Dramhaíl phlaisteach san Eoraip: cosc faoi 2020 ar mhicreaphlaistigh

Faoi 2030, ba chóir go mbeifí in ann an phacáistíocht phlaisteach ar fad a tháirgtear in AE a athúsáid nó a athchúrsáil. Cuirfear na pleananna chun vóta sa Pharlaimint an 13 Meán Fómhair.
Déantar níos lú ná 30% den 26 milliún tona de dhramhaíl phlaisteach a tháirgtear gach bliain san Aontas Eorpach a bhailiú agus a athúsáid. Cuirtear an méid dramhaíola atá fágtha i láithreáin líonta talún, loisctear é, nó - níos measa fós - ní bhailítear ar chor ar bith é agus críochnaíonn sé i bhforaoisí, ar thránna, in aibhneacha nó san fharraige. Faoi láthair tá dramhaíl phlaisteach freagrach as 80% de bhruscar muirí.
Chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo, d’fhógair an Coimisiún Eorpach straitéis i mí Eanáir maidir le dramhaíl phlaisteach. Ba chóir dó na bunriachtanais a bhaineann le pacáistíocht phlaisteach a athbhreithniú lena chinntiú go mbeifear in ann an phacáistíocht phlaisteach ar fad a tháirgtear san Aontas Eorpach a athúsáid nó a athchúrsáil faoi 2030. Táthar ag iarraidh freisin úsáid as plaistigh aonúsáide agus micreaphlaistigh a laghdú
Cuirfear tuarascáil an choiste comhshaoil chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg an 13 Meán Fómhair. Sa tuarascáil, cuireann feisirí fáilte roimh phleananna an Choimisiúin. Cuirtear in iúl sa tuarascáil gur chóir cosc a chur faoi 2020 ar mhicreaphlaistigh i gcosmaidí, glantaigh, earraí glantacháin agus in earraí cúraim phearsanta.
Is é an feisire Beilgeach Mark Demesmaeker a chuir tuarascáil an choiste comhshaoil le chéile. Ag labhairt dó roimh an vóta iomlánach, dúirt sé: "Go nuige seo tá ár bhfadhb maidir le dramhaíl phlaisteach á seachfhoinsiú againn chuig tíortha amhail an tSín agus le déanaí tá an tSín tar éis cosc iomlán a chur ar phlaistigh dhramhaíola ón Aontas Eorpach a allmhairiú. Mar sin is gá beart a dhéanamh anois, is gá dúinn a bheith nuálach agus infheistíocht a dhéanamh.”
Meastar go gcuirfear rún maidir le cosc ar phlaistigh aonúsáide áirithe (sceanra, plátaí nó soip) chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh i mí Dheireadh Fómhair.