Formheasann Feisirí na fostaíochta pleananna chun cabhrú le níos mó daoine óga dul i mbun oibre nó oiliúna

Faigh eolas ar dhífhostaíocht i measc an ógra sa ghrafaic faisnéise. I gcás ina bhfeictear dath liath ar thíortha ar an léarscáil, ciallaíonn sé nach raibh sonraí ar bith ar fáil do 2013

youth_unemployment_27_en
Dífhostaíochta óige

Gheobhaidh níos mó daoine óga dífhostaithe cabhair chun dul i mbun oibre nó oiliúna, a bhuíochas do na pleananna a d'fhormheas coiste fostaíochta PE an 23 Aibreán.

Leis na pleananna sin, cuirfear ar chumas tuilleadh daoine cáiliú do scéim atá beartaithe i leith ráthaíochta don aos óg, scéim lena dtabharfar teideal do dhaoine óga poist, oiliúnt nó printíseacht a bheith acu má bhíonn siad dífhostaithe breis is ceithre mhí. Beidh an méid sin ina dhíol sásaimh le linn do dhuine óg amháin as gach ceathrar in AE a bheith gan obair. Faigh eolas ar dhífhostaíocht i measc an ógra sa ghrafaic faisnéise.


Cúlra


Le blianta beaga anuas, tá an Pharlaimint ag iarraidh ráthaíocht don aos óg ar fud AE a chur ar bun agus in 2010 ghlac sí rún lena spreagtar an Coimisiún chun togra a dhréachtú. Faoin am seo, tá ráthaíocht don aos óg curtha isteach ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh Tionscnaimh Fostaíochta don Ógra.


Thiocfadh leath an chistithe don Tionscnamh Fostaíochta don Ógra ó Chiste Sóisialta na hEorpa, a úsáideann AE chun fostaíocht iomlán a chur chun cinn, d'fhonn feabhas a chur ar tháirgiúlacht agus ar an gcaighdeán ag an obair, chun soghluaisteacht na n-oibrithe laistigh den Aontas a mhéadú, chun feabhas a chur ar chúrsaí oiliúna agus oideachais agus chun cuimsitheacht shóisialta a chur chun cinn freisin. Táthar ar tí an ciste a athnuachan do na blianta 2014-2020.


Athruithe a glacadh


Faoi chuimsiú an togra bhunaidh, ní bheadh feidhm ag an ráthaíocht don aos óg ach maidir le daoine óga san aoisghrúpa 15-25 a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ina raibh ráta dífhostaíochta os cionn 25% in 2012


Molann an coiste fostaíochta go gcuirfí i bhfeidhm í maidir le daoine óga san aoisghrúpa suas go 30, a bhfuil cónaí orthu i réigiúin ina bhfuil ráta dífhostaíochta os cionn 20%, i dtreo is go mbeidh i bhfad níos mó daoine i dteideal na scéime.


Na chéad chéimeanna eile


Is gá i gcónaí go bhformheasfaidh na Feisirí go léir an togra le haghaidh Tionscnamh Fostaíochta don Ógra le linn seisiúin iomlánaigh agus is gá go bhformheasfaidh an Chomhairle é ina theannta sin, chun go mbeidh sé in ann teacht i bhfeidhm.