Ríomhphéisteanna, traígh, róbatlíonta agus cibearbhagairtí eile

Ar chuir víreas ríomhaireachta isteach ort riamh? Bhuel, ní tú an t-aon duine, ná baol ort. Bíonn tionchar ag an cibearchoireacht ar níos mó ná milliún duine gach uile lá, agus baineann costas bliantúil de bheagnach €370 milliún leis. Tháinig Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú le Comhairle an AE an 7 Nollaig i ndáil leis an gcéad threoir Eorpach a bhaineann leis an cibearshlándáil.

Is furasta do choirpigh na cibearchoireachta greim a fháil ort, mar a fhaigheann an-chuid Eorpach amach gach bliain. Leis an treoir maidir le slándáil líonra agus faisnéise (NIS) táthar ag iarraidh rialacha cibearshlándála a chomhoiriúnú ar fud na hEorpa agus comhoibriú na mballstát ar cheisteanna cibearshlándála a fheabhsú.


I ré seo an digitithe tá ár spleáchas ar na líonraí leictreonacha agus ar chórais fhaisnéise ag dul i méid. De bharr seo áfach tá fadhbanna na calaoise agus an bhrionnaithe ag dul i méid ar líne chomh maith. De réir shuirbhé Eorabharaiméadair ó mhí Feabhra na bliana seo bíonn go leor Eorpach ar an airdeall a mhéid a bhaineann leis an cibearshlándáil. Ní ligeann 89% na bhfreagróirí a gcuid sonraí pearsanta agus iad ar líne, agus bhí 85% d'fhreagróirí an tsuirbhé den tuairim go bhfuil bagairt na cibearshlándála ag dul in olcas. Gach uile lá bíonn thart ar 150,000 víreas (nó cóid mhailíseacha eile) ag scaipeadh ar líne.


Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi fhadhb na cibearchoireachta.

Tuilleadh eolais