Vóta iomlánach: inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí san Aontas Eorpach
Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 13 Márta 2019 le rialacha nua chun a chinntiú go mbeidh táirgí agus seirbhísí níos inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas chomh maith le daoine scothaosta.
Tháinig feisirí Eorpacha ar chomhaontú leis an gComhairle an 8 Samhain 2018 i ndáil leis an treoir Eorpach maidir le hinrochtaineacht. Anois cuirfear an socrú chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh in Strasbourg. A bhuí leis na rialacha nua, b’fhusa do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta teacht a bheith acu ar tháirgí agus ar sheirbhísí amhail fóin chliste, uathmheaisíní bainc agus meaisíní ticéadaithe.
San Aontas Eorpach tá níos mó ná 80 milliún duine faoi mhíchumas de shaghas éigin agus tá méadú ag teacht ar an líon sin mar go bhfuil an tsochaí ag dul in aois. Leis an acht Eorpach inrochtaineachta, déanfar a chinntiú go mbeidh raon leathan táirgí agus seirbhísí i bhfad níos inrochtana dóibh siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Tabharfar ceanglais Eorpacha isteach i gcomhair táirgí agus seirbhísí amhail:
- meaisíní ticéadaithe agus cláraithe
- uathmheaisíní bainc agus córais íocaíochta
- ríomhairí pearsanta agus córais oibriúcháin
- fóin chliste, táibléid agus trealamh teilifíse
- seirbhísí lena dtugtar rochtain ar tháirgí closamhairc
- ríomhleabhair
- ríomhthráchtáil
- gnéithe de sheirbhísí um iompar paisinéirí
- cumarsáid leictreonach mar shampla an uimhir éigeandála 112.
Leis na rialacha nua, táthar ag súil go mbeidh daoine faoi mhíchumas mar aon le daoine scothaosta in ann ról níos gníomhaí a bheith acu sa tsochaí agus áiritheofar caighdeán saoil níos fearr dóibh. Spreagfar gnólachtaí le bheith níos nuálaí ó thaobh inrochtaineacht táirgí agus seirbhísí de. Chomh maith leis sin, cabhróidh na rialacha le ballstáit an Aontais Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas a chur chun feidhme.
Cuireadh an dréacht-treoir chun vóta le linn an tseisiúin iomlánaigh an 13 Márta 2019. Tiocfaidh an téacs deiridh i bhfeidhm tar éis don Chomhairle é a cheadú go foirmiúil chomh maith. Caith súil ar an bhfíseán thuas chun tuilleadh a fhoghlaim.