Astaíochtaí san earnáil gluaisteán: tástálacha ar an mbóthar in ionad tástálacha saotharlainne

Faigheann thart ar 430,000 Eorpach bás go hanabaí gach bliain de bharr aerthruaillithe. Bíonn astaíochtaí ocsaídí nítrigine (NOx) ó ghluaisteáin ina gcúis le han-chuid de na básanna seo, dé-ocsaíd nítrigine go príomha. Tar éis don chomhlacht Volkswagen admháil anuraidh go ndearnadh caimiléireacht ar thomhais astaíochtaí i Meiriceá, tá an Chomhairle agus an Pharlaimint ag smaoineamh ar rialacha astaíochtaí a nuashonrú d'fhonn a chinntiú go dtomhaistear astaíochtaí faoi ghnáthdhálaí tiomána.

EMIS_ga.jpg
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim faoi thionchar astaíochtaí san earnáil gluaisteán

Is féidir le hocsaídí de nítrigin cur le galair riospráide agus croí. San Eoraip is é an t-iompar ar bóthar a bhíonn ina chúis le thart ar 40% d'astaíochtaí NOx agus tagann 80% de na hastaíochtaí sin ó fheithiclí díosail amháin.


Ní féidir samhlacha nua gluaisteán a chur ar an margadh mura gcomhlíontar caighdeáin chomhshaoil an Aontais Eorpaigh. Tá na caighdeáin seo ann d'fhonn tionchar gluaisteán ar an gcomhshaol a laghdú, tionchar na substainte truailleán NOx san áireamh. Tar éis do shamhlacha nua a bheith ceadaithe i mballstát AE amháin, is féidir iad a dhíol ar fud an Aontais; glaoitear cineálcheadú ar an bpróiseas seo.


I láthair na huaire déantar astaíochtaí ó shamhlacha nua feithiclí a thástáil i saotharlanna. Léirítear in anailís a rinneadh, áfach, go ngineann feithiclí riar maith breise astaíochtaí ar an mbóthar ná mar a ghineann siad i dtástálacha saotharlainne. Braitheadh an fhadhb sin go háirithe i gcás astaíochtaí NOx ó fheithiclí díosail.


Tá na rialacha reatha i ndáil le tastálacha astaíochtaí i bhfeidhm ó 1970 agus nuashonraíodh iad don uair dheireanach sa bhliain 1990. Baineann an iomarca solúbthachta leis na tástálacha; is féidir le monaróirí gluaisteán cur isteach ar na torthaí trí úsáid a bhaint as boinn íosfhriotaíochta mar shampla. Is féidir le stíl tiomána an tiománaí nó le teocht an aeir tionchar a imirt ar na torthaí chomh maith.


Mar sin is léir go bhfuil gá le rialacha nua chun astaíochtaí a thomhas faoi ghnáthdhálaí tiomána. Tá an Coimisiún Eorpach tar éis glacadh le dhá bhearta cheana féin agus cuirfear tús le tástálacha nua ar astaíochtaí faoi dhálaí tiomána i mí Mheán Fómhair 2017. Tá an Chomhairle agus an Pharlaimint ag smaoineamh chomh maith ar rialacha astaíochtaí a nuashonrú.


Coiste nua na Parlaiminte


Tá an Pharlaimint tar éis coiste fiosrúcháin um thomhais astaíochtaí san earnáil gluaisteán a chur ar bun freisin. Toghadh an feisire Beilgeach Kathleen Van Brempt (Sóisialaithe agus Daonlathaithe) mar chathaoirleach ag an gcéad chruinniú den choiste a bhí ar siúl an 2 Márta. Toghadh Ivo Belet (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Bheilg), Mark Demesmaeker (Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, an Bheilg), Kateřina Konečná (Clé Aontaithe Eorpach/Clé Ghlas Nordach, Poblacht na Seice) agus Karima Delli (na Glasaigh, an Fhrainc) ina leas-chathaoirligh. Bunaíodh an coiste d'fhonn fiosrúchán a dhéanamh ar sháruithe ar rialacha maidir le tástálacha astaíochta agus ar chliseadh líomhnaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus na mballstát caighdeáin AE a chur i bhfeidhm. Mandáid de bhliain amháin a bheidh ag an gcoiste nua.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi obair an choiste fiosrúcháin.