Athrú aeráide: ról na bhforaoisí i gcúiteamh carbóin

Mar ionsúnn siad CO₂, tá ról tábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide agus tá AE ag iarraidh a chinntiú go gcaomhnaítear iad. Tuilleadh sna grafaicí faisnéise.

>
Tá 43% d’achar dromchla an Aontais Eorpaigh cumhdaithe le foraoisí

Tá 43% d’achar dromchla an Aontais Eorpaigh cumhdaithe le foraoisí. A mhéid a bhaineann le cumhdach foraoise áfach, tá difríochtaí ollmhóra ann idir na ballstáit. Tá 70% d’fhoraoisí an Aontais ar fáil sna ballstáit seo amháin: an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Pholainn, an Spáinn agus an tSualainn. Ag bun na sraithe ó thaobh foraoisí de, tá Éire (11%), an Ísiltír (9%) agus Málta (0%). Tá 70% den tSualainn agus 68% den Fhionlainn cumhdaithe le foraoisí. Caith súil ar an ngrafaic faisnéise thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.

 

An tábhacht a bhaineann le foraoisí

 

Tá ról ríthábhachtach ag foraoisí i gcaomhnú an éiceachórais, trí dé-ocsaíd charbóin ón atmaisféar a ionsú mar shampla. Cosnaíonn foraoisí an chré ó thionchar an ithirchreimthe, tá ról acu ó thaobh thimthriall an uisce de, agus is gnáthóg iad do go leor speiceas. Tá ról tábhachtach ag foraoisí chomh maith sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide. Is féidir le hithreacha, le plandaí, le crainn agus leis an ábhar orgánach a thagann uathu stoic mhóra charbóin a ghabháil agus a stóráil.

 

Mar gur ollmhór an acmhainneacht atá ag foraoisí agus tailte na hEorpa i maolú thionchar an athraithe aeráide, tá an tAontas Eorpach i mbun oibre ar reachtaíocht faoi láthair chun ár n-acmhainní glasa a chosaint agus a bhainistiú níos fearr, rud a bheidh ina chuidiú chun na gealltanais a thugamar i gComhaontú Pháras a chomhlíonadh.

infographic illustration
Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil tionchar ag an dífhoraoisiú ar astaíochtaí

An earnáil LULUCF?

 

Tháinig feisirí Eorpacha agus ionadaithe rialtais na mballstát sa Chomhairle ar chomhaontú an 14 Nollaig 2017 maidir le talamhúsáid, athrú ar thalamhúsáid agus foraoiseacht (LULUCF).

 

Cumhdaítear leis an earnáil LULUCF úsáid ithreacha, crann, plandaí, bithmhaise agus adhmaid agus tá tréith ar leith ag an earnáil sin, ní hamháin go n-astaíonn sí CO₂ ach go n-ionsúnn sí an gás céanna, atá ar cheann de na gáis cheaptha teasa. Astaítear gáis cheaptha teasa san earnáil seo mar gheall ar athruithe ar thalamhúsáid (ó fhoraoisí go talamh curaíochta mar shampla), dífhoraoisiú nó beostoc (ba, cuir i gcás).

 

Ar an taobh eile den scéal, ionsúnn foraoisí an Aontais méid CO₂ ar ionann é agus 8.9% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais.

>
Tá feisirí ag iarraidh iallach a chur ar bhallstát AE astaíochtaí de thoradh talamhúsáide a chúiteamh

Na moltaí

 

Thug feisirí na Parlaiminte a gceadú an 17 Aibreán 2018 leis an reachtaíocht maidir le LULUCF. Vótáil 574 feisire 'tá', 79 'níl' agus staon 32 feisire ón vóta. Ba é an feisire Norbert Lins (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Ghearmáin) a bhí i gceannas ar stiúradh na reachtaíochta tríd an bParlaimint.

 

Is féidir le gníomhaíochtaí amhail dífhoraoisiú, treabhadh agus draenáil gáis cheaptha teasa a ligean amach san atmaisféar nuair a chuirtear isteach ar na stoic charbóin a stóráiltear i bhforaoisí agus san ithir. Mar sin, tá feisirí Eorpacha tar éis a chinntiú nach mbeidh tionchar ag an dífhoraoisiú ar astaíochtaí, agus tá siad chun iallach a chur ar gach ballstát AE astaíochtaí de thoradh talamhúsáide nó dífhoraoisithe a chúiteamh.

 

Beidh ballstáit in ann tuilleadh ionsú carbóin a chruthú tríd an bhforaoisiú agus trí mhaoirseacht níos fearr a dhéanamh ar fhoraoisí. Faoin reachtaíocht atá ceadaithe ag feisirí Eorpacha, beidh creat dlíthiúil ann don tréimhse tar éis 2021.

 

Tar éis d’fheisirí Eorpacha a gceadú a thabhairt leis na moltaí an 17 Aibreán 2018, ní mór don Chomhairle iad a cheadú go foirmiúil anois.

 

Iarrachtaí AE i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

 

Is cuid é an togra seo i dtaca le dul i ngleic le tionchar an dífhoraoisithe de mholtaí an Aontais chun gealltanais chomhaontú aeráide Pháras a chomhlíonadh. Le comhaontú Pháras, táthar ag iarraidh an mheánteocht dhomhanda a choimeád go mór faoi bhun 2°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40% faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Is iad na moltaí eile atá ann ná an t-athbhreithniú ar an gcóras trádála astaíochtaí agus an rialachán maidir le comhroinnt díchill.


Ghlac feisirí a seasamh maidir leis an Straitéis Foraoise AE an 8 Deireadh Fómhair 2020. Aithníonn feisirí buntáistí aeráide riachtanacha na bhforaoisí agus na hearnála foraoisbhunaithe, agus go gcaithfear inbhuanaitheacht comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch a chothú ar bhealach tomhaiste maidir le foraoisí agus le bainistíocht na bhforaoisí.

 

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi ról na Parlaiminte sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide.