Astaíochtaí carbóin a laghdú: spriocanna agus bearta an Aontais Eorpaigh

Caith súil ar an alt seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi spriocanna an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus athrú aeráide a chomhrac.

Deatach ag teacht amach ó shimléir. ©AP Images/European Union-EP
Tá feisirí Eorpacha ag obair ar thograí uaillmhianacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú ©AP Images/EU-EP

D’fhonn athrú aeráide a chomhrac, tá sé geallta ag an Aontas Eorpach go mbainfear aeráidneodracht amach faoi 2050. Beidh an sprioc seo agus sprioc sealadach d’astaíochtaí faoi 2030 ceangailteach de réir dlí má thagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an Dlí Aeráide Eorpach.

Tá an Dlí Aeráide mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip, plean an Aontais le haghaidh aeráidneodrachta. Ghlac feisirí – atá ag éileamh tuilleadh uaillmhéine ón Aontas maidir lena spriocanna aeráide le fada – a seasamh maidir leis an reachtaíocht nua an 7 Deireadh Fómhair 2020.

Cliceáil anseo chun tuilleadh a fhoghlaim faoi spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh.

Chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach, tá feisirí Eorpacha ag obair faoi láthair ar thograí uaillmhianacha chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú

Trádáil astaíochtaí

 

Cuireadh scéim AE maidir le trádáil astaíochtaí ar bun siar sa bhliain 2005 chun laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa a chur chun cinn ar bhealach a bheadh cost-éifeachtach agus éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de. Leis an scéim seo déantar méid na ngás ceaptha teasa is féidir le gach tionscal, táirgeoir cumhachta agus aerlíne a shrianadh.

Mar chuid den scéim, cuirtear iallach ar níos mó ná 11,000 stáisiún cumhachta agus monarcha lamháltas a bheith acu i gcomhair gach tona CO2 a astaíonn siad. Ceannaíonn comhlachtaí na lamháltais seo ar ceant. Leis an scéim, cuimsítear thart ar 45% d'astaíochtaí gas ceaptha teasa an Aontais, agus ní mór do na hearnálacha a thagann faoi scáth na scéime a gcuid astaíochtaí a laghdú 43%, i gcomparáid le 2005.

Tuilleadh faisnéise ar fáil anseo faoin athchóiriú ar scéim an Aontais maidir le trádáil astaíochtaí.

Comhroinnt díchill


Leis an rialachán maidir le comhroinnt díchill leagtar amach spriocanna atá ceangailteach do laghdú astaíochtaí in earnálacha nach dtagann faoi raon feidhme na scéime i ndáil le trádáil astaíochtaí. Tá tionchar ag an rialachán ar na hearnálacha iompair (seachas eitlíocht agus loingseoireacht idirnáisiúnta), talmhaíochta, tógála agus dramhaíola go príomha. Sna hearnálacha sin, caithfear astaíochtaí gas ceaptha teasa a laghdú 30% faoi 2030 le hais leibhéil 2005. Is as na hearnálacha sin a eascraíonn beagnach 60% d’astaíochtaí an Aontais. Déantar na spriocanna naisiúnta a ríomh ar bhonn olltáirgeachta intíre na mballstát ó 0% go 40% faoi bhun leibhéil 2005.

Tuilleadh faisnéise ar fáil anseo faoin rialachán maidir le comhroinnt díchill agus faoi spriocanna na mballstát.

Ról na bhforaoisí

Tá ról tábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne athrú na haeráide freisin agus tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú go gcaomhnaítear iad. Is féidir le gníomhaíochtaí amhail dífhoraoisiú, treabhadh agus draenáil gáis cheaptha teasa a ligean amach san atmaisféar nuair a chuirtear isteach ar na stoic charbóin a stóráiltear i bhforaoisí agus san ithir. Mar sin, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh a chinntiú nach bhfuil tionchar ag an dífhoraoisiú ar astaíochtaí, agus ba chóir, dar leo, iallach a chur ar gach ballstát AE astaíochtaí de thoradh talamhúsáide a chúiteamh.

Tuilleadh faisnéise ar fáil anseo faoi ról na bhforaoisí i gcúiteamh carbóin.

Astaíochtaí ó ghluaisteáin


Faoi rialacha a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 27 Márta 2019, beidh caighdeáin níos déine ann maidir le hastaíochtaí CO2 do charranna nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. Laghdófar astaíochtaí ó ghluaisteáin nua 37.5% faoi 2030, le hais leibhéil 2021. Ó 2030 i leith, beidh ar veaineanna nua 31% níos lú astaíochtaí a bheith uathu i gcomparáid le 2021.


I vóta eile an 18 Aibreán, thug feisirí Eorpacha a gceadú le moladh i dtaca le hastaíochtaí CO2 ó leoraithe nua a laghdú 30% faoi 2030 le hais leibhéil 2019.


Níos lú fuinnimh a úsáid


I mí Iúil 2023, thacaigh an Pharlaimint le rialacha nua chun níos mó fuinneamh a chaomhnú. Ní mór do thíortha AE deimhin a dhéanamh de go dtiocfaidh laghdú 11.7% ar thomhaltas fuinnimh ag leibhéal AE faoin mbliain 2030 (i gcomparáid le meastacháin 2020 maidir le tomhaltas fuinnimh i 2030). Táthar ag súil le coigilt fuinnimh bhliantúil ó thíortha AE de 1.5% tríd is tríd faoin mbliain 2030.

Is ionann 40% de thomhaltas fuinnimh san AE agus costasaí bainteach le foirgnimh a théamh agus a fhuarú. Tá rialacha nua á chruthú ag an bParlaimint dul i ngleic le tomhaltas fuinnimh a chuid foirgneamh, is éard is aidhm acu ná go mbeidh na foirgnimh uilig saor ó astaíochtaí faoin mbliain 2050. I measc na rialacha, tá:

  • stráitéisí athchóirithe
  • dualgas ar fhoirgnimh nua san AE astaíochtaí ar bith a tháirgeadh faoin mbliain 2030
  • grianphainéil ar fhoirgnimh nua


Breisléitheoireachta maidir le plean AE a thomhaltas fuinnimh a laghdú



Leas níos mó a bhaint as fuinneamh in-athnuaite


Le foinsí fuinnimh glana in úsáid in ionad breoslaí iontaise, beidh AE in ann astaíochtaí a laghdú. Faoi láthair, is ó fhoinsí in-athnuaite a dtagann 20% den fhuinneamh a úsáidtear san AE.

I mí na Nollag 2022, d’éiligh feisirí go gcuirfear níos mó ceadanna amach do stáisiúin cumhachta a n-úsáideann fuinneamh in-athnuaite, grianphainéil agus muilte gaoithe san áireamh.

Teastaíonn ó fheisirí go n-úsáidtear níos mó fhoinsí in-athnuaite nach bhfuil baint acu le gaoth go hiondúil, mar shampla cumhacht ó bhaintear ó thonnta. Tá deireadh á chur le maoiniú AE do thionscadail bhonneagair a dtógtar le gás nádúrtha – úsáidtear an t-airgead anois do fhuinneamh inathnuaite easchósta agus do fhoinsí bainteach le hidrigin.

I mí Mheán Fómhair 2023, thacaigh an Pharlaimint le beartas chun fuinneamh in-athnuaite a sholáthar ag luas níos tapúla. Is i bpáirt leis an gComhaontú Glas agus gearradh siar ar thomhaltas fuinneamh Rúiseach atá an beartas seo ag teacht i bhfeidhm. Is éard is aidhm ag na rialacha nua ná sciar an fhuinnimh in-athnuaite i dtomhaltas fuinnimh AE a mhéadú go 42.5% faoin mbliain 2030. Ní mór do thíortha AE sciar 45% den fhuinneamh seo a lorg.



Breiseolas faoin méid atá á dhéanamh ag AE borradh a chur faoin bhfuinneamh in-athnuaite.