Coróinvíreas: conas tú féin a chosaint ar an gcibearchoireacht

Tá borradh tagtha faoin gcibearchoireacht ó bhris an phaindéim Covid-19 amach. Caith súil ar an alt thíos chun tuilleadh a fhoghlaim maidir le conas tú féin a chosaint.

Is your password safe? ©Vitalii Vodolazskyi/AdobeStock
An bhfuil do phasfhocal sábháilte? ©Vitalii Vodolazskyi/AdobeStock

Mar gheall ar an ráig den choróinvíreas nua, tá níos mó ama á chaitheamh againn ar líne, i mbun teilea-oibrithe, ag déanamh teagmháil le cairde agus lenár muintir, nó ag scimeáil ar an idirlíon. Tá an coróinvíreas ag déanamh imní dúinn ar fad, rud atá ina chúis le hiompar neamhshábháilte ar líne, agus tá cibearchoirpigh ag teacht i dtír ar na laigí sin.


Baineann siad úsáid as ionsaithe fioscaireachta, bogearraí mailíseacha agus cleachtais eile chun sonraí a ghoid nó chun rochtain a fháil ar ghléasanna, rud a chuireann ar a gcumas teacht a bheith acu ar do shonraí baincéireachta nó ar shonraí rúnda eagraíochtaí nó comhlachtaí, agus tuilleadh lena chois.


Go minic, baineann cibearchoirpigh úsáid as teachtaireachtaí nó naisc bréige d’fhonn teacht i dtír ar imní daoine. Atreoraítear úsáideoirí idirlín chuig suíomh gréasáin mailíseach, déantar fógraíocht faoi “leigheasanna míorúilteacha”, cuirtear achainí mailíseach amach ar lorg síntiús, nó ligeann daoine orthu go bhfuil siad ina n-ionadaithe d’eagraíochtaí cúram sláinte.

Tuilleadh eolais faoi na príomhbhagairti cibearshlándála atá ag teacht chun cinn faoi láthair.


Tá an tAontas Eorpach ag obair leis na cuideachtaí teileachumarsáide chun líonraí AE a chosaint ar chibearionsaithe. Idir an dá linn, áfach, ba cheart an chomhairle thíos a leanúint chun a chinntiú go mbeidh tú slán sábháilte agus tú i mbun teilea-oibrithe nó ag scimeáil ar líne:


  • Bí cúramach má fhaigheann tú ríomhphoist, teachtaireachtaí téacs nó glaonna teileafóin gan iarraidh, go mór mór má bhaineann an duine leas as an ngéarchéim chun dul thart ar na gnáthnósanna imeachta slándála.

  • Déan do phasfhocail a athshocrú agus a neartú (bain úsáid as uimhreacha, litreacha agus carachtair speisialta) agus bí cinnte go bhfuil do nasc idirlín slán sábháilte (déan an pasfhocal a athrú agus cuir teorainn leis an líon gléasanna atá nasctha).

  • Chun do ghléasanna a chosaint, bain úsáid as clár frithvíreas agus bí cinnte go bhfuil sé cothrom le dáta.

Cliceáil ar an nasc seo chun tuilleadh a fhoghlaim maidir le conas tú féin a chosaint agus tú ag obair sa bhaile.


Déanann Parlaimint na hEorpa a dícheall ardleibhéal slándála a áirithiú d’úsáideoirí idirlín san Aontas. Déanann institiúidí AE amhail an Coimisiún Eorpach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, CERT-EU agus Europol gníomhaíochtaí mailíseacha ar líne a fhiosrú, ardaíonn siad feasacht ar fhadhb na cibearchoireachta agus cosnaíonn siad saoránaigh agus gnólachtaí.