Rialacha nua maidir le hathúsáid uisce san earnáil talmhaíochta

Is mór an fhadhb í an ganntanas uisce san Eoraip. Tá feisirí ag iarraidh acmhainní úruisce a chaomhnú trí athúsáid uisce san earnáil talmhaíochta a chur chun cinn.

Caith súil ar an bhfíseán le tuilleadh a fhoghlaim

Is iomaí cúis atá leis an nganntanas uisce agus an triomach a bhíonn ann san Eoraip, go háirithe i réigiún na Meánmhara; fás déimeagrafach, an t-uirbiú agus an turasóireacht ina measc. Tá foinsí uisce faoi bhrú san Aontas Eorpach agus meastar go rachaidh cúrsaí in olcas mar gheall ar an athrú aeráide. De réir thuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh, faoi 2030 tá seans go mbeidh ganntanas uisce ag leathchuid d’abhantracha na hEorpa.


D’fhonn foinsí úruisce na hEorpa a chaomhnú go ceann na mblianta, thug feisirí a gceadú an 13 Bealtaine 2020 le rialacha nua maidir le hathúsáid fuíolluisce. Cuirfear na rialacha nua chun vóta ag seisiún iomlánach na Parlaiminte roimh i bhfad, agus tiocfaidh siad i bhfeidhm tar éis don Chomhairle iad a cheadú chomh maith.


Chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an ghanntanais uisce agus na dtriomach san Aontas Eorpach, tá sé mar aidhm ag na rialacha nua seo athúsáid níos leithne a bhaint as fuíolluisce cóireáilte chun críocha uisciúcháin in earnáil na talmhaíochta. Gach bliain, tá uisciúchán san fheirmeoireacht freagrach as thart ar leath den uisce a úsáidtear san Aontas Eorpach.


D’fhonn barra a chosaint, tá sé mar chuspóir ag na rialacha nua seo bunriachtanais maidir le caighdeáin uisce a shainmhíniú, monatóireacht rialta a thabhairt isteach agus iallach a chur ar ionaid diúscartha fuíolluisce pleananna um bhainistíocht riosca a ullmhú.


Faoi na rialacha nua, d’eiseodh údaráis na mballstát ceadúnais do na hionaid cóireála fuíolluisce agus bheadh siad freagrach as a áirithiú go bhfuil na hionaid ag feidhmiú de réir na rialacha.


Le rialacha comhchoiteanna ar fud an Aontais Eorpaigh, bheadh cothrom na Féinne le fáil ag na hionaid aisghabhála agus ag feirmeoirí, agus bheadh deireadh leis na bacainní roimh shaorghluaiseacht táirgí talmhaíochta.