Úsáid aipeanna rianaithe sa chomhrac i gcoinne an choróinvíris

D’fhéadfadh aipeanna móibíleacha ról tábhachtach a bheith acu sa chomhrac i gcoinne Covid-19, ach tá an baol ann go dtiocfaidh ceisteanna príobháideachais agus cosanta sonraí chun cinn.

Covid-19 tracing apps: passengers in protective masks using a mobile phone ©AdobeStock/Yurolaitsalbert
Is féidir le haipeanna rianaithe teagmhála foláireamh a thabhairt d'úsáideoirí maidir le tástáil a fháil nó iad féin a fhéinleithlisiú

D’fhéadfadh aipeanna móibíleacha ról tábhachtach a bheith acu chun scaipeadh an choróinvíris a mhaolú, agus tá an tAontas Eorpach ag obair i gcomhar le húdaráis na mballstát chun réitigh nuálacha a fhorbairt.

Tá molta ag an Choimisiún Eorpach go nglacfaí le cur chuige comhchoiteann Eorpach i leith aipeanna rianaithe, a thugann rabhadh do dhaoine más rud é go é raibh siad gar do dhuine ionfhabhtaithe.

An gá le príobháideachas agus sonraí a chosaint


Mar go bhfuil an baol ann go nochtfaí sonraí príobháideacha na n-úsáideoirí, tá sé curtha i bhfáth ag an bParlaimint go gcaithfear a áirithiú go bhforbraítear na haipeanna seo ar bhonn thar a bheith cúramach.


I rún an 17 Aibreán agus i ndíospóireacht iomlánach an 14 Bealtaine, chuir feisirí Eorpacha i bhfáth go gcaithfidh na húdaráis náisiúnta agus Eorpacha cloí go hiomlán le reachtaíocht cosanta sonraí agus príobháideachais agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí digiteacha mar fhreagairt ar an ráig. Chuir feisirí in iúl chomh maith nach bhféadfadh úsáid na bhfeidhmchlár forbartha ag údaráis náisiúnta nó AE a bheith éigeantach. Mhol siad freisin go socrófar clásail éagtha chun a chinntiú nach gcoinneofar na sonraí níos faide ná mar is gá.


Chuir feisirí in iúl gur cheart úsáid a bhaint as sonraí i ndíth ainm, agus chun a chinntiú nach bhfuil baol mí-úsáid ann, ba chóir na sonraí ar fad a stóráil ar bhonn díláraithe. Níor cheart na sonraí arna nginiúint a stóráil i mbunachair sonraí láraithe.


D’éiligh feisirí chomh maith go mbeidh an Coimisiún agus na ballstáit go hiomlán trédhearcach maidir le feidhmiú na n-aipeanna rianaithe teagmhála, go mbeidh lán-trédhearcacht ann a mhéid a bhaineann le leasa tráchtála forbróirí na bhfeidhmchláir, agus go léireofar réamhmheastacháin soiléir maidir le conas a chabhróidh úsáid aipeanna rianaithe teagmhála ó thaobh líon na n-ionfhabhtuithe a íoslaghdú.


Amlíne maidir le bearta AE chun dul i ngleic leis an gcoróinvíreas

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Rianú seachas lorgaireacht


I measc bearta digiteacha éagsúla chun monatóireacht a dhéanamh ar an phaindéim agus a drochiarmhairtí a mhaolú, aithníonn an Coimisiún gurb iad aipeanna rianaithe teagmhálaithe – bunaithe ar theicneolaíochtaí gearr-raoin amhail Bluetooth seachas geoshuíomh – an uirlis is tairbhí ó thaobh na sláinte poiblí de.


Is féidir leis na haipeanna seo foláireamh a thabhairt d'úsáideoirí maidir le tástáil a fháil nó iad féin a fhéinleithlisiú tar éis dóibh a bheith i dteagmháil le duine ionfhabhtaithe ar feadh tréimhse áirithe, gan sonraí fíor-ama a phróiseáil maidir le suíomh beacht nó gluaiseacht an úsáideora. In éineacht le modhanna eile amhail ceistneoirí, d'fhéadfadh na haipeanna seo beachtas a éascú agus scaipeadh an víris a shrianadh, gan bheith rósháiteach ó thaobh príobháideachais de.


Treoirlínte oifigiúla AE maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas


treoirlínte agus bosca uirlisí maidir le forbairt aipeanna móibíleacha foilsithe ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhar leis na ballstáit, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí, agus tá sé mar aidhm acu cosaint sonraí leordhóthanach a áirithiú agus a chinntiú ag an am céanna nach mbeidh na haipeanna rósháiteach.


Cuirtear in iúl sna treoirlínte go gcaithfidh na haipeanna a bheith i gcomhréir go hiomlán le rialacha cosanta sonraí an Aontais, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus an treoir maidir le r-príobháideachas.



Úsáid na n-aipeanna náisiúnta ar fud an Aontais


An 13 Bealtaine, d’fhoilsigh an Coimisiún liosta na n-aipeanna rianaithe mar chuid de na treoirlínte maidir le taisteal a atosú san Eoraip, ag leagan béime ar a thábhachtaí atá idir-inoibritheacht na n-aipeanna ar fud na hEorpa.


I mí Meithimh, nuair a chuaigh na ballstáit i mbun na srianta taistil a mhaolú, tháinig siad ar chomhaontú maidir le malartú faisnéise idir na haipeanna náisiúnta chun a áirithiú go mbeadh taistealaithe in ann a n-aip náisiúnta féin a úsáid ar fud na hEorpa. Baineann sé seo leis na treoirlínte maidir le hidir-inoibritheacht a glacadh i mí Bealtaine.


I mí Dheireadh Fómhair, sheol an Coimisiún geata nua chun na haipeanna rianaithe náisiúnta a cheangal le chéile.


Coinneoidh feisirí súil ar chúrsaí


D’fháiltigh cathaoirleach an choiste pharlaimintigh um shaoirsí sibhialta Juan Fernando López Aguilar roimh an mbosca uirlisí a d’fhoilsigh an Coimisiún, ach chuir sé i bhfáth go gcaithfear cearta bunúsacha agus cosaint sonraí a chaomhnú.


Ag cruinniú an choiste um shaoirsí sibhialta an 7 Bealtaine, rinne feisirí plé ar úsáid sonraí pearsanta sa chomhrac i gcoinne an choróinvíris le Wojciech Wiewiórowski, an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, agus le hAndrea Jelinek, cathaoirleach an Bhoird Eorpaigh um Chosaint Sonraí. Rinneadh úsáid aipeanna rianaithe teagmhála a phlé arís ag seisiún iomlánach na Parlaiminte an 14 Bealtaine.


Tuilleadh maidir le bearta téarnaimh an Aontais

Bosca uirlisí AE

  • Ba chóir go mbeadh údarais sláinte na mballstát i gceannas ar na haipeanna agus freagrach as a áirithiú go gcomhlíonann siad rialacha AE maidir le cosaint sonraí pearsanta
  • Bíonn smacht iomlán ag úsáideoirí ar a sonraí pearsanta. Ba chóir go suiteálfaí an aip ar bhonn deonach, agus ba chóir iad a dhíchóimeáil a luaithe nach mbeidh gá leo a thuilleadh
  • Bíonn teorainn ar úsáid sonraí pearsanta: ní bhainfear úsáid ach as sonraí ábhartha, agus níor chóir go mbeadh rianú suíomh beacht san áireamh
  • Teorainneacha diana maidir le stóráil sonraí: níor chóir sonraí pearsanta a choimeád nuair nach mbíonn gá leis
  • Slándáil sonraí: ba chóir sonraí criptithe a stóráil ar ghléas an duine
  • Idir-inoibritheacht: ba chóir go mbeifí in ann na haipeanna a úsáid ar fud an Aontais
  • Ba chóir go mbeadh na húdarais náisiúnta um chosaint sonraí lánpháirteach sa phróiseas