Grafaic faisnéise: astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach

Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim faoi astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach agus faoi na hastaírí is mó ar domhan.

Cuireann astaíochtaí gás ceaptha teasa leis an athrú aeráide. Cé hiad na hastaírí is mó? Céard iad na hearnálacha a ghineann na hastaíochtaí is mó?

Astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE gach bliain

Greenhouse gas emissions produced in the EU and the share of various gases
GA-GHG-v2-01

Mar a léirítear sa ghrafaic fhaisnéise thíos, tá dé-ocsaíd charbóin sa chéad áit ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa de. Cuirtear amach é go minic mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna. Astaítear gáis cheaptha teasa eile i gcainníochtaí níos lú – I gcomparáid le dé-ocsaíd charbóin, ceapann na gáis seo teas ar bhonn i bhfad níos éifeachtaí. Tá meatán, mar shampla, 80 uaire níos cumhachtaí ná CO2 thar thréimhse 20 bliain.


Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi bhearta AE chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.



Astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach: earnálacha

Greenhouse gases emissions by sector in the EU
GA-GHG-v2-02

Dar leis an séú tuarascáil mheasúnachta de chuid an Phainéil Idir-Rialtais ar an Athrú Aeráide, tá astaíochtaí gas ceaptha teasa mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna bainte le thart ar 1.1°C téamh domhanda ó thús an 20ú haoise. I measc na ngníomhaíochtaí seo ná dó guail, ola agus gáis, an dífhóraoisiú agus an fheirmeoireacht.


Léirítear sna grafaicí thuas astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE sa bhliain 2019 roinnte de réir bpríomh-earnálacha foinse. Tá an fuinneamh bainte le 77.01% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa sa bhliain 2019, agus tá an tionscal iompair bainte leis an tríú chuid de sin. Tá an fheirmeoireacht fhreagrach as 10.55% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, bhain próiseanna tionsclaíocha úsáid sa 9.10% agus bhain úsáid bainistíocht dramhaíola as 3.32%.



Astaíochtaí gás ceaptha teasa san AE agus timpeall an domhain

Total greenhouse gases emissions per EU country
GA-GHG-v2-03

Léirítear sna grafaicí thíos líon iomlán na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i mballstáit uile an Aontais sa bhliain 2019 chomh maith leis na hastaírí is mó ar domhan sa bhliain 2015. Tá an tAontas Eorpach sa tríú háit ar domhan a mhéid a bhaineann le hastaíochtaí (tar éis na Síne agus na Stát Aontaithe).


Fanann gáis cheaptha teasa san atmaisféar ar feadh roinnt blianta nó na mílte bliain fiú. Mar sin, beag beann ar an áit ar astaíodh iad ar an gcéad dul síos, tá tionchar domhanda acu.

infographic on greenhouse gas emissions
Na hastaírí is mó ar domhan

Céard is gáis ceaptha teasa iontu?

  • Is gáis san atmaisféar iad gáis ceaptha teasa a fheidhmíonn cosúil le gloine i dteach gloine: glacann siad fuinneamh agus teas gréine isteach a radaítear ó dhromchla an domhan, ceaptar iad san atmaisféar agus coisctear orthu imeacht amach sa spás.
  • Is é an próiseas seo an phríomhchúis atá leis an iarmhairt cheaptha teasa, rud a choimeádann teocht an domhain níos airde ná mar a bheadh seachas sin.
  • Is iomaí gás ceaptha teasa atá ann san atmaisféar ó nádúr, ach tá an gníomhaíocht daonna freagracht as cuid ollmhór de, a chuireann leis an iarmhairt cheaptha teasa, rud atá bainte leis an téamh domhanda.

Tuilleadh faisnéise