Plean infheistíochta €1 trilliún chun an Comhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú

Má tá an Eoraip le bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, beidh infheistíocht ollmhór ag teastáil. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil san alt thíos.

Photovoltaic
Táthar ag súil leis go spreagfar ar a laghad €1 trilliún d’infheistíochtaí faoi 2030 © Shutterstock.com/Franco Lucato

Fógraíodh Comhaontú Glas don Eoraip ag seisiún urghnách de chuid Pharlaimint na hEorpa an 11 Nollaig 2019. I ndíospóireacht sa Pharlaimint an 14 Eanáir 2020, d’fhógair an Coimisiún Eorpach bearta mionsonraithe chun an comhaontú a mhaoiniú. Leis an bplean infheistíochta don Chomhaontú Glas, táthar ag súil leis go spreagfar ar a laghad €1 trilliún d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha faoi 2030.


De réir mheastacháin an Choimisiúin Eorpaigh, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40% faoi 2030, bheadh gá le hinfheistíocht bhreise de €260 billiún gach bliain.


Meastar go maoineofar leath den infheistíocht trí chláir arna maoiniú ag buiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh amhail an comhbheartas talmhaíochta, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, Horizon Europe agus an clár LIFE.


Spreagfar €114 billiún i gcómhoiniú na mballstát, agus táthar ag súil leis go spreagfar thart ar €300 billiún in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a bhuí leis an gclár InvestEU agus le cistí Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí.


Sásra um Aistriú Cóir


Chun tacaíocht a chur ar fáil do na réigiúin agus na hearnálacha is mó a bheidh thíos leis an aistriú, spreagfaidh an Sásra um Aistriú Cóir €100 billiún in infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha. Le infheistíochtaí an tSásra, cuirfear athoiliúint ar oibrithe, cuirfear tacaíocht ar fáil do ghnólachtaí agus insleofar tithe.

Beidh an Sásra bunaithe ar thrí ghné:

  • An Ciste um Aistriú Cóir
  • Maoiniú ón gClár InvestEU
  • Iasachtaí ón mBanc Ceannais Eorpach



Tuilleadh maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir

1) Ciste um Aistriú Cóir


Ba cheart don tSásra cabhrú go mór mór le réigiúin a bhraitheann ar bhreosla iontaise amhail gual. Tá 238,000 duine fostaithe i dtionscal an ghuail san Aontas Eorpach agus gintear thart ar an gceathrú cuid de leictreachas an Aontais le gual.


Ag labhairt dó sa Pharlaimint an 14 Eanáir 2020, dúirt Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin an Choimisiúin Eorpaigh Frans Timmermans: “Tá teachtaireacht againn do na mianadóirí guail san Asturias, in iarthar na Macadóine agus sa tSiléis, do na buanaithe móna i lártíre na hÉireann, do na réigiúin Bhaltacha a bhraitheann ar sceall ola agus do go leor réigiún nach iad. Tá a fhios againn go bhfuil dúshlán níos mó romhaibh agus muid ag obair chun neodracht aeráide a bhaint amach, agus ar an mórgóir, cé gur smaoineamh dearfach é todhchaí ní ba ghlaine, ní haon dóithín é mar dhúshlán. Leis an tSásra um Aistriú Cóir ar fiú €100 billiún ar a laghad é, tá a fhocal á thabhairt ag an Aontas Eorpach go seasfaidh sé libh i rith an aistrithe seo.”

I mí Bealtaine 2020, leasaigh an Coimisiún an togra le haghaidh an Chiste um Aistriú Cóir, d’fhonn Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a oiriúnú chun drochiarmhairtí phaindéim Covid-19 a mhaolú. Méadaíodh an maoiniú ó bhuiséad fadtéarmach an tAontas ó €7.5 billiún go dtí €10 billiún, i dteanna €30 billiún mar ioncam seachtrach ón ionstraim théarnaimh. Soláthrófar deontais faoin ionstraim do chláracha a bhaineann le tacaíocht shóisialta, athbheochan eacnamaíoch agus athchóiriú talún.


2) Scéim speisialta faoin gclár InvestEU

Leis an gClár InvestEU, a dhíreoidh ar mhaoiniú aeráide, infheistofar €45 billiún san iomlán i dtionscnaimh de chuid an Aistriú Cóir ó 2021 go dtí 2027.


Cruthaithe in 2018, is é InvestEU clár suaitheanta infheistíochta an Aontais chun borradh a chur faoi gheilleagar na hEorpa.


I mí Bealtaine 2020, faoi chreatlach Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, mhol an Coimisiún go méadófaí buiséad an chláir InvestEU, agus go méadófaí faoi dhó an méid a chuirfí ar fáil do bhonneagar inbhuanaithe ó bhuiséad an Aontais (suas go dtí €20 billiún as €75 billiún san iomlán).



3) Saoráid iasachta don earnáil phoiblí

D’fhéadfaí tuilleadh maoinithe a ghiniúint trí shaoráid iasachta don earnáil phoiblí – €1.5 billiún mar dheontais ón bhuiséad fadtéarmach agus suas go dtí €10 billiún mar iasachtai BEI – le €25-€30 billiún sa bhreis mar infheistíocht ó húdarais phoiblí chun cabhrú leis na réigiúin is mó a bheidh thíos leis an dícharbónú.


Na forbairtí is déanaí


I vóta iomlánach an 18 Bealtaine 2021, ghlac feisirí Ciste um Aistriú Cóir dar luach €17.5 billiún chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar gcúl san aistriú glas. San áireamh sa phacáiste, tá €7.5 billiún ó bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027 agus €10 mbilliún breise ó ionstraim téarnaimh an Aontais. Le bheith incháilithe don mhaoiniú, ní mór do thionscadail díriú ar éagsúlú eacnamaíoch, athrú eacnamaíoch nó cruthú post, nó ní mór dóibh rannchuidiú le haistriú chuig geilleagar a bheidh inbhuanaithe, aeráidneodrach agus ciorclach.

Tá gach ballstát incháilithe do mhaoiniú an Chiste, ach díreofar na hacmhainní ar na réigiúin is mó a bheidh thíos leis an aistriú glas, mar shampla réigiúin ar mór a lorg carbóin agus a bhíonn ag brath ar bhreoslaí iontaise (gual, lignít, móin agus scealla ola). Cuirfear saibhreas na tíre san áireamh chomh maith.

Ina bpleananna maidir le haistriú cóir, caithfidh tíortha an Aontais a gcríocha a mbeidh an tionchar is mó ag an aistriú fuinnimh orthu a shainaithint, agus na hacmhainní a fhaigheann siad ón gCiste a dhíriú ar na ceantair sin. Ba chóir aird ar leith a thabhairt ar shainiúlachtaí oileán, ceantair oileánacha agus na réigiúin is forimeallaí.

Ar thionscnamh na Parlaiminte, cuirfear Sásra Luaíochta Ghlais leis an gCiste má mhéadaítear acmhainní an Chiste tar éis 31 Nollaig 2024. Dáilfear na hacmhainní breise sin ar na ballstáit, agus gheobhaidh na ballstáit sin a n-éireoidh leo astaíochtaí gás ceaptha teasa tionsclaíocha a laghdú níos mó maoinithe. Tar éis don Chomhairle an comhaontú a cheadú go hoifigiúil, tiocfaidh an rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir i bhfeidhm.

I vóta eile an 9 Márta 2021, ghlac feisirí an clár infheistíochta nua, InvestEU. Tá €26 billiún (i bpraghsanna reatha) curtha i leataobh i mbuiséad an Aontais mar ráthaíocht do InvestEU, a mheastar a spreagfaidh €400 billiún a bheidh le hinfheistiú ar fud an Aontais Eorpaigh idir 2021 agus 2027. Is cuid den phacáiste téarnaimh €750 billiún, ‘Next Generation EU’, é an clár nua. Cothóidh sé infheistíochtaí straitéiseacha, inbhuanaithe agus nuálaíocha agus rachaidh sé i ngleic le cásanna de chliseadh sa mhargadh, staideanna infheistíochta fo-optamacha agus an bhearna infheistíochta in earnálacha spriocdhírithe.

Rinne na feisirí cinnte de go rannchuideoidh InvestEU leis an sprioc go gcaithfear 30% ar a laghad de chistí an Aontais ar chuspóirí aeráide faoi 2027 agus déanfar 38% de na cistí a infheistiú i mbonneagar inbhuanaithe. Tá an rialachán maidir le hInvestEU i bhfeidhm anois.

Tuilleadh léitheoireachta:

Bearta AE chun tionchar athrú na haeráide a mhaolú

Ciste um Aistriú Cóir: an t-aistriú a éascú do réigiúin na hEorpa

InvestEU: clár infheistíochta an Aontais Eorpaigh