Vóta iomlánach: spriocanna nua CO2 d’earnáil na ngluaisteán

Le linn an tseisiúin iomlánaigh an 3 D. Fómhair, cuireadh chun vóta moltaí an choiste comhshaoil i dtaca le hastaíochtaí ó ghluaisteáin a laghdú agus líon na ngluaisteán leictreach a mhéadú.

Blurred silhouettes of cars surrounded by steam from the exhaust. ©APimages/European Union-EP
Tá feisirí an choiste um an gcomhshaol ag iarraidh astaíochtaí ó ghluaisteáin a laghdú 20% faoi 2025 © APimages/European Union-EP

Is as gluaisteáin agus veaineanna a thagann thart ar 15% d’astaíochtaí CO2 an Aontais Eorpaigh, agus de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, sa bhliain 2015 bhí na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ó iompar de bhóthar 19% os cionn leibhéil na bliana 1990.


Chun go mbainfear cuspóirí aeráide an Aontais don bhliain 2030 amach, tá feisirí an choiste um an gcomhshaol ag iarraidh astaíochtaí ó ghluaisteáin a laghdú 20% faoi 2025 agus 45% faoi 2030, le hais leibhéil 2021. (Mhol an Coimisiún Eorpach gur chóir iad a laghdú 15% faoi 2025 agus 30% faoi 2030.)

15%

Is as gluaisteáin agus veaineanna a thagann thart ar 15% d’astaíochtaí CO2 AE

Ón mbliain 2030 ar aghaidh, tá feisirí an choiste um an gcomhshaol den tuairim gur chóir gur gluaisteáin hibrideacha, leictreacha a bheidh in 40% de na gluaisteáin nua ar mhargadh an Aontais Eorpaigh. Fágfaidh seo go mbeidh tomhaltóirí na hEorpa in ann a mbillí breosla a laghdú. Tá siad ag iarraidh freisin go dtabharfaí bearta Eorpacha isteach chun athrú thionscal na ngluaisteán go gluaisteáin níos glaine a éascú.


De réir fhigiúirí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, tá borradh ag teacht faoi líon na ngluaisteán leictreach ar na bóithre, ach ní hionann iad ach níos lú ná 1.5% de chlárúcháin nua san Aontas. Thug feisirí a gceadú leis na moltaí i vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg an 3 Deireadh Fómhair.

Faoi na rialacha a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 27 Márta, beidh caighdeáin níos déine ann maidir le hastaíochtaí CO2 do charranna nua paisinéirí agus d'fheithiclí tráchtála éadroma nua. I vóta eile an 18 Aibreán, thug feisirí Eorpacha a gceadú le moladh i dtaca le hastaíochtaí CO2 ó leoraithe nua a laghdú 30% faoi 2030 le hais leibhéil 2019.


Laghdófar astaíochtaí ó ghluaisteáin nua 37.5% faoi 2030, le hais leibhéil 2021. Ó 2030 i leith, beidh ar veaineanna nua 31% níos lú astaíochtaí a bheith uathu i gcomparáid le 2021.

Tuilleadh faisnéise