Bainistiú inbhuanaithe dramhaíola: cad atá á dhéanamh ag AE ina thaobh?

Foghlaim conas a dhéanann na hEorpaigh a gcuid dramhaíola a bhainistiú agus na bearta atá ag AE chun cleachtais a chur chun cinn nach ndéanfaidh dochar don chomhshaol.

Gintear 2.1 billiún tonna dramhaíola san Aontas gach bliain. Léiríonn sonraí go bhfuil éagsúlacht mhór idir an méid dramhaíola agus an tslí go ndéantar í a bhainistiú ar fud thíortha an Aontais ach tá athrú tagtha air ó thaobh níos mó athchúrsála agus níos lú líonadh talún.


Chun dramhaíl agus a tionchar ar an gcomhshaol a laghdú, tá spriocanna uaillmhianacha glactha ag an Aontas ó thaobh athchúrsáil agus líonadh talún, agus tá sé ag obair ar dhramhaíl pacáistithe. Is é an sprioc an t-aistriú i dtreo múnla níos inbhuanaithe ar a dtugtar an geilleagar ciorclach a chur chun cinn.


Léigh níos mó mar gheall ar
bheartais an Aontais chun go mbeidh sé ina gheilleagar ciorclach faoi 2050

Cleachtais bhainistíocht dramhaíola i dtíortha an Aontais

 

Tá an tAontas Eorpach ag iarraidh feabhas a chur ar an mbealach a ndéantar dramhaíl a bhainistiú, agus ábhar luachmhar atá sa dramhaíl a athúsáid. I gcásanna nach féidir é seo a dhéanamh, is fearr go mór dramhaíl a athchúrsáil (nó múirín a dhéanamh de), nó fiú fuinneamh a ghiniúint leis. An rogha is measa don chomhshaol agus do shláinte an duine ná talamh á líonadh le dramhaíl, rud a dhéanann uisce dromchla, screamhuisce, an ithir agus an t-aer a thruailliú. Ar ndóigh áfach, is é an líonadh talún an réiteach is saoire. Tá feabhas tagtha ar an mbealach a dhéanann muid dramhaíl a bhainistiú. fiú má tá méadú tagtha ar an líon dramhaíola a ghintear in aghaidh an duine. Déantar níos mó athchúrsála agus múirínithe ná mar a rinneadh roimhe, agus feictear níos lú láithreán líonta talún ar an iomlán.

60%

Líon na dramhaíola a bhailítear ar bhunús laethúil agus a dhéantar cóireáil uirthi a chaithfear a athúsáid nó a athchúrsáil faoin mbliain 2030 de réir spriocanna an Aontais Eorpaigh

I gcomhréir le Treoir an Aontais i gcás Líonadh Talún, ní mór do thíortha an Aontais an méid dramhaíola cathrach a chuirtear chun líonadh talún a laghdú go 10% nó níos lú den dramhaíl chathrach iomlán a ghintear faoi 2035.

Easpórtáil dramhaíola lasmuigh den Aontas

Grafaic eolais a thaispeánann na príomhchinn scríbe do dhramhaíl ón Aontas. Is í an Tuirc an príomhcheann scríbe le 12.4 milliún tona de dhramhaíl AE seolta chuici in 2022
Grafaic eolais a thaispeánann an líon dramhaíola a easpórtáiltear ón Aontas Eorpach

Déanann an tAontas Eorpach cuid dá dhramhaíl a easpórtáil chomh maith. Rinneadh 32.1 milliún tona de dhramhaíl an Aontais a easpórtáil chuig tíortha neamh-AE in 2022 - seo méadú de 3% ar fhigiúirí 2021.


Is ionann formhór na dramhaíola a easpórtáiltear lasmuigh den Aontas (55%) agus miotail fheiriúla (iarann agus cruach), a théann chun na Tuirce den chuid is mó. Ina theannta sin, rinne AE an-chuid dá dhramhpháipéar a easpórtáil (15%), leis an Ind ag glacadh leis an sciar is mó dó.


Chuaigh 39% de dhramhaíl an Aontais chun na Tuirce in 2022 (12.4 milliún tona), leis an Ind (3.5 milliún tona), an Ríocht Aontaithe (2.0 milliún tona), an Eilvéis (1.6 milliún tona) agus an Iorua (1.6 milliún tona) ag teacht ina dhiaidh.


Teastaíonn ón Aontas easpórtálacha neamhdhleathacha a chomhrac agus cinnte a dhéanamh de go ndéantar bainistíocht ar dhramhaíl i mbealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol sna tíortha cinn scríbe. Thug feisirí a gceadú le rialacha níos doichte do sheoladh dramhaíola chuig tíortha neamh-AE i bhFeabhra 2024. Cuirfear cosc ar easpórtálacha earraí plaisteacha chuig tíortha neamh-OECD (tíortha nach bhfuil mar bhaill den Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta). Ina theannta sin, beidh coinníollacha níos doichte ann i gcás easpórtalacha chuig tíortha OECD. Ní cheadmhach dramhaíl a sheoladh chuig tíortha eile san Aontas ach amháin i gcásanna eisceachtúla.


Obair na Parlaiminte chun geilleagar ciorclach a bhaint amach


I nDeireadh Fómhair 2022, d’fhormheas an Pharlaimint athbhreithniú ar rialacha i dtaobh truailleáin orgánacha mharthanacha chun méid na gceimiceán contúirteacha i bpróisis dramhaíola agus táirgthe a laghdú. Leis na rialacha nua, tabharfar isteach teorainneacha níos déine, coiscfear ceimiceáin áirithe agus coinneofar truailleáin ó athchúrsáil.


I bhFeabhra 2021, ghlac an Pharlaimint rún i dtaobh an phlean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach a éilíonn bearta breise chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, saor ó thocsain agus ciorclach go hiomlán a bhaint amach faoi 2050, lena n-áirítear rialacha athchúrsála níos déine agus spriocanna ceangailteacha i gcás úsáid agus tomhaltas ábhar faoi 2030.


Ghlac an Pharlaimint a seasamh caibidlíochta maidir le leasuithe ar rialacha AE faoin bpacáistíocht agus an dramhaíl uaithi i Samhain 2023. Sprioc de chuid na bhfeisirí ná cosc iomlán a chur ar dhíolachán málaí plaisteacha atá an-éadrom, spriocanna faoi leith a leagadh amach chun pacáistíocht phlaisteach a laghdú, spreagadh a thabhairt do dhaoine roghanna athúsáide agus athlíonadh a phiocadh agus cosc a chur ar úsáid truailleáin mharthanacha i bpacáistíocht bhia.

Breis fíricí agus figiúirí agus grafaic eolais mar gheall ar dhramhaíl