Bearta an Aontais Eorpaigh chun Covid-19 a chomhrac

Agus tíortha ar fud an domhain ag streachailt leis an bpaindéim Covid-19, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hiarrachtaí vacsaíní agus cóireálacha a fhorbairt chomh luath agus is féidir.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

freagairt Eorpach chomhchoiteann ar an ráig den choróinvíreas Covid-19 á comhordú ag an Aontas Eorpach. Mar chuid ríthábhachtach den fhreagairt sin, tá an tAontas ag cur cistí ar fáil chun taighde agus nuálaíocht a mhaoiniú d’fhonn leigheas ar an víreas a fháil.


Tá €48.25 milliún curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun 18 dtionscadal a mhaoiniú faoin gclár Horizon 2020, clár suaitheanta an Aontais chun taighde a chistiú.


Tá 151 fhoireann taighde ó cheann ceann an Aontais Eorpaigh, agus níos faide i gcéin, ag obair ar na nithe seo a leanas:

  • a chinntiú go mbeidh an tAontas Eorpach níos ullmhaithe do ráigeanna trí chórais mhonatóireachta níos fearr a fhorbairt chun scaipeadh víreas a chosc agus a smachtú
  • mearthástálacha diagnóiseacha sa láthair chúraim, d’fhonn diagnóisiú a dhéanamh ar bhonn níos sciobtha agus níos cruinne
  • cóireálacha leighis nua
  • vaicsíní nua.

Roinnfidh na foirne taighde torthaí a gcuid oibre chun dlús a chur le freagairt an Aontais agus na mballstát.

D’fhógair an Coimisiún Eorpach glaoch ar thograí taighde maidir le cóireálacha agus diagnóisic a fhorbairt chun dul i ngleic leis an ráig reatha agus chun ullmhacht an Aontais a fheabhsú amach anseo. Comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí idir an tAontas Eorpach agus earnáil na cógaisíochta a bheidh sa tionscadal seo, agus táthar ag súil leis go ndéanfar €90 milliún a infheistiú san iomlán (buiséad AE agus an clár Horizon 2020 a chuirfidh leath den airgead ar fáil).

An 16 Márta, chuir an Coimisiún Eorpach cúnamh airgeadais €80 milliún ar fáil don chomhlacht Gearmánach CureVac chun tacú lena obair chun vaicsín in aghaidh an choróinvíris a fhorbairt.

Chomh maith leis sin, tá an tAontas Eorpach tar éis roinnt mhaith meicníochtaí a chur i bhfeidhm chun an ráig den choróinvíreas a chomhrac, mar shampla an clár PREPARE a thacaíonn le hullmhacht ospidéal san Eoraip agus cartlann víris a sholáthraíonn ábhar do lucht taighde chun cabhrú leo diagnóisiú a dhéanamh.

Tá an tAontas Eorpach ag tacú chomh maith le gnólachtaí nuathionscanta agus le gnólachtaí beaga agus meánmhéide chun nuálaíocht a chothú d’fhonn an ráig a chomhrac, cuir i gcás na tionscadail EpiShuttle agus m-TAP.