An tsláinte phoiblí a fheabhsú: míniú ar bhearta an Aontais Eorpaigh

Cabhraíonn an tAontas Eorpach le feabhas a chur ar an tsláinte phoiblí trí chistiú agus reachtaíocht maidir le réimse leathan ábhar, amhail bia, galair, aer glan agus tuilleadh lena chois.

A photo of a radiology. Photo by Owen Beard on Unsplash
Grianghraf de chuid Owen Beard (Unsplash)

Rialtais náisiúnta atá freagrach go príomha as cúram sláinte agus slándáil shóisialta a eagrú agus a riar. Is é ról an Aontais Eorpaigh é cur le hiarrachtaí na mballstát agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun sláinte mhuintir na hEorpa a fheabhsú, éagothromais i gcúrsaí sláinte a laghdú agus druidim le hEoraip níos sóisialta.


Is gá saincheisteanna sláinte poiblí a chomhordú de thairbhe forbairtí i margadh an tsaothair agus de thairbhe saorghluaiseacht daoine agus earraí sa mhargadh inmheánach. Chuidigh beartas sláinte poiblí AE le tíortha a gcuid acmhainní a chur le chéile agus dul i ngleic le dúshláin choiteanna, amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, galair ainsealacha inchoiscthe agus daonra atá ag dul in aois.

Déanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais
Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Foinse "Déanfar ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais" osclaítear i bhfuinneog nua é

Déanann an tAontas moltaí agus tá dlíthe agus caighdeáin ann chun daoine a chosaint, maidir le táirgí agus seirbhísí sláinte (táirgí cógaisíochta, feistí leighis nó r-shláinte, mar shampla), agus maidir le hothair (rialacha maidir le cearta othar faoi chúram sláinte trasteorann).


Clár AE um an tSláinte


Déantar an obair a chistiú trí Chlár AE um an tSláinte, lena gcuirtear comhar agus straitéisí dea-shláinte agus dea-chúram sláinte chun cinn.


Cumhdaítear sa chlár sláinte reatha an tréimhse 2014-2020 agus tá €450 milliún de bhuiséad aige. Is iad seo a leanas na cuspóirí atá leis:

  • nósanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn
  • daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí sláinte tromchúiseacha trasteorann
  • rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta sábháilte a éascú
  • cur le córais sláinte inbhuanaithe.


Déanfar cistiú a bhaineann leis an tsláinte a chomhtháthú le Ciste Sóisialta na hEorpa + sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais don tréimhse 2021-2027. Cuirtear cistí eile ar fáil do shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte ón gclár taighde Fís 2020, Beartas Comhtháthaithe AE agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha.


Leigheasra agus feistí leighis


Déanann an tAontas údarú agus aicmiú leigheasra a rialáil tríd an líonra rialála leigheasra Eorpach, atá ina pháirtíocht idir an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, rialálaithe náisiúnta agus an Coimisiún Eorpach. Déantar faireachán go fóill ar shábháilteacht na dtáirgí údaraithe i ndiaidh teacht ar an margadh dóibh.

Gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh

Saothraíonn na sainghníomhaireachtaí seo de chuid AE le sláinte is fearr agus áiteanna oibre is sláintiúla agus is sábháilte a bhaint amach.

Tá rialacha sonracha AE ann maidir le leigheasra do pháistí, maidir le galair neamhchoitianta, táirgí ardteiripe agus trialacha cliniciúla. Tá rialacha ag an Aontas Eorpach freisin chun cur i gcoinne leigheasra brionnaithe agus chun a áirithiú go rialaítear trádáil leigheasra.


Ghlac feisirí Eorpacha rialacha nua in 2017 maidir le feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro, amhail comhlaí croí nó trealamh saotharlainne, chun cos a choinneáil leis an dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta, chun an tsábháilteacht a fheabhsú agus chun follasacht níos fearr a áirithiú.


Ó tharla difríochtaí móra sna rialacha maidir leis an gcannabas míochaine a úsáid ó bhallstát go ballstát, d’iarr an Pharlaimint in 2019 aon chur chuige amháin ar fud AE a bheith ann chomh maith le taighde eolaíoch a bhfuil cistiú ceart aige.

Cúram sláinte agus muid thar lear


Áirithítear leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte (EHIC) go bhfuil rochtain ag daoine a bhfuil cónaí orthu in AE ar chúram sláinte atá curtha ar fáil ag an stát má bhíonn riachtanas de réir míochaine ann - ar thuras gnó, laethanta saoire nó ar chuairt staidéir thar lear dóibh - i ngach ballstát AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua agus san Eilvéis. Is ceart go ndéanfar cúram sláinte a sholáthar faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna (saor in aisce i roinnt tíortha) mar is amhlaidh do dhaoine atá faoi árachas sa tír sin.


An tsláinte a chur chun cinn agus dul i ngleic le galair


Saothraíonn an tAontas Eorpach chun an tsláinte a chur chun cinn agus chun galair a chosc i réimsí amhail ailse, an mheabhairshláinte agus galair neamhchoitianta, agus cuireann eolas ar ghalair ar fáil tríd an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC).


Caitheamh tobac is cúis le beagnach 700,000 bás gach bliain san Aontas Eorpach. Tá an treoir leasuithe chun dáta, treoir AE maidir leis an tobac, infheidhme ó 2016. Is é is cuspóir léi an mhealltacht a bhaint as táirgí tobac do dhaoine óga. I moladh ón gComhairle ó 2009 maidir le timpeallachtaí gan cead caite iontu, iarrtar ar thíortha an Aontais daoine a chosaint ar a bheith faoi lé toit tobac i spásanna poiblí agus ar obair.


Tá galair neamhchoitianta agus aimpléiseacha ag caitheamh ar tuairim is 30 milliún Eorpach. Chun cuidiú le fáthmheasa agus teiripí, bhunaigh an tAontas Eorpach in 2017 na Líonraí Tagartha Eorpach. Tugtar i gceann a chéile sna 24 líonra fhíorúla atá ann, speisialtóirí ó thíortha éagsúla a bhíonn ag plé le saincheisteanna éagsúla, amhail sábháilteacht othar nó frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chosc.

Caith súil ar an bhfíseán le tuilleadh a fhoghlaim

Tá frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ag dul i neart de dheasca ró-úsáid antaibheathach, leigheasra nach gcuirtear de láimh mar is ceart nó easpa dul chun cinn i substaintí nua. Is í is cúis le tuairim is 33,000 básanna sa bhliain san Aontas Eorpach. Is é is aidhm do phlean gníomhaíochta 2017 de chuid AE maidir le frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach ná feasacht agus sláinteachas feabhsaithe a chothú chomh maith le taighde a spreagadh. Glacadh rialachán nua maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta in 2018, chun srian a chur le húsáid antaibheathach san fheirmeoireacht agus chun spré na bhfrithsheasmhachtaí ó ainmhithe go daoine a chosc.


Tá galair inchoiscthe trí vacsaíniú amhail an bhruitíneach ag briseadh amach i roinnt bhallstáit AE, de dheasca rátaí vacsaínithe nach bhfuil ard go leor. I rún a glacadh in 2018, iarrann feisirí Eorpacha sceideal is comhchuibhithe agus is ailínithe le haghaidh vacsaíniú ar fud an Aontais, tuilleadh follasachta i dtáirgeadh vacsaíní agus ceannach comhpháirteach chun praghsanna a laghdú.


Aer níos glaine, uisce níos glaine


Is í droch-cháilíocht an aeir an chúis chomhshaoil is mó a thugann a mbás do dhaoine roimh a n-am san Eoraip. Ó bhí blianta luatha na 1970í ann, tá bearta déanta ag AE chun astaíochtaí de shubstaintí díobhálacha a rialú. Glacadh rialachán nua in 2016 lenar cuireadh síos teorainneacha náisiúnta níos déine ar astaíochtaí de phríomhthruailleáin aeir, amhail ocsaídí de nítrigin, chun an dochar a dhéanann siad don tsláinte a laghdú faoina leath le taobh 2005.


Déantar uiscí an Aontrais a chosaint leis an gCreat-treoir Uisce agus baineann sí leis an uile screamhuisce agus uisce dromchla, lena n-áirítear aibhneacha, lochanna agus farraige chósta.


Déanann tíortha AE uiscí snámha a fhaireachán le haghaidh baictéar trí bhíthin na treorach maidir le huisce snámha. Tá an tAontas ag leasú chun dáta an Treoir maidir le huisce óil dá chuid chun tuilleadh bisigh a chur ar cháilíocht an uisce óil agus ar rochtain ar an uisce agus, ag an am céanna, laghdú ar an dramhaíl atá ann de dheasca uisce i mbuidéil á chaitheamh.


Bia sábháilte


Tá rialacha ag AE lena ráthaítear leibhéal ard sábháilteachta ag gach céim de phróiseas táirgeachta agus dáileacháin an bhia. In 2017, rinneadh cigireacht oifigiúil ar fud an bhiashlabhra a chur chun déine.


Tá rialacha sláinteachais sonracha ann maidir leis na nithe seo a leanas:

  • bia de bhunadh ainmhíoch
  • éilliú bia (uasleibhéil a leagan síos maidir le héilleáin amhail níotráití, miotail throma nó dé-ocsainí)
  • nuabhianna (a rinneadh as miocrorgánaigh nó a bhfuil bunstruchtúr móilíneach nua acu)
  • ábhar a theagmhaíonn le bia (amhail ábhair phacáistíochta agus uirlisí itheacháin).

Tá creat dlíthiúil dian ag AE freisin maidir le saothrú agus tráchtálú orgánach géinmhodhnaithe a úsáidtear i mbia agus i mbeatha. Tá AE ar a choimhéad go háirithe ar rioscaí sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann agus chuir sé i gcoinne pleananna le haghaidh plandaí nua géinmhodhnaithe amhail pónairí soighe a údarú.


Ghlac feisirí tuarascáil in 2019 maidir le dóigh le húsáid inbhuanaithe lotnaidicídí a fheabhsú agus thug siad tacaíocht don tuarascáil óna choiste speisialta inar moladh nósanna imeachta údaraithe níos follasaí.


Agus tuilleadh tomhaltóirí ag ceannach bia orgánach, rinne AE a chuid rialacha maidir leis an bhfeirmeoireacht orgánach a nuashonrú in 2018 ionas go mbeadh rialuithe ní ba dhéine agus cosc ní b’fhearr ar éilliú ann.

Áiteanna sláintiúla oibre


Leagtar síos i reachtaíocht AE íoscheanglais sláinte agus sábháilteachta lena ndéantar do chosaint i d’áit oibre, agus lena gcuirtear ar chumas na mballstát forálacha níos déine a chur i bhfeidhm. Tá forálacha ar leith ann maidir le trealamh a ionramháil, oibrithe atá ag iompar clainne nó oibrithe óga a chosaint, agus maidir le bheith faoi lé thorann nó shubstaintí ar leith, amhail carcanaiginí agus só-ghineacha.


Cuirtear dúshláin faoin gcóras cúraim sláinte toisc lucht saothair na hEorpa a bheith ag dul anonn in aois agus an aois scoir a bheith ag druidim uainn. Ghlac feisirí bearta in 2018 maidir le hoibrithe a bhfuil gortú orthu nó a bhfuil fadhbanna sláinte ainsealacha acu a choinneáil nó a imeascadh arís san áit oibre. Folaíonn é sin, an áit oibre a dhéanamh níos inchurtha in oiriúint trí chláir forbartha scileanna, dálaí oibre inathraithe a áirithiú, agus tacaíocht a sholáthar d’oibrithe lena n-áirítear oiliúint agus rochtain ar aigneolaí nó teiripeoir a sholáthar.


Sochaí chuimsitheach


Ghlac an Pharlaimint in 2019 an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta lena chinntiú go nglacfaidh daoine faoi mhíchumas páirt iomlán sa tsochaí. Is é is aidhm do na rialacha nua a áirithiú go mbeidh táirgí úsáidte gach aon lae agus eochairsheirbhísí - amhail fóin chliste, ríomhairí, ríomhleabhair, ticéadú, innill chláraithe agus uathmheaisíní bainc - inrochtana ar fud AE ag daoine scothaosta agus ag daoine atá faoi mhíchumas.


Faigh amach tuilleadh faoi bheartais shóisialta an Aontais Eorpaigh