Tionchar ráig an choróinvíris ar an bhfeirmeoireacht agus ar an iascach a mhaolú

I vóta an 17 Aibreán, thug feisirí a gceadú le bearta éigeandála chun drochthionchar Covid-19 ar earnálacha an iascaigh agus na talmhaíochta a mhaolú, agus an soláthar bia a chinntiú.

A fisherman at work ©Curto/Adobe Stock
©Curto/Adobe Stock

Tugadh “lánaí glasa” isteach chun a chinntiú go leanfaidh na slabhraí soláthair ar fud an Aontais de bheith ag feidhmiú, ach tá earnálacha an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na feirmeoireachta fós faoi bhrú suntasach. Mar gheall ar na srianta ar thaisteal oibrithe séasúracha, tá easpa oibrithe ann, rud atá ag cothú deacrachtaí do tháirgeoirí in earnáil an agraibhia.


treoirlínte eisithe ag an gCoimisiún Eorpach maidir le trasnuithe teorann a éascú d’oibrithe riachtanacha, amhail oibrithe séasúracha, ach mar sin féin, tá drogall ar go leor acu a dtíortha dúchais a fhágáil. Má thiteann táirgeacht talmhaíochta, bheadh tionchar aige sin ar phraghasanna. Lena chois sin, tá tionchar suntasach tar éis a bheith ag dúnadh thionscal an fháilteachais ar earnáil na talmhaíochta.


Tionchar na paindéime a mhaolú in earnáil an iascaigh


Tá an suaitheadh ar an margadh mar gheall ar an laghdú suntasach atá tagtha ar éileamh de dheasca ráig Covid-19 tar éis earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a bhualadh go dona. Tá laghdú suntasach tagtha ar phraghsanna mar gur dúnadh ionaid díolacháin, margaí agus bealaí dáileacháin. Mar gheall ar an laghdú ar an éileamh agus ar phraghsanna, chomh maith le leochaileacht castacht an tslabhra soláthair, bhíothas ag déanamh caillteanais in oibríochtaí na gcabhlach iascaireachta agus oibríochtaí táirgthe bia mara. Dá dheasca sin, bhí ar iascairí fanacht sa chalafort agus beidh ar iascairí táirgí a dhiúscairt nó a scriosadh laistigh de roinnt seachtainí.


I measc na ndeacrachtaí eile atá roimh an earnáil, tá last-táillí tar éis méadú, tá srianta ar thaisteal le tíortha neamh-AE agus bíonn sé níos casta criúnna a rothlú.


Ag an seisiún iomlánach a bhí ar siúl an 17 Aibreán, thug feisirí Eorpacha a gceadú le cuidiú airgeadais chun tionchar na ráige in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe a mhaolú. Beidh an fhéidearacht ag na ballstáit cúnamh stáit a thabhairt agus bainfidh tuilleadh solúbthachta leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh d’fhonn drochthionchar na ráige a mhaolú.


Beidh na ballstáit in ann tacú le scor sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta. Ba cheart freisin caipiteal oibre a sholáthar do thairgeoirí dobharshaothraithe agus d’fhiontair phróiseála, agus tabharfar tacaíocht do tháirgeoirí chun táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe a stóráil go sealadach.


Ag tacú le feirmeoirí

Tá ar fheirmeoirí aghaidh a thabhairt ar neart deacrachtaí mar gheall ar an gcoróinvíreas. Ag cruinniú de chuid an choiste pharlaimintigh um thalmhaíocht an 15 Aibreán, d’fháiltigh feisirí Eorpacha roimh phleananna an Choimisiúin Eorpaigh tacú leis an earnáil agraibhia. Chuir siad in iúl, áfach, go bhfuil gá le tuilleadh bearta spriocdhírithe, lena n-áirítear bearta margaidh amhail stóráil phríobháideach.


Chun cuidiú le hearnálacha talmhaíochta atá ag streachailt, dúirt feisirí gur cheart an cúlchiste géarchéime a ghníomhú. Thug siad le fios chomh maith go mbeidh gá le tacaíocht bhuiséadach leordhóthanach fhadtéarma nuair a bheidh deireadh leis an bpaindéim.

Athdháilfear cistí talmhaíochta nár úsáideadh chun iarmhairtí na géarchéime a mhaolú i gceantair thuaithe, agus cuirfear iasachtaí nó ráthaíochtaí ar fáil a mbainfidh coinníollacha buntáisteacha leo chun costais oibríochtúla suas le €200,000 a chlúdach.


Mhol an Coimisiún chomh maith go ndéanfaí líon na seiceálacha fisiciúla ar fheirmeacha a ísliú agus gur cheart síneadh míosa (go dtí an 15 Meitheamh 2020) a chur leis an spriocdháta i dtaca le hiarratas a chur isteach ar íocaíochtaí díreacha agus ar íocaíochtaí forbartha tuaithe.


Maidir le hoibrithe séasúracha, a bhfuil ról an-tábhachtach acu ó thaobh an phlandaithe agus obair an fhómhair de, chuir an Coimisiún in iúl gur cheart do na ballstáit caitheamh leo mar oibrithe riachtanacha agus gur cheart aistear slán, socair thar teorainneacha a chinntiú. An 22 Aibreán, d’fhógair an Coimisiún Eorpach bearta eile eisceachtúla chun tacú leis an earnáil agraibhia


Tuilleadh léitheoireachta: freagairt an Aontais Eorpaigh ar an gcoróinvíreas