Ag dul i ngleic le cleachtais éagóracha trádála sa slabhra soláthair bia

Le rialacha nua atá á n-ullmhú sa Pharlaimint, beidh bealaí níos fearr ag feirmeoirí agus ag gnólachtaí beaga iad féin a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála sa slabhra soláthair bia.

Táirgeoirí bia a chosaint ar chleachtais éagóracha trádála

Tarlaíonn cleachtais éagóracha trádála in an-chuid earnálacha ach is fadhb iad go mór mór sa slabhra soláthair bia. Thug feisirí Eorpacha a gceadú an 12 Márta 2019 le treoir nua a bhfuil sé mar aidhm aici cothrom na Féinne a chinntiú d’fheirmeoirí agus do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide a bhíonn thíos le mí-úsáid ó oibreoirí móra amhail ollmhargaí nó miondíoltóirí. San earnáil agraibhia go minic bíonn an lámh in uachtar ag na comhpháirtithe trádála móra sa mhargáil agus ní bhíonn feirmeoirí beaga ná próiseálaithe in ann díoltóirí eile a aimsiú.


Chun córas cóir agraibhia a thugann luach saothair d'fheirmeoirí a chinntiú, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh íosleibhéal cosanta a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na cleachtais éagóracha trádála is coitianta. Leis na rialacha nua, cuirfear cosc ar na nithe seo a leanas:

  • íocaíochtaí déanacha i gcás táirgí bia meatacha
  • cealú orduithe ag an nóiméad deireanach
  • athruithe aontaobhacha agus cúlghabhálacha ar chonarthaí
  • oibleagáidí ar an soláthróir íoc as táirgí diomailte
  • diúltú conarthaí i scríbhinn.

An slabhra soláthair bia

  • 11 milliún feirmeacha
  • 300,000 próiseálaithe
  • 2.8 milliún dáileoirí agus miondíoltóirí
  • 500 milliún tomhaltóirí

Leis na rialacha nua, táthar ag iarraidh cosaint a thabhairt do na hoibreoirí ar fad sa slabhra soláthair bia a bhfuil láimhdeachas de níos lú ná €350 milliún acu. Áirítear leis sin táirgeoirí, comharchumainn, próiseálaithe bia agus miondíoltóirí. Beidh feidhm ag na rialacha chomh maith i gcás soláthraithe neamh-AE.


Chun na rialacha nua a fheidhmiú, ainmneofar údarás poiblí sna ballstáit ar fad a bheidh in ann fiosrúcháin a dhéanamh agus pionóis a ghearradh i gcás sáruithe. Tar éis vóta na bhfeisirí, beidh ar an gComhairle na rialacha nua a ghlacadh go foirmiúil chomh maith.