ReACT na Róimhe: Caighdeán saoil an rud is tábhachtaí

Céard atá i gceist le caighdeán saoil dar leat? An mbaineann sé le sábháilteacht bia, cúram leighis inrochtana, aer níos glaine nó caomhnú an chomhshaoil? Nó b'fhéidir go mbaineann caighdeán saoil le cearta tomhaltóirí nó le do chuid sonraí a chosaint ar líne? Tá Parlaimint na hEorpa den tuairim go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí iarracht an caighdeán saoil san Eoraip a fheabhsú. Caith súil ar an alt seo le tuilleadh eolais a fháil.

Grianghraf: Caighdeán saoil
Céard is féidir leis an Eoraip a dhéanamh chun do chaighdeán saoil a fheabhsú? ©BELGA/EASYSTOCKPHOTO/B.ARAPOVIC

Tá Parlaimint na hEorpa i mbun oibre ar réimse leathan rialacha a chuirfidh feabhas ar an gcaighdeán saoil atá againn san Eoraip. Táthar ag iarraidh go mbeidh fáil ar chógas agus ar chúram leighis atá sábháilte. Tá neartú á dhéanamh ar chearta paisinéirí. Tá an Parlaimint ag cur ar chumas tomhaltóirí bia a cheannach atá lipéadaithe i gceart agus go soiléir. Tá obair ar siúl chun astaíochtaí CO2 a laghdú, chun truailliú an chomhshaoil a chosc agus chun a chinntiú go bhfuil príobháideacht agus sonraí na nEorpach cosanta.


Tá tuilleadh eolais le fáil anseo i mBarrscéalta.


Chomh maith leis sin rinneadh díospóireacht ar na téamaí thuasluaite le linn na comhdhála ReACT a bhí ar siúl sa Róimh an 23 Eanáir. Tionóladh an chomhdháil seo chun plé a dhéanamh ar chaighdeán saoil agus conas é a fheabhsú.


Sa tréimhse roimh Thoghcháin na hEorpa i Mí na Bealtaine tionólfar cúig comhdhálacha idirghníomhacha ar fud na hEorpa chun téamaí tábhachta éagsúla a phlé. Ba é ReACT na Róimhe an ceithre comhdháil a tionóladh.


Tionóltar gach comhdháil i gcathracha éagsúla ar fud na hEorpa agus tugann siad ceannairí tuairimíochta le chéile chun a gcuid eolais, smaointí agus taithí a roinnt. Bhain an chomhdháil i bPáras an 15 Deireadh Fómhair le poist agus le fostaíocht. Bhí ceann ar siúl i Vársa an 14 Samhain faoi ról an AE sa domhan mór. Bhain an chomhdháil i bhFrankfurt an 5 Nollaig le hairgeadais. Beidh comhdháil dheireanach faoi chúrsaí geilleagair ar siúl an 20 Feabhra i Maidrid.