laethanta saoire an tsamhraidh romhainn, de réir a chéile tá an tsaorghluaiseacht á tabhairt ar ais ag ballstáit.


I vóta an 17 Aibreán, chuir feisirí Eorpacha i bhfáth gur cheart rialuithe teorann agus srianta ar ghluaiseacht a bheith comhréireach agus eisceachtúil agus gur cheart saoirse ar ghluaiseacht a athbhunú chomh luath agus a mheasfar go bhfuil sé indéanta. D’áitigh feisirí chomh maith nár cheart teorainn a chur le taisteal trasteorann na n-oibrithe túslíne in earnálacha atá ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne Covid-19, go háirithe gairmithe cúraim sláinte agus gairmithe cúraim daoine scothaosta, ná le taisteal trasteorann na n-oibrithe sin atá ag obair san earnáil agraibhia amhail oibrithe feirme séasúracha. Leag siad béim ar an ngá atá ann filleadh ar limistéar Schengen a bheidh ag feidhmiú go hiomlán agus deireadh a chur le haon rialuithe ag teorainneacha inmheánacha mar chuid de straitéis scoir géarchéime.


‘Caithfear gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach’


Ag labhairt di le déanaí, dúirt an feisire Tanja Fajon: “Bhí na ballstáit ag gníomhú as a stuaim féin. Anois, tá sé thar am ag an Aontas Eorpach gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach agus sula ndéanfar dochar nach bhféadfar a leigheas do limistéar Schengen.” Dúirt an feisire Slóivéanach atá ina cathaoirleach ar mheitheal um ghrinnscrúdú Schengen de chuid an choiste um shaoirsí sibhialta: “Ba cheart don Choimisiún ról lárnach a bheith aige chun saoirse gluaiseachta a athbhunú, ar an gcéad dul síos do ghrúpaí ríthábhachtacha amhail oibrithe trasteorann. Mar sin, baineann ríthábhacht le comhar ar an leibhéal Eorpach.”


De réir rialacha Schengen, is féidir le ballstáit rialú ag teorainneacha inmheánacha a athbhunú go sealadach i gcúinsí eisceachtúla mar fhreagairt do bhagairt thromchúiseach do bheartas poiblí nó don tslándáil inmheánach. Má dhéantar cinneadh rialuithe ag teorainneacha inmheánacha áirithe a athbhunú ar bhonn sealadach, caithfear an Coimisiún a chur ar an eolas. Tá léargas le fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ar na srianta atá tugtha i bhfeidhm ag ballstáit an Aontais.

Schengen zone map indicating current EU and non-EU members, candidate countries and EU country outside the Schengen area
Tháinig méadú ar an limistéar de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois nach mór gach ballstát AE

Filleadh go sábháilte ar an taisteal


An 13 Bealtaine, chuir an Coimisiún Eorpach treoirlínte agus moltaí i láthair chun cabhrú le tíortha AE deireadh a chur de réir a chéile leis na srianta taistil agus teorainneacha inmheánacha limistéar Schengen a oscailt an athuair. San áireamh leis na bearta atá ceaptha chun cur ar chumas na nEorpach dul ag taisteal arís tar éis na míonna den ghaibhniú, tá cur chuige céimnithe comhordaithe a gcuirfear tús leis trí rialuithe a bhaint idir limistéir nó ballstáit a bhfuil an scéal céanna iontu ó thaobh na heipidéimeolaíochta de. Níor cheart idirdhealú a dhéanamh ar bhonn náisiúntachta.


Cuirfear béim ar chomhar idir na ballstáit agus ba cheart do bhallstáit aird a thabhairt ar threoir an Lárionaid Eorpaigh um Ghalar a Chosc agus a Rialú. Níl clár ama leagtha amach ag an gCoimisiún áfach mar braithfidh an deireadh de réir a chéile leis na srianta taistil ar chúinsí eipidéimeolaíochta agus ar chinntí údaráis na mballstát.


Ag tús na paindéime, foilsíodh treoirlínte Eorpacha maidir le bearta bainistithe teorann chun an tsláinte a chosaint agus chun a chinntiú go bhfuil earraí agus seirbhísí riachtanacha ar fáil. Tugadh ‘lánaí glasa’ isteach chun sreabhadh gasta leanúnach earraí ar fud an Aontais a chinntiú agus chun scrogaill a sheachaint ag pointí trasnuithe teorann inmheánacha tábhachtacha.


Tá beagnach 600,000 saoránach tugtha abhaile a bhuí le comhar consalach an Aontais. Aisdúichíodh breis agus 67,000 saoránach den Aontas, a bhuí le Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.

Limistéar Schengen

  • 26: ballstáit Schengen
  • 4: ballstáit Schengen neamh-AE (an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn, Lichtinstéin)
  • 5: ballstáit AE nach ballstáit den limistéar Schengen iad (an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, Éire agus an Rómáin)
  • 50,000 km: teorainneacha seachtracha limistéar Schengen

Chun leathadh an víris a shrianadh, mhol an Coimisiún Eorpach do na ballstáit an 16 Márta srian comhordaithe a chur i bhfeidhm ar thaisteal nach bhfuil gá leis ó thíortha neamh-AE isteach san Aontas. Beidh an srian taistil sin á chur i bhfeidhm i ngach ballstát den Aontas Eorpach (ach amháin in Éirinn) go dtí an 15 Meitheamh.


Caithfidh feisirí vóta iomlánach go luath ar rún maidir le feidhmiú limistéar Schengen.


Céard atá i gceist le limistéar Schengen?


Tá prionsabal na saorghluaiseachta ar cheann de na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Tá ag gach saoránach den Aontas Eorpach an ceart chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse áit ar bith i mballstáit an Aontais. Ó cuireadh limistéar Schengen ar bun siar sa bhliain 1995, tá deireadh le teorainneacha inmheánacha sa chuid is mó den Eoraip. Is féidir le saoránaigh, lucht gnó agus turasóirí gluaiseacht gan srian agus gan a bheith faoi réir seiceálacha teorann.


Tháinig méadú ar an limistéar de réir a chéile agus cuimsíonn sé anois nach mór gach ballstát AE chomh maith leis an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin. Tá stádas tír is iarrthóir ag na tíortha seo a leanas: an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit agus an Rómáin. Ní cuid de limistéar Schengen í Éire a bhfuil comhlimistéar taistil i bhfeidhm aici leis an Ríocht Aontaithe.


Tuilleadh léitheoireachta