Imirce: ‘Caithfear a chinntiú nach dtarlaíonn an rud céanna a chonacthas in 2015’

Tháinig laghdú dhá thrian ar líon na n-imirceach a bhain an Eoraip amach ar muir anuraidh, sin dar leis an ngníomhaireacht Eorpach Frontex. Dar le staitisticí na Náisiún Aontaithe áfach, ba é 2016 an bhliain ba mharfaí riamh sa Mheánmhuir: fuair 5,079 duine bás nó chuaigh siad ar iarraidh agus iad ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach. Bhí cruinnithe ag feisirí an choiste um shaoirsí sibhialta le hionadaithe an Choimisiúin, na Comhairle agus an UNHCR an 12 Eanáir d’fhonn an ghéarchéim a phlé.

A mother and her baby rescued after crossing the sea in search of a safe live ©UNHCR/Achilleas Zavallis
Fuair 5,079 duine bás nó chuaigh siad ar iarraidh sa Mheánmhuir anuraidh ©UNHCR/Achilleas Zavallis

Ghlac Málta le huachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh don chéad uair an 1 Eanáir. Ag labhairt dó le feisirí an choiste um shaoirsí sibhialta an 12 Eanáir, dúirt Aire Gnóthaí Baile na tíre Carmelo Abela go mbeidh ceist na himirce go mór chun tosaigh i rith uachtaránacht Mhálta agus go ndéanfar iarracht tabhairt faoin éagsúlacht tuairimí i measc rialtais na mballstát. Dúirt sé: “Ba chóir comhráite a dhéanamh ar bhonn na freagrachta agus na dlúthpháirtíochta. Tá tionchar, gó díreach nó go hindíreach, ag an imirce ar na ballstáit ar fad. Agus cé gur chóir dúinn tearmann a thabhairt dóibh siúd atá ar an anás, ní mór dúinn gach duine nach bhfuil i dteideal cosanta a chur ar ais go sciobtha.”


Comhaontú leis an Tuirc


Dúirt an t-aire Máltach freisin go gcaithfear cloí leis an gcomhaontú idir AE agus an Tuirc. Ag cruinniú mullaigh i Márta na bliana seo caite, tháinig ceannairí an Aontais agus na Tuirce ar chomhaontú lena ndírítear ar stop a chur le sreabhadh neamhrialta imirceach chun na hEorpa tríd an Tuirc. Ag cruinniú de chuid an choiste um shaoirsí sibhialta a bhí ar siúl an 12 Eanáir chomh maith, dúirt an feisire Portaingéalach Ana Gomes (Sóisialaithe agus Daonlathaithe) gur “chomhaontú neamhdhleathach agus mímhorálta” é.


Tá sé curtha in iúl ag uachtaránacht Mhálta ar an gComhairle gur féidir comhaontú imirce a dhéanamh leis an Libia atá bunaithe ar chomhaontú na bliana seo caite leis an Tuirc. Dúirt Vincent Cochetel, stiúrthóir an UNHCR (Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe) san Eoraip áfach: “Ní dea-shampla é an comhaontú seo do chomhaontú leis an Libia.” Bhí an feisire Ísiltíreach Judith Sargentini de chuid na nGlasach ar aon intinn leis.


Chuir an feisire Ísiltíreach Jeroen Lenaers (Páirtí an Phobail Eorpaigh) in iúl áfach gur raibh líon na mbásanna sa Mhuir Aeigéach tar éis laghdú tar éis don Aontas Eorpach teacht ar chomhaontú leis an Tuirc. Dúirt sé freisin áfach go gcaithfear feabhas mór a chur ar na háiseanna fáiltithe do dhídeanaithe.


D’fhógair an Coimisiún Eorpach roimh Nollaig go gcuirfear iarrthóirí tearmainn ar ais chuig an nGréig arís ón 15 Márta. Cuireadh stop in 2011 le haistrithe chuig an nGréig faoi Rialachán Bhaile Átha Cliath. Socraítear leis an rialachán seo cén ballstát atá freagrach as iarratais ar thearmann a phróiseáil. Rinne an feisire Kati Piri (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Ísiltír) cáineadh ar chinneadh an Choimisiúin: “Bímis ionraic faoi seo. Tá a fhios againn céard atá ag tarlú sa Ghréig. Níor cuireadh iarrthóirí tearmainn ar ais ansin le blianta de bharr go bhfuil easpa áiseanna fáiltithe ann. Tá pobalachas á chothú agaibh trí rud a fhógairt nach dtarlóidh riamh.”


Dídeanaithe mionaoiseacha


Tá tuarascáil maidir le hathchóiriú rialachán Bhaile Átha Cliath á hullmhú ag an bhfeisire Sualannach Cecilia Wikström de chuid na Liobrálaithe agus na nDaonlathaithe. Le linn an chruinnithe an 12 Eanáir, dúirt sí go gcaithfear a chinntiú go gcosnaítear dídeanaithe óga: “Chuaigh ar a laghad 10,000 dídeanaithe mionaoiseacha ar iarraidh san Eoraip anuraidh.” Dúirt an tUasal Cochetel gur chóir do na ballstáit córais a bhunú chun caomhnóirí a cheapadh ar bhonn níos sciobtha agus chun teaghlaigh a thabhairt le chéile arís.


Gá le bealaí dlíthiúla


Chuir an t-ionadaí de chuid an UNHCR in iúl freisin go bhfuil gá le bealaí dlíthiúla d’fhonn nach mbeidh ar iarrthóirí tearmainn a mbeatha a chur i mbaol agus iad ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach. Dúirt an feisire Iodálach Barbara Spinelli den Chlé Aontaithe Eorpach/Ghlas Nordach: “Mura gcuirtear bealaí dlíthiúla ar bun, tá an baol ann go gcruthófar fo-aicme ollmhór san Eoraip.”


Rinne na feisirí Ana Gomes (an Phortaingéil) agus Josef Weidenholzer (an Ostair) de chuid na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe cáineadh ar easpa éifeachta agus ilroinnt chórais tearmainn AE. Dúirt an feisire Iodálach de chuid na Sóisialaithe Cécile Kyenge go raibh sí ar aon tuairim leis an UNHCR faoin ngá le simpliú a dhéanamh ar an maorlathas chun dul i ngleic le hiarratais ar thearmann.


Dúirt an tUasal Cochetel de chuid an UNHCR freisin go bhfuil gá le córas aonair AE chun iarratais ar thearmann a phróiseáil. Trí chóras a chur ar bun a bheadh i bhfad níos éifeachtaí ná an córas reatha Eurodac, dúirt sé go mbeifear in ann an-chuid airgid a shábháil agus feabhas a chur le grinnfhiosrúchán slándála ag teorainneacha AE. Is córas é Eurodac chun comparáid a dhéanamh idir méarloirg iarrthóirí tearmainn.


Chuir sé in iúl freisin go bhfuil gach seans ann go mbeidh sreafaí nua dídeanaithe chuig an Eoraip amach anseo: “Dealraíonn sé nach bhfuil an Eoraip réitithe ar chor ar bith. Caithfear a chinntiú nach dtarlaíonn an rud céanna a chonacthas in 2015.”


Cliceáil ar na naisc ar dheis chun súil siar a chaitheamh ar chruinnithe an choiste um shaoirsí sibhialta an 12 Eanáir.

5,079

Líon na ndaoine a fuair bás nó a chuaigh ar iarraidh sa Mheánmhuir anuraidh (Náisiúin Aontaithe)
Maltese minister Carmelo Abela pledged to tackle divergences among national governments on the issue of migration
Cathaoirleach an choiste Claude Moraes agus Aire Gnóthaí Baile Mhálta Carmelo Abela