Mná san eolaíocht: ‘Ba chóir dáiríre réimse na heolaíochta a bhaineannú’

Cé go bhfuil méadú tagtha le blianta beaga anuas ar an líon ban a théann le gairm san eolaíocht, tá mná fós faoi ghannionadaíocht i gcúrsaí taighde agus forbartha. Ag labhairt di roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní sna hEolaíochtaí an 11 Feabhra, dúirt an feisire Michèle Rivasi gur chóir “réimse na heolaíochta a bhaineannú”. Tuilleadh faisnéise san fhíseán thuas.

Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim

Ó fuair Marie Curie Duais Nobel na Fisice in 1911, an chéad bhean riamh, tá síormhéadú tagtha ar an líon ban a théann le gairm san eolaíocht. Inniu, áfach, níl ach trian de na taighdeoirí san Aontas Eorpach ar mná iad. Tá siad fós faoi ghannionadaíocht i gcúrsaí taighde agus forbartha agus in ardleibhéil na cinnteoireachta.


Seolann feisirí tionscnaimh go rialta chun mná a spreagadh chun dul le gairm san eolaíocht. Ag labhairt di roimh Lá Idirnáisiúnta na mBan agus na gCailíní sna hEolaíochtaí, dúirt an feisire Gréagach de chuid na Sóisialaithe Eva Kaili: “Tá eagla éigin ar chailíní roimh theicneolaíochtaí nua. Is cosúil gur leis na fir an réimse seo. Ag luathaois, dar liom, ní foláir dúinn iad a chur ar a suaimhneas leis na teicneolaíochtaí nua. Ar an gcaoi sin rachaidh níos mó ban leis an eolaíocht.”


Thug feisirí a gceadú sa bhliain 2015 le tuarascáil maidir le dul i ngleic leis na constaicí a bhíonn le sárú ag mná san eolaíocht. Tá an feisire Francach Michèle Rivasi de chuid na nGlasach den tuairim go gcaithfear réimse na heolaíochta a bhaineannú: ““Mar fheisire Eorpach, tá tuilleadh eolaithe mná uaim mar tá ábhair ann, maidir le fuinneamh núicléach, sláinte, an fhadhb a bhaineann le piollairí den tríú nó den gceathrú glúin, is beag bean atá agam atá in ann na fadhbanna a réiteach. Is annamh na fir a réitíonn na ceisteanna seo.


Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.

Tuilleadh faisnéise