Grafaic faisnéise: cur amú bia san Aontas Eorpach

Gach bliain cailltear nó caitear amú aon trian den bhia go léir. Sin 1.3 bhilliún tonna in aghaidh na bliana, agus táirgeann an tAontas Eorpach thart ar 88 milliún tonna den chaillteanas sin. Bíonn cur amú agus caillteanas bia ina gcúis le cur amú uisce, cré, uaireanta oibre, fuinnimh agus acmhainní luachmhara eile. Thug feisirí a gceadú an 16 Bealtaine le moltaí chun cur amú bia san Aontas Eorpach a laghdú faoina leath. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.

infographic illustration
Tuilleadh eolais faoi chur amú bia sa ghrafaic faisnéise thuas

Tarlaíonn cur amú bia ag gach céim den slabhra soláthair agus tomhaltais ar ndóigh, ach tá teaghlaigh freagrach as 53% den chur amú iomlán, agus cuirtear 19% de na caillteanais amú ag céim na próiseála. Tá an-chuid tomhaltóirí ann áfach nach bhfuil ar an eolas faoi cé chomh tromchúiseach agus atá an fhadhb.


Dar le suirbhé Eorabharaiméadair ón mbliain 2015, déanann triúr Eorpach as seisear seic i gcónaí ar na lipéid “dáta faoinar cheart a úsáid” agus “dáta ar fearr roimhe”. Ach ní thuigeann tromlach na dtomhaltóirí an fhíorbhrí a bhaineann leis na lipéid. (Níl sé sábháilte táirge a ithe má tá an “dáta faoinar cheart a úsáid” éagtha. Ar an lámh eile, tá sé sábháilte táirge a ithe má tá an “dáta ar fearr roimhe” éagtha ach tá seans ann nach mbeidh sé i mbláth a mhaitheasa.)


De réir fhigiúirí Fhoras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, tá cur amú bia ina chúis le thart ar 8% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an domhain. As gach cileagram bia a tháirgtear, astaítear 4.5 kg CO2 san atmaisféar.


Le thart ar 793 milliún duine ar domhan ag fulaingt de bharr míchothú, is ceist eitice é an cur amú bia chomh maith. De réir staitisticí Eurostat ón mbliain 2014, san Aontas Eorpach ní raibh sé ar acmhainn do dhuine amháin as deichniúr béile d’ardchaighdeán a fháil gach dara lá.


Ról na Parlaiminte


Thug feisirí an choiste um an gcomhshaol a gceadú an 11 Aibreán le tuarascáil an fheisire Biljana Borzan (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Chróit) ina n-éilítear ar an Aontas Eorpach agus ar na ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí cur amú bia a laghdú. Cuirtear in iúl sa tuarascáil gur chóir cur amú bia san Aontas Eorpach a laghdú 30% faoi 2025 agus faoina leath faoi 2030 (i gcomparáid le leibhéil 2014).


Rinneadh na moltaí a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh an 15 Bealtaine agus ansin thug tromlach mór fheisirí na Parlaiminte a gceadú leo i vóta iomlánach an 16 Bealtaine. Vótáil 623 feisire 'Tá', 33 'Níl' agus staon 20 feisire ón vóta.


Ag labhairt di roimh an vóta sa choiste an mhí seo caite, dúirt Borzan: “Mar cheann de na réigiúin is saibhre agus is rathúla ar domhan, tá sé de dhualgas morálta agus polaitiúil orainne san Aontas Eorpach cur amú bia a laghdú. Meastar go gcuirtear 88 milliún tonna de bhia amú san Aontas Eorpach gach bliain, nó thart ar 173kg in aghaidh an duine. Agus 20% den bhia a tháirgtear san Aontas Eorpach á chur amú nó á chailleadh, tá 55 mhilliún duine ann nach bhfuil sé ar a n-acmhainn béile maith a fháil gach dara lá. Tá sé seo mímhorálta agus neamh-inbhuanaithe.”


Tá roinnt moltaí ann sa tuarascáil freisin i dtaca le tabhartais bhia a éascú agus conas deireadh a chur leis an mearbhall a bhíonn ar thomhaltóirí de bharr lipéadaithe. Rinne Biljana Borzan moltaí na Parlaiminte a phlé in agallamh beo ar Facebook an 16 Bealtaine.


Cliceáil anseo chun súil siar a chaitheamh ar an díospóireacht an 15 Bealtaine.