Glac páirt sa díospóireacht: Parlaimint na hEorpa ar fáil ar Reddit anois!

Is í Parlaimint na hEorpa tionól na ndaoine. Dá réir sin, féachaimid ní amháin le daoine a mhealladh chuig ár láithreán gréasáin, ach teacht i láthair mar a mbíonn daoine. Agus is ar na meáin shóisialta atá daoine. Tá an Pharlaimint ar fáil ar leithéidí Twitter agus Facebook le fada an lá, agus chun cur tuilleadh le láithreacht na hinstitiúide ar an líonra táimid le fáil ar Reddit anois chomh maith. Mar sin glac páirt sa díospóireacht ag r/europeanparliament!

EP on Reddit
Glac páirt sa díospóireacht faoi thodhchaí na hEorpa ar Reddit

Tá níos mó ná 1.6 milliún leantóir ag an bParlaimint ar Facebook. Tá cuntais Twitter ar fáil in 24 teanga, an Ghaeilge san áireamh! Is féidir nuashonrúcháin laethúla ar obair na Parlaiminte a fháil ar Google+ chomh maith agus má mheasann tú nach leor tvuít 140 carachtar uaireanta is féidir páirt a ghlacadh i bplé domhain ar cheapadh beartas an AE ar LinkedIn. Chomh maith leis sin tá an Pharlaimint ar fáil ar Flickr, Instagram, SpotifyVine agus araile.


Reddit: "Leathanach tosaigh an idirlín"


Le cúpla seachtain anuas tá leathanach oifigiúil ag an bParlaimint ar Reddit chomh maith. Ar an leathanach sin is féidir leat teacht ar neart faisnéise faoi obair na Parlaiminte: físeáin, grafaicí, bileoga faisnéise agus araile.


Ar eagla nach mbeadh na hardáin ar fad a mbímid gníomhach orthu aimsithe agat, seo treoir úsáideach maidir le Parlaimint na hEorpa ar an líonra.


Cliceáil anseo chun an nuacht is déanaí ó sheirbhís preasa na Parlaiminte a fháil.

Tuilleadh faisnéise