Gaillimh agus Rijeka: Príomhchathracha Cultúir na hEorpa don bhliain 2020

Is iad Gaillimh agus Rijeka Príomhchathracha Cultúir na bliana seo. Caith súil ar an alt thíos chun tuilleadh a fhoghlaim.

This year European Capitals of Culture are Galway in Ireland and Rijeka in Croatia.
Gaillimh agus Rijeka: Príomhchathracha Cultúir 2020

Ainmníodh breis is 60 cathair ar fud na hEorpa ó eagraíodh Príomhchathair Chultúir na hEorpa don chéad uair san Aithin in 1985. Ó 2011 ainmnítear dhá chathair agus is iad Gaillimh agus Rijeka (sa Chróit) na cathracha a roghnaíodh don bhliain seo. Deis atá sa tionscnamh cathracha a athbheochan trí bheocht úrnua a chur sa shaol cultúrtha agus i dtionscail chruthaitheacha.


Is iad na príomhspriocanna a bhaineann le tionscadal Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa ná saibhreas agus éagsúlacht chultúir na hEorpa a thabhairt chun suntais, comhthuiscint a chur chun cinn idir saoránaigh na hEorpa, agus cómhuintearas a spreagadh trí fheasacht a scaipeadh faoin gcomhoidhreacht Eorpach.


‘Cathair bhríomhar agus spleodrach ar imeall na hEorpa’


Suite ar imeall thiar na hEorpa, tá Gaillimh ar an gcathair is mó i gCúige Chonnacht. Is í Cathair na dTreabh an tríú cathair Éireannach le bheith ainmnithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa (tar éis Bhaile Átha Cliath siar in 1991 agus chathair Chorcaí sa bhliain 2005). Is iad an imirce, tírdhreach agus teanga na príomhthéamaí a shnífidh trí chlár Ghaillimh 2020. Tosóidh clár na n-imeachtaí i mí Feabhra, mar a dhéanann an fhéile phágánach Imbolc, a léiríonn tús an earraigh. Leanfar den chlár i rith na bliana de réir na séasúr Ceilteach eile: Bealtaine, Lughnasa agus Samhain.


Thréaslaigh Chéad Leas-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa Mairead McGuinness le muintir na Gaillimhe as an ngradam: “Tá traidisiún saibhir litríochta, ealaíona agus ceoil le fáil i nGaillimh. Agus í ina chroílár do phobal na Gaeilge, is cathair í ag an am céanna atá go hiomlán nua-aimseartha agus domhanda - croílár thionscail na bhfeistí leighis agus na teicneolaíochta.”


Chuir an Chéad Leas-Uachtarán in iúl go raibh lúcháir an domhain uirthi “go mbeidh deis ag an gcathair bhríomhar agus spleodrach seo ar imeall na hEorpa í féin a chur i láthair os comhair na mór-roinne ar fad”.


‘Ardeiseamláir na caoinfhulaingthe agus an ilchultúrachais’


Roinnfidh Cathair na dTreabh an t-ainmniúchán le Rijeka, an chéad chathair Chrótach le bheith ainmnithe mar Phríomhchathair Chultúir na hEorpa. Lonnaithe ar chósta an Aidriadaigh, tá clú agus cáil ar an gcathair as an atmaisféar boihéamach, an cultúr saibhir agus líonmhaireacht na bhféilte inti. Tá an calafort is mó sa Chróit le fáil sa chathair agus le thart ar 130,000 duine i Rijeka, is í an tríú cathair is mó sa tír í.


Is é mana Rijeka 2020 ná “Calafort na hÉagsúlachta”, agus eagrófar imeachtaí na bliana ar bhonn na dtéamaí seo a leanas: uisce, obair agus imirce. Chaith an feisire Eorpach Valter Flego (Renew Europe) roinnt blianta sa chathair agus é ina mhac léinn innealtóireachta: “D’fhéadfaidh Rijeka bheith ina hardeiseamláir na caoinfhulaingthe agus an ilchultúrachais do chathracha uile na hEorpa. Táim cinnte go ndéanfaidh an chathair na luachanna seo a chur chun cinn mar is ceart é. Déanaim comhghairdeas ó chroí leis an gcathair ina raibh mé i mo mhac léinn as an ngradam iontach seo a fháil .”

Na príomhchathracha cultúir ar Instagram