I dtreo aeráidneodrachta: an tAontas Eorpach agus Comhaontú Aeráide Pháras

Tá an tAontas Eorpach tar éis ceangal dlí a chur lena chuid spriocanna aeráide fadtéarmacha ionas gur féidir leo aidhmeanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach.

Tá an uisce sa Veinéis ag leibhéal fíoríseal le cúpla seachtain anuas ©123RF/European Union–EP
©123RF/European Union–EP

Ag an seisiún iomlánach in Strasbourg an 28 Samhain 2019, ghlac na Feisirí Eorpacha rún maidir le spriocanna aeráide an Aontais Eorpaigh. Cuirtear in iúl sa rún gur cheart don Aontas tiomantas a thabhairt i dtaca le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Chuir na feisirí in iúl chomh maith gur cheart sprioc an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú don bhliain 2030 a dhéanamh níos uaillmhianaí agus gur chóir astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030. Ghlac feisirí rún eile inar fhógair siad go raibh géarchéim aeráide ar siúl san Eoraip. I Nollaig 2019, chuir an Coimisiún Eorpach treochlár i láthair chun an aeráidneodracht a bhaint amach san Eoraip - An Comhaontú Glas don Eoraip.


Tá sé mar aidhm ag Comhaontú Pháras an mheánteocht dhomhanda a theorannú go dtí idir 1.5°C agus 2°C chun iarmhairtí tubaisteacha an athraithe aeráide a sheachaint. Tá sé sínithe ag 194 thír, chomh maith leis an Aontas Eorpach. Is sínitheoirí iad Ballstáit uile an Aontais agus déanann na Ballstáit a mbeartas aeráide a chomhordú agus tá comhspriocanna leagtha síos ar an leibhéal Eorpach i dtaca le hastaíochtaí a laghdú.

Spriocanna Náisiúnta Laghdaithe Astaíochtaí

Chun cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach, tá sé de dhualgas ar thíortha spriocanna aeráide a shocrú dóibh féin gach cúig bliana agus leibhéal a gcuid uaillmhéine a mhéadú de réir a chéile. Tugtar “rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta” ar na spriocanna sin.  Déanfar athbhreithniú ar na cuspóirí seo i 2025.

Spriocanna Aeráide an Aontais

Ba é an tAontas Eorpach an chéad mhór-gheilleagar a chuir a chuid spriocanna laghdaithe astaíochtaí isteach de réir Chomhaontú Pháras. Is é sprioc reatha an Aontais ná laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh i gcomparáid le 1990 ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach faoi 2030.

I mí an Mheithimh 2021, ghlac an Pharlaimint an Dlí Aeráide Eorpach. Ciallaíonn sé seo go bhfuil ceangal dlí anois leis an tiomantas polaitiúil atá sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbainfidh an tAontas aeráidneoidreacht amach faoi 2050.

Cén fáth go bhfuil comhdhálacha na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide tábhachtach?


Tagann sínitheoirí Chomhaontú Pháras le chéile chuile bhliain ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, nó, i bhfoirm níos giorra, COP (Comhdháil na bPáirtithe). Déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo agus leagtar amach na céad chéimeanna eile chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Cruinnithe idir rialtais, den earnáil phríobháideach, sochaí shibhialta agus tionscal atá iontu.

Déantar athbhreithniú ar bhearta chuile thír chun dul i ngleic leis an athrú aeráide gach cúig bhliain. Ní mó do thíortha machnamh a dhéanamh ar a n-iarrachtaí cloí lena bpleananna aeráide, bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe.

Is fiú 77%

de shaoránaigh AE a cheapann gur fhadhb dháiríre é an t-athrú aeráide, de réir Eorabharaiméadar a foilsíodh i mí Iúil 2023

Faomhadh rún an 21 Samhain 2023 inár chuir Parlaimint na hEorpa a imní in iúl maidir le fanacht faoin leibhéal teochta 1.5 °C. Dár léi, tiocfaidh méadú 2.8 °C ar leibhéil teochta faoi dheireadh an chéid seo muna dtagann athrú ar na polasaithe atá ann faoi láthair.


D'éiligh feisirí deireadh le fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha do bhreoslaí chomh luath agus is féidir, faoin mbliain 2025 ar a dhéanaí. Tádar ag súil go dtiocfadh feabhas ar thiomantas gach tír don aeráid agus go gcuirfeadh siad uilig airgead ar leataobh chun an chosaint aeráide a mhaoiniú.

Tuilleadh eolais maidir le hidirbheartaíochtaí idirnáisiúnta ar athrú aeráide inár ngrafaic eolais.