An cannabas míochaine san Eoraip: gá le tuilleadh taighde dar le feisirí
I vóta an 13 Feabhra 2019, chuir feisirí Eorpacha in iúl go bhfuil gá le taighde eolaíoch lánmhaoinithe agus beartas uile-AE maidir le húsáid cannabais chun críocha míochaine.
Tá úsáid cannabais agus cannaibionóideach chun críocha leighis dleathach i roinnt ballstát cheana féin agus tá roinnt eile ag machnamh ar a gcuid reachtaíochta a athrú. Tá difear mór, áfach, idir na táirgí a cheadaítear agus na rialacha a bhaineann leo ó bhallstát go ballstát, agus ní cheadaítear caitheamh nó fás cannabais chun críocha leighis in aon bhallstát de chuid an Aontais.
Tá sé molta go hoifigiúil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nár cheart an chomhdhúil cannabais “cannaibidé-ól” a rangú mar shubstaint rialaithe, ach níl aon chur chuige ann ar leibhéal an Aontais Eorpaigh go fóill maidir le húsáid cannabais mar dhruga áineasa nó chun críocha míochaine.
Le húsáid cannabais nó cannaibionóideach chun críocha míochaine, áirítear réimse leathan ullmhóidí agus táirgi sintéiseacha nó plandabhunaithe. Baintear úsáid as cannabas nó cannaibionóidigh chun críocha míochaine toisc go gceaptar go mbaineann éifeachtaí teiripeacha leo: mar shampla chun cuidiú le cailliúint mheáchain i gcás daoine a bhfuil SEIF acu. Meastar go maolaíonn siad siomptóim lear mór fadhbanna sláinte: neamhord meabhrach, titimeas, asma, ailse agus galar Alzheimer, cuir i gcás. Ina theannta sin, tá seans go gcabhraíonn siad chun pian mhíosta a mhaolú agus maolaíonn siad an riosca i gcás otrachta agus diaibéitis. Tá gá le níos mó taighde áfach, dar le feisirí.
Sa vóta an 13 Feabhra, thug feisirí le fios go bhfuil gá le sainmhíniú dlíthiúil ar channabas agus go gcaithfear idirdhealú a dhéanamh idir na húsáideanna éagsúla a bhaineann leis. Mhol siad gur cheart taighde agus nuálaíocht maidir le úsáid cannabais chun críocha míochaine a chur chun cinn agus a mhaoiniú i gceart. Ba cheart freisin d’árachas sláinte leighis atá bunaithe ar chomhábhair ghníomhacha an channabais a chlúdach.
Bheadh tionchar dearfach ag creatlach dlíthiúil seasmhach agus soiléir maidir le caighdeán agus lipéadú substaintí cannabais atá á n-úsáid chun críocha míochaine. Áiritheofar chomh maith rochtain shábháilte d’othair. Dúirt feisirí freisin go bhfuil gá le beartas cosanta ar leith don aos óg agus do mhná atá ag iompar clainne.
Chuirfeadh rialacha uile-AE srian ar dhíoltóirí agus ar an margadh dubh agus choiscfeadh siad míúsáid substaintí agus andúil i measc an aosa óig agus grúpaí leochaileacha. Chuirfeadh siad freisin le heolas an phobail faoi úsáid cannabais chun críocha míochaine.
Tuilleadh faisnéise
- (oscail i gclib nua) Comhad nós imeachta
- An coiste comhshaoil
- Opens in a new window An Lárionad Monatóireachta Eorpach um Dhrugaí agus Andúil i nDrugaí