Plaisteach san aigéan: na fíricí, an drochthionchar agus rialacha nua AE

Caith súil ar ár ngrafaicí faisnéise chun tuilleadh eolais a fháil faoi thionchar an phlaistigh ar an aigéan chomh maith le bearta an Aontais Eorpaigh chun bruscar muirí a laghdú.

Plastic carrier bags and other garbage pollution in ocean
Ní hamháin go salaíonn plaisteach cladaí an domhain ach gortaíonn sé ainmhithe mara chomh maith ©AP Images/EU-EP

Tá a rian de chultúr na bplaisteach aonúsáide, indiúscartha le feiceáil ar chladaí agus i bhfarraigí ar fud an domhain. Dar le meastachán amháin, ó thaobh meáchain de, d’fhéadfaí go mbeadh níos mó plaistigh ná éisc sna farraigí faoin mbliain 2050.


Le linn an tseisiúin iomlánaigh an 24 Deireadh Fómhair, thug feisirí Eorpacha a gceadú le rialacha nua a bhfuil sé mar aidhm acu dul i ngleic leis na hearraí plaisteacha aonúsáide is mó a aimsítear ar chladaí na hEorpa agus le trealamh iascaireachta a théann ar strae. Is ionann an dá ghrúpa seo agus 70% den bhruscar muirí ar fad.


Ní hamháin go salaíonn plaisteach cladaí an domhain, ach gortaíonn sé ainmhithe mara a théann i bhfostú i bplaistigh mhóra agus a hionghabhann plaistigh bheaga, rud a fhágann go dtarraingítear truailleáin cheimiceacha nimhiúla dá gcuid orgán.

Single Use Plastic
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá caithníní plaisteacha ar fáil sa bhiashlabhra agus ní heol dúinn cé chomh díobhálach é an tionchar a bhíonn acu ar an tsláinte. Bíonn bruscar muirí ina chúis le caillteanais eacnamaíocha do phobail mhara agus do mhonaróirí chomh maith, agus ní fhanann ach 5% de luach na pacáistíochta plaistí sa gheilleagar, rud a léiríonn nach mór réiteach ciorclach a bheith ann.


Is é an bealach is éifeachtaí le dul i ngleic leis seo ar fad ná méid na bplaisteach a chríochnaíonn san fharraige a laghdú. Is iad plaistigh aonusáide an cineál dramhaíola is mó a aimsítear ar chladaí, áirítear leis sin sceanra plaisteach, buidéil phlaisteacha, bunanna toitín agus baitíní cadáis mar shampla.


Moltaí na bhfeisirí


Moltar cosc iomlán a chur ar earraí plaisteacha aonúsáide ar a bhfuil roghanna eile déanta as ábhair dhifriúla ar fáil cheana féin: baitíní cadáis, sceanra, plátaí, soip, agus maidí balún, cuir i gcás.

Single Use Plastic
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Maidir le hearraí eile, tá feisirí Eorpacha ag moladh go mbeadh spriocanna ann chun úsáid as cupáin phlaisteacha agus coimeádáin le haghaidh bia a laghdú. Cuirfear iallach ar mhonaróirí earraí eile (clúdaigh, scagairí toitín, ceirtíní tais mar shampla) íoc as na costais a bhaineann le bainistíocht na dramhaíola seo.


Faoin mbliain 2025, bainfidh sprioc bailiúcháin de 90% le buidéil dí, trí chóras aisíocaíochta a chur i bhfeidhm mar shampla. Bheadh riachtanais lipéadaithe ann i gcomhair pillíní sláintíocha, ceirtíní tais agus balúin a chuirfeadh úsáideoirí ar an eolas faoi conas iad a dhiúscairt i gceart. Tá feisirí den tuairim freisin go gcaithfear feasacht ar thionchar an phlaistigh a ardú.

Single Use Plastic
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Maidir le trealamh iascaireachta, ar ionann é agus 27% den bhruscar muirí ar fad, bheadh ar mhonaróirí na costais a bhaineann le bainistíocht na dramhaíola seo a íoc.


Is í an feisire Beilgeach Frédérique Ries (na Liobrálaithe) a chuir tuarascáil na Parlaiminte ar an ábhar seo le chéile. Rinneadh na moltaí a phlé le linn an tseisiúin iomlánaigh an 22 Deireadh Fómhair agus cuireadh chun vóta iad an 24 Deireadh Fómhair. Ghlac an Chomhairle treoir lena dtugtar isteach srianta nua maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide an 21 Bealtaine 2019.