An coiste comhshaoil: gá le toirmeasc domhanda ar thástáil cosmaidí ar ainmhithe

Tá cosc ar thástáil cosmaidí ar ainmhithe san Aontas Eorpach, ach tá an cleachtas fós ceadaithe sa chuid is mó de thíortha an domhain. Tá feisirí na Parlaiminte ag iarraidh é sin a athrú.

Tá tástáil ainmhithe fós an-fhorleathan ar fud an domhain

Ainneoin go bhfuil cosc iomlán ar thástáil cosmaidí ar ainmhithe san Aontas Eorpach, tá an cleachtas ceadaithe i bhformhór (80%) thíortha an domhain. I vóta sa choiste comhshaoil an 20 Feabhra d’éiligh feisirí go gcuirfí cosc domhanda i bhfeidhm faoi 2023. Anois cuirfear rún an choiste chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh a bheidh ar siúl in Strasbourg an 12-15 Márta.

 

Cosc an Aontais Eorpaigh

 

Ón mbliain 2004, tá toirmeasc ar thástáil ar ainmhithe san Aontas Eorpach i gcomhair críochtháirgí cosmaideacha. Tá cosc AE i bhfeidhm ar chomhábhair cosmaidí ó 2009; sa bhliain chéanna cuireadh cosc AE ar mhargaíocht cosmaidí ina bhfuil comhábhair a tástáladh ar ainmhithe iad. I gcás na dtrialacha is casta (ar mhaithe le sláinte an phobail), cuireadh lánchosc margaíochta i bhfeidhm sa bhliain 2013.

 

In ainneoin chosc an Aontais Eorpaigh, tá tástáil cosmaidí ar ainmhithe fós ceadaithe i bhformhór mór thíortha an domhain. Cosúil le tíortha AE, tá tástáil cosmaidí ar ainmhithe coiscthe san Eilvéis, i Guatamala, san Iorua, san Íoslainn, in Iosrael, san India, sa Nua-Shéalainn, sa tSeirbia agus sa Tuirc.

 

Is í an Eoraip an margadh is mó ar domhan ó thaobh cosmaidí de, agus tá thart ar dhá mhilliún duine fostaithe san earnáil san Eoraip. Úsáideann tomhaltóirí ar a laghad seacht cosmaidí ar bhonn laethúil. D'fhéadfaí na nithe seo a leanas a áireamh mar shamplaí tipiciúla de tháirgí cosmaideacha: lóiseanna, aghaidhmhascanna, gallúnacha, táirgí glantacha gruaige, táirgí gruagaireachta, smideadh agus táirgí dísmidte agus táirgí cúraim fiacla. Le reachtaíocht AE, déantar leibhéal ard cosanta do shláinte an duine a áirithiú chomh maith le cosaint ainmhithe a chur san áireamh.

 

‘Is mithid anois beart a dhéanamh’

 

Sa rún a cuireadh chun vóta sa choiste comhshaoil an 20 Feabhra, éilíonn feisirí ar an Aontas Eorpach iarracht taidhleoireachta a thosnú agus cosc domhanda a mholadh laistigh de chreatlach na Náisiún Aontaithe, agus a áirithiú nach lagófar cosc reatha an Aontais mar gheall ar chomhchainteanna trádála nó rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála.

 

Ag labhairt di tar éis vóta an choiste, dúirt an feisire Miriam Dalli de chuid Pháirtí an Phobail Eorpaigh: “Creidim gur léirigh an tAontas cheana go mbaineann éifeachtacht le cosc agus is mithid anois beart a dhéanamh. Is gá a chinntiú nach san Aontas Eorpach amháin a bheidh an cosc domhanda ach ar fud an domhain.”

 

Cuirtear in iúl freisin i rún an choiste nár cuireadh bac ar fhorbairt earnáil na gcosmaidí de bharr chosc an Aontais Eorpaigh, agus bhí cuideachtaí in ann dul le modhanna tástála eile. De réir suirbhé ó Mhárta 2016, tá 89% de shaoránaigh AE ag iarraidh go ndéanfadh an tAontas níos mó chun cosaint ainmhithe a chur chun cinn ar fud na cruinne.

 

An chéad chéim eile

 

Déanfar rún an choiste a phlé agus cuirfear chun vóta é le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg an mhí seo chugainn.