Grafaic faisnéise: an bhearna phá idir na hinscní san Eoraip

Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, faigh amach faoi na míchothromaíochtaí eacnamaíocha atá go fóill ann idir mná agus fir san Aontas Eorpach.

Siar sa bhliain 1995, ag comhdháil dhomhanda na Náisiún Aontaithe a bhí ar siúl i mBéising, glacadh rún maidir le cumhachtú agus dul chun cinn na mban timpeall na cruinne. Leagtar amach sa rún spriocanna straitéiseacha maidir le comhionannas inscne a bhaint amach i réimsí amhail an geilleagar, foréigean i gcoinne na mban, mná i gcumhacht, agus mná agus an comhshaol.


Cúig bliana is fiche ó glacadh Dearbhú Bhéising agus cúig bliana ó glacadh na spriocanna um fhorbairt inbhuanaithe - a bhfuil an comhionannas inscne mar cheann díobh - cad é mar atá cúrsaí anois? Rinneadh dul chun cinn ach tá neamhionannas go fóill ann idir fir agus mná. Agus ní haon eisceacht é margadh an tsaothair: ar an meán, saothraíonn mná in AE níos lú ná fir.


An bhearna phá


Is é atá sa bhearna phá idir na hinscní ná an difríocht idir meán-tuarastal na bhfear agus na mban. A mhéid a bhaineann leis an bhearna phá neamhchoigeartaithe, is é atá ann ná an difríocht idir meán-olltuilleamh na bhfear agus na mban in aghaidh na huaire arna sloinneadh mar chéatadán de mheán-olltuilleamh na bhfear. (Ní chuimsíonn na sonraí seo ach comhlachtaí le breis agus 10 fostaí.)


Tá bearna phá idir na hinscní de bheagnach 15% ina hiomláine ann laistigh den Aontas Eorpach agus difríochtaí suntasacha idir na ballstáit. Tá an bhearna is airde le fáil san Eastóin (23%), agus is sa Rómáin (3%) a bhfuil an bhearna is ísle le fáil. In Éirinn, tuilleann mná 14% níos lú ná fir ar an meán.

Infographic on the gender pay gap by EU country
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Ní hionann i gcónaí bearna phá níos ísle i dtír ar leith agus comhionannas inscne níos fearr. I roinnt ballstát, is féidir bearnaí pá níos ísle a mhíniú mar gheall ar rannpháirtíocht níos ísle i margadh an tsaothair i gcás na mban. I dtíortha ina bhfuil bearna phá níos suntasaí ann, go minic oibríonn níos mó ban go páirtaimseartha.


Mná agus fir i margadh an tsaothair


Tá an iliomad cúiseanna éagsúla leis an bhearna phá idir na hinscní agus caithfear neart gnéithe a chur san áireamh. Tá i bhfad níos mó i gceist leis ná ceist an phá chomhionainn as obair chomhionann.

go gcríochnaíonn níos mó ban ná fir ardoideachas in AE, tá níos lú ban gníomhach i margadh an tsaothair. Chomh maith leis sin, ar an meán déanann mná níos mó oibre gan íocaíocht (obair tí nó aire a thabhairt do leanaí). Ní oibríonn ach 9% na bhfear san Aontas Eorpach go páirtaimseartha i gcomparáid le beagnach 30% i gcás na mban. Tógann níos mó ban sos gairme agus go minic bíonn tionchar ag cúraimí an teaghlaigh ar a roghanna gairme.


Leathnaíonn an bhearna phá idir na hinscní de réir aoise

Braitheann sé ó bhallstát amháin go ceann eile, ach rud eile atá soiléir ná go leathnaíonn an bhearna phá idir na hinscní de réir aoise agus mar gheall air sin, is mó an seans go mbeidh mná i ngreim ag an mbochtaineacht agus ag eisiamh sóisialta agus iad in earr a saoil. Chomh maith leis sin, sa bhliain 2018, bhí meánphinsean na mban thart ar 30% níos lú ná meánphinsean na bhfear.

Ar ndóigh, ní mar a chéile an bhearna phá i ngach tionscal: sa bhliain 2017, bhí sí níos airde san earnáil phríobháideach ná mar a bhí san earnáil phoiblí i bhformhór na dtíortha AE.

Infographic with statistics about women and men on the labour market in the EU
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Mná i bpoist ardbhainistíochta

Cúis thábhachtach eile leis an bhearna phá idir na hinscní ná ró-ionadaíocht na mban in earnálacha le pá íseal, agus a ngannionadaíocht in earnálacha le pá ard. Mar shampla, in earnálacha na heolaíochta agus na hinnealtóireachta is fir iad beagnach seisear as deichniúr.


Sna cuideachtaí is mó, is mná iad níos lú ná 7% de na príomhoifigigh feidhmiúcháin. In Éirinn, mar shampla, ní mná iad ach 13% de bhaill boird na ngnólachtaí is mó atá liostaithe go poiblí, figiúr atá i bhfad faoi bhun mheánleibhéal an Aontais Eorpaigh, is é sin 21%. Ar an meán in AE, ní mná iad ach duine as triúr a bhfuil poist bhainistíochta acu.