Troid na Parlaiminte ar son an chomhionannais inscne in AE

Foghlaim conas a sheasann an tAontas Eorpach agus Parlaimint na hEorpa an fód chun cearta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn ina n-earnálacha éagsúla.

Oibrí sonasach i gcaifé. Griangraf tógtha ag Brooke Cagle ar Unsplash.
Griangraf tógtha ag Brooke Cagle ar Unsplash

Cad atá á dhéanamh ag an AE chun dul i ngleic le neamhionannais inscne?


Ó bhunaíodh é, tá comhionannas inscne curtha chun cinn ag an Aontas Eorpach, mar aon le hEoraip shóisialta a chruthú.


Tá an tAontas tar éis dul i mbun comhrá, éisteacht le moltaí na mball agus reachtaíocht nua a thabhairt isteach, rud a thug an cumas dó maoiniú sa bhreis a thabhairt dá bhallstáit. Is as rialaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a tháinig na coincheapanna atá fite fuaite i mbeartas chomhionannas inscne an AE. Is minic a ghlacann Parlaimint na hEorpa le tuairiscí nua bunaithe ar chúrsaí inscne as a stuaim féin, ag lorg feabhsanna ó thaobh an chomhionannais inscne de.

Tá an Pharlaimint ag obair chun chearta na mban agus comhionannas inscne a chur chun cinn

Bíonn an Pharlaimint i gcónaí gníomhach agus comhionannas idir fir agus mná á lorg acu –sampla ná an buanchoiste atá acu a dhírionn ar chearta na mban agus comhionannas inscne. Is ócáid í Lá Idirnáisiúnta na mBan a bhíonn á ceiliúradh ar an 8ú Márta gach bliain agus tarraingíonn an Pharlaimint ard air trí himeachtaí a eagrú.


I mí Eanáir 2022 chuir feisirí i gcuimhne don Chomhairle go raibh gá le cruinnithe idir na hairí agus rúnaithe a bhfuil tionchar acu ar pholasaithe chomhionannas inscne. Is mian le feisirí go mbeidh leagan amach nua ag an gComhairle ionas go ndéantar dul chun cinn níos tapúla ó thaobh an chomhionannais inscne de, go háirithe i gcás choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú agus troid i gcoinne fhoiréigean in aghaidh na mban.


I mí Feabhra 2021 bheartaigh an Pharlaimint breathnú siar ar na 25 bliain a d’imigh thart féachaint conas atá dul chun cinn déanta ó thaobh chearta na mban de. Chomh maith leis sin, deis a bhí ann labhairt faoi na dúshláin atá rompu. Léirigh feisirí go raibh díomá orthu faoin bhfrithfhreagairt ó roinnt tíortha san Aontas, rud a chruthaíonn baol go ndéantar neamhaird ar chomhionannas inscne. D’iarr an Pharlaimint ar an gCoimisiún Eorpach cearta na mban a chur san áireamh ina thairiscintí ar fad, pleananna praiticiúla a fhorbairt chun líon na mban atá beo beocht a laghdú agus iarracht níos mó a dhéanamh an bhearna phá idir na fir agus na mná a dhúnadh.

Féach ar an amlíne a thugann léargas de throid an Aontais ar son chearta na mban.

An tSeachtain um Chomhionannais Inscne sa Pharlaimint

D’fhógair an Pharlaimint an tSeachtain um Chomhionannais Inscne i 2020, rud a tharlaíonn chuile bhliain agus agus a dhéanann ceiliúreadh ar an tábhacht a bhaineann le comhionannas inscne don institiúid. Le linn na seachtaine, tugtar deis do choistí na Parlaiminte machnamh a dhéanamh ar fhadhbanna atá ann ó thaobh inscne de. Tá eolas sa bhreis ar fáil faoi Sheachtain um Chomhionannais Inscne 2023 sa chlár.



Cearta gnéasacha agus atáirgthe na mban

I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Pharlaimint le tuairisc nua ag cur brú ar thíortha an AE cosaint a thabhairt do chearta gnéasacha agus atáirgthe do mhná, chomh maith le feabhas a chur ar na rialúcháin atá ann cheana. Is mian leis na feisirí go mbeadh rochtain éasca ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, ar fhrithghiniúint ardchaighdeáin agus go mbeadh gnéasoideachas ann i mbunscoileanna agus meánscoileanna. D’éiligh siad freisin go mbeadh díolúine VAT (cáin bhreisluacha) ar tháirgí míosta.

I mí an Mhárta 2022, ghlac an Pharlaimint le Plean Gníomhaíochta Inscne III a bhfuil sé mar aidhm aige sláinte gnéasach agus atáirgthe, chomh maith leis na cearta a bhaineann leo siúd, a chur chun cinn. Tá baint ag na spriocanna seo le tíortha lasmuigh den Aontas chomh maith, ach tá sé mar phríomhaidhm ag an bplean go mbeadh rochtain ar na seirbhísí seo i ngach tír in AE.

Comhionannas inscne ag an obair

Saoire mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoireachta


Chun borradh a chur faoi líon na bhfear a ghlacann saoire teaghlaigh agus chun cur le ráta fostaíochta na mban, sa bhliain 2019, ghlac an tAontas le rialacha úra maidir le saoire teaghlaigh agus saoire cúramóirí, agus maidir le coinníollacha oibre solúbtha.

Reachtaíocht an AE ó thaobh an chomhionannas inscne san ionad oibre

  • rialacha ó thaobh na fostaíochta de (pá cothrom, slándáil shóisialach, coinníollacha oibre agus ciapadh)
  • rialacha ó thaobh na féinfhostaíochta de
  • cearta chun saoire mháithreachais, atharthacha agus thuismitheoireachta

An bhearna phá idir fir agus mná

D’éiligh an Pharlaimint go mbeadh bearta praiticiúla ann chun an bhearna phá idir fir agus mná a ghiorrú – is éard atá i gceist bearna pá ná na héagsúlachtaí idir an méid a thuilleann fir agus mná – rud a bhí thart ar 13% san Aontas Eorpach sa bhliain 2020. Teastaíonn uathu dul i ngleic leis an mbearna phinsin chomh maith a thaispeán go raibh difríocht de 29% idir phinsin na mban agus na bhfear i 2019. Is mian leis an bParlaimint go dtéitear i ngleic le bochtaineacht na mban chomh maith, toisc gur mó an tseans mná a bheith beo beocht ná fir.


I mí na Nollag 2022, agus baill éagsúla ón bParlaimint agus tíortha an Aontais i mbun idirbheartaíochta, thángadar ar chomhaontú go mbeidh ar chomhlachtaí Eorpacha a bheith níos trédhearcaí ó thaobh tuarastail a gcuid n-oibrithe de. Bealach atá ann tuarastail iad siúd a n-oibríonn don fhostóir céanna a chur i gcomparáid lena chéile, rud a d ‘fhéadfadh aon bhearna phá idir na fir agus na mná a nochtadh.


Ghlac an Pharlaimint leis na rialacha nua seo maidir le bearta faoin trédhearcacht pá i mí an Mhárta 2023. Faoi na rialacha nua seo, ní mór d’fhostóirí dul i mbun measúnaithe más ionann go bhfuil bearta de ar a laghad 5% idir an méid a thuilleann na fír agus na mná ina gcomhlacht. Beidh ar an gceardchumann a bheith páirteach sna comhráite seo chomh maith. Gearrfar pionós ar fhostóirí nach gcloínn leis na rialacha seo. Ní mór freisin do theidil phoist agus d’fhógraí folúntais a bheith neodrach ó thaobh inscne de.


Tá fós ar an gComhairle glacadh leis an gcomhaontú seo ionas gur féidir. leis na rialacha teacht i bhfeidhm

Níos mó mná ag obair sa theicneolaíocht faisnéise is cumarsáide (ICT) agus sna heolaíchtaí


Tá mná faoi ghannionadaíocht in earnáil dhigiteach na hEorpa toisc níos lú acu ag dul i mbun staidéir air nó ag cur isteach ar phostanna san earnáil seo. I rún sa bhliain 2018 d’iarr feisirí ar na ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun lánphairtíocht ó mhná in earnálacha teicneolaíochta a chinntiú. Cinnteodh na bearta seo go mbeadh oideachas agus oiliúint curtha ar fáil do mhná maidir le eolaíocht, teicneolaíocht, innealtóireacht agus matamaitic.

Líon na mban ar bhoird chorparáideacha


I mí Dheireadh Fómhair 2022 ghlac an Pharlaimint le rialacha cinniúnacha nua ó thaobh inscne de, a bhfuil sé mar aidhm acu comhionannas inscne a mhéadú ar bhoird chorporáideacha. Is éard is aidhm ag an Treoir maidir le Mná ar Bhoird ná próisis earcaíochta oscailte i gcuideachtaí a chur chun cinn. Teastaíonn ón bParlaimint go mbeadh ar a laghad 40% de stiúrthóirí neamhfheidhmeannacha ia mná nó go mbeadh ar a laghad 33% de rólanna stiúrthóra á gcomhlíonadh ag an ngéas atá faoi ghannionadaíocht faoi dheireadh mhí an Mheithimh i 2026.

Tháinig an Pharlaimint agus idirbheartaithe na Comhairle ar chomhaontú sealadach maidir le cothromaíocht inscne ar bhoird chomhlachtaí an Aontais i mí an Mheithimh 2022. Ní mór do thíortha an Aontais na rialacha nua seo a gcur i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain. Ní bheidh na rialacha seo i gceist do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide, áfach, a bhfuil níos lú ná 250 fostaí acu.

“Áiritheoidh gach Ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d’oibrithe fireanna agus d’oibrithe baineanna.”
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh
Airteagal 157, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (TFEU)

An foréigean i gcoinne na mban a chosc

 

Déanann an tAontas Eorpach foréigean in éadan na mban a chomhrac ar go leor bealaí. Tarraingíonn feisirí Eorpacha air ar chineálacha foréigin amhail gnéaschiapadh, gáinneáil, striapachas éigeantais, ciorrú ball giniúna ban, cibearstalcaireachtagus foréigean ar line.

I bhFeabhra 2021, d’iarr feisirí ar an gCoimisiún smaoinigh ar mholadh maidir le treoir ón AE chun foréigin d’aon chineál ar bhonn inscne a chosc. Chuir an Coimisiún togra nua os comhair na Parlaiminte i mí an Mhárta 2022. Ghlac an Pharlaimint le seasamh i mí Iúil 2023 agus tá sí anois réidh dul i mbun idirbheartaíochta leis an gComhairle.

Laistigh den AE, tá taithí ag 33% de mhná ar fhoréigean fisiciúil agus/nó gnéasach, agus rinneadh ciapadh gnéasach ar 55% de mhná.

Breiseolas anseo faoin méid atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach dul i ngleic le foréigean ar bhonn inscne.

Áiritheoidh gach ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna.
Airteagal 157, Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
Foinse "Áiritheoidh gach ballstát cur chun feidhme an phrionsabail go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach ag dul d'oibrithe fireanna agus d'oibrithe baineanna." osclaítear i bhfuinneog nua é

Beartas imirce agus trádála

 

Tá an Pharlaimint ag áitiú le fada an lá gur chóir don Choimisiún Eorpach comhsheasmhacht a chothú idir beartas an Aontais (maidir le cúrsaí trádála, forbartha, talmhaíochta, fostaíochta agus imirce, cuir i gcás) ar lámh amháin, agus comhionannas inscne ar an lámh eile.


Sa bhliain 2016, chuir feisirí Eorpacha in iúl go raibh gá le treoirlínte inscne AE mar chuid de leasuithe a bhí á ndéanamh ar pholasaithe imirce agus tearmainn an Aontais. I rún eile sa bhliain 2018, d’éiligh feisirí go gcuirfí ról, cumasú agus cosaint na mban san áireamh agus bearta aeráide á n-ullmhú.


I rún eile ón mbliain chéanna, chuir feisirí in iúl go gcaithfidh go bhfuil forálacha ceangailteacha chun comhionannas inscne a chinntiú ann i gcomhaontuithe trádála uile an Aontais.


Mná sa pholaitíocht

 

Creideann an Pharlaimint go bhfuil tábhacht mhór le comhionannas inscne sa pholaitíocht, agus le rannpháirtíocht chothrom na mban i bpróisis cinnteoireachta ag gach leibhéal. I dtuarascáil a cuireadh chun vóta sa Pharlaimint an 15 Eanáir 2019, leag feisirí Eorpacha béim arís ar an ngá le gannionadaíocht na mban ar liostaí toghchánacha a chomhrac. D’iarr siad ar pháirtithe polaitiúla na hEorpa ionadaíocht chothrom ar mhná agus ar fhir a chinntiú agus iarrthóirí á roghnú nó á n-ainmniú do na toghcháin Eorpacha i mí Bealtaine 2019.


Sna chéad toghcháin Eorpacha siar in 1979, ba mhná iad 15.2% de na feisirí a toghadh. Tá méadú tagtha ar líon na mban sa Pharlaimint i ngach toghchán ó 1979, agus is mná iad 41% d’fheisirí na Parlaiminte faoi láthair (Iúil 2019). Is mná iad seisear den triúr déag a toghadh ina bhfeisirí Eorpacha in Éirinn i dtoghcháin 2019. Anois, tá níos mó mná sa Pharlaimint ná riamh, le 39.3% d'fheisirí ina mná, suas ón 35,5% de mhná a bhí ann ag deireadh an téarma roimhe seo.

Féach anseo ar ár ngrafaic eolais bunaithe ar mhná sa Pharlaimint

Comhionannas inscne agus an phaindéim COVID-19

Is cúis imní í géarchéim COVID-19 don Pharlaimint ó thaobh chomhionannas inscne de. Tá baol ann go gcuirfeadh an phaindéim 47 milliúin bean agus cailín sa bhreis faoi bhun thairseach na bochtaineachta.

Ina theannta sin, is iad mná atá sa líne thosaigh sa fhreagairt ar an bpaindéim – is iadsan 76% d’oibrithe cúraim sláinte as an 49 milliún atá ann san iomlán. Bhí tionchar ag an bpaindéim ar earnálacha faoi leith ina bhfostaítear níos mó fir ná mná, ar nós thionscal an fháilteachais, i naíonraí agus obair tí.

Léigh anseo na fíricí agus figiúirí maidir le tionchar na paindéime ar mhná

I measc na ndrochthionchar ar chothromaíocht oibre is saoil agus meabhairshláinte na mban le linn na paindéime, bhí an méadú san obair chúraim neamhíoctha agus teacht chun cinn na teilea-oibrithe.

Féach ar ár ngrafaicí eolais bunaithe ar theilea-oibriú, cúram neamhíochta agus an mheabhairshláinte d’fhir agus do mhná le linn na paindéime.

Tuilleadh faisnéise