An t-athrú aeráide: i mbun ullmhúcháin do Pháras 2015

Beidh ceannairí idirnáisiúnta ó thart ar 200 tír ag teacht le chéile i bPáras an 29 Samhain go dtí an 11 Nollaig d'fhonn teacht ar chomhaontú chun astaíochtaí a laghdú tar éis 2020. Táthar ag súil go nglacfaidh an oiread tíortha is féidir páirt sa chomhaontú agus go mbeidh Comhdháil Pháras 2015 mar chloch mhíle stairiúil chun gníomhaíocht dhomhanda a fheabhsú agus chun dlús a chur faoin aistriú domhanda go sochaí ísealcharbóin. Tuilleadh faoi ról na Parlaiminte ar fáil san alt seo.

Digital illustration on global warming. ©BELGA_EASYFOTOSTOCK
Cuirfear tús le COP21 i bPáras an 29 Samhain ©BELGA_EASYFOTOSTOCK

Is ceannródaí í Parlaimint na hEorpa sa mhéid a bhaineann leis an bhfreagairt dhomhanda ar athrú aeráide agus beidh toscaireacht de chuid na hinstitiúide i láthair ag an gcomhdháil i bPáras an 8-12 Nollaig, mar a bhí ag comhdháil Líoma anuraidh. Rinneadh seasamh na Parlaiminte i gcomhair COP21 a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh an 14 Deireadh Fómhair.


Beidh athrú aeráide ar cheann de na dúshláin is mó faoin gcine daonna sna blianta amach romhainn. Ba fhianaise iad na tulcaí agus sciorrthaí talún i dtíortha na mBalcán an samhradh seo caite agus na dóiteáin fhoraoise a scaip trí dheisceart na hEorpa le blianta beaga anuas ar cé chomh leochaileach is atá tíortha na hEorpa d'éifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide.


Cuireadh scéim an AE i ndáil le trádáil astaíochtaí ar bun d'fhonn astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Anois táthar ag ceapadh gur féidir a leithéid de scéim a úsáid ar bhonn domhanda. Beidh toscaireacht na Parlaiminte ag COP21 ag tacú le hiarrachtaí idirbheartaiochta an Choimisiúin Eorpaigh agus beidh ar fheisirí Eorpacha a gceadú a thabhairt leis an gcomhaontú deiridh.


Caith súil ar an mbarrscéal chun tuilleadh a léamh faoin athrú aeráide agus faoin méid atá ar siúl ag do Pharlaimintse chun dul i ngleic leis.

Tuilleadh eolais