An bhearna phá idir na hinscní: sainmhíniú agus na cúiseanna

Cumhdaíodh prionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann i gConradh na Róimhe siar in 1957. Ar an meán áfach, tuilleann mná san Aontas Eorpach 16% níos lú ná fir.

illustration on Gender Gap
Tá bearna phá idir na hinscní de 16% ina hiomláine ann laistigh den Aontas Eorpach ©Shutterstock.com/Delpixel

Le blianta fada anuas, tá bearta á n-éileamh ag Parlaimint na hEorpa chun an bhearna phá idir na hinscní a dhúnadh. Rinneadh an cheist a phlé le linn díospóireachta arís in Strasbourg an 13 Eanáir 2020. Ghlac siad rún ar an ábhar an 30 Eanáir.


Leagadh an bunphrionsabal “an pá céanna as an obair chéanna” síos i gConradh na Róimhe siar sa bhliain 1957 agus cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta ó shin ó thaobh chur chun cinn an chomhionannais de, tá bearna ann fós.


Tá bearna phá idir na hinscní de 16% ina hiomláine ann laistigh den Aontas Eorpach agus difríochtaí suntasacha idir na ballstáit. Tá an bhearna is airde le fáil san Eastóin (25.6%), sa tSeicia (21.1%), sa Ghearmáin (21%) agus sa Ríocht Aontaithe (20.8%). Is sa Rómáin (3.5%), san Iodáil agus i Lucsamburg (5%) agus sa Bheilg (6%) a bhfuil na bearnaí is ísle le fáil. In Éirinn, tuilleann mná 13.9% níos lú ná fir ar an meán.


Conas a ríomhtar an bhearna phá idir na hinscní?


Is é atá sa bhearna phá idir na hinscní ná an difríocht idir meán-olltuilleamh na bhfear in aghaidh na huaire agus na mban in aghaidh na huaire.


Rialaítear pá comhionann i dtreoir AE ón mbliain 2005 ach tá nuachóiriú agus bearta breise éilithe ag feisirí Eorpacha arís agus arís eile. Tá sé fógartha ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen go n-ullmhófar straitéis inscne nua AE le bearta ceangailteacha i dtaca le trédhearcacht pá.

Cén fáth gur ann do bhearna phá?


Ní hionann i gcónaí bearna phá níos ísle i dtír ar leith agus comhionannas inscne níos fearr. I roinnt ballstát, is féidir bearnaí pá níos ísle a mhíniú mar gheall ar rannpháirtíocht níos ísle i margadh an tsaothair i gcás na mban. I dtíortha ina bhfuil bearna phá níos suntasaí ann, go minic oibríonn níos mó ban go páirtaimseartha.


Chomh maith leis sin, ar an meán déanann mná níos mó oibre gan íocaíocht (obair tí nó aire a thabhairt do leanaí). Ní oibríonn ach 8.7% na bhfear san Aontas Eorpach go páirtaimseartha i gcomparáid le 31.3% i gcás na mban. San iomlán, ar bhonn seachtainiúil, is mó uaireanta oibre na mban ná na bhfear.


Tógann níos mó ban sos gairme agus go minic bíonn tionchar ag cúraimí an teaghlaigh ar a roghanna gairme. Mar sin, mar gheall ar na gnéithe sin ar fad, tá tuilleamh iomlán na mban beagnach 40% níos lú ná tuilleamh na bhfear (figiúirí ón mbliain 2014).


Is féidir thart ar 30% den bhearna phá iomlán a mhíniú le ró-ionadaíocht na mban in earnálacha amhail cúram, díolachán nó oideachas lena mbaineann tuarastal níos ísle. Agus in earnálacha na heolaíochta, na teicneolaíochta agus na hinnealtóireachta is fir iad níos mó ná ochtar as deichniúr. Sna cuideachtaí is mó, is mná iad níos lú ná 6.9% de na príomhoifigigh feidhmiúcháin. In Éirinn ní mná iad ach 13.2% de bhaill boird na ngnólachtaí is mó atá liostaithe go poiblí, figiúr atá i bhfad faoi bhun mheánleibhéal an Aontais Eorpaigh, is é sin 21.2%.


Na buntáistí a bhaineann le laghdú na bearna pá


Rud eile atá soiléir ná go leathnaíonn an bhearna phá idir na hinscní de réir aoise agus mar gheall air sin, is mó an seans go mbeidh mná i ngreim ag an mbochtaineacht agus ag eisiamh sóisialta agus iad in earr a saoil. Chomh maith leis sin, sa bhliain 2017 bhí meánphinsean na mban thart ar 36% níos lú ná meánphinsean na bhfear.


Ceist an cheartais is ea an comhionannas pá, ach chomh maith leis sin, tríd an bhearna phá a laghdú d’fhéadfaí borradh a chur faoin ngeilleagar, d’fhéadfaí an bonn cánach a mhéadú agus roinnt den ualach ar an gcóras leasa a laghdú. De réir staidéir ón mbliain 2013, trí laghdú pointe céatadáin amháin a dhéanamh ar an mbearna phá, d’fhéadfaí an olltáirgeacht intíre a mhéadú 0.1%.