Caomhnú na bithéagsúlachta: beartas an Aontais Eorpaigh

Agus milliún speiceas i mbaol a ndíothaithe timpeall an domhain, faigh amach céard atá á dhéanamh ag an Aontas Eorpach chun bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhealach a leasa.

A nearly extinct Iberian lynx, Lynx pardinus, standing on a rock
An lincse Ibéarach a sábháladh ar dhíothú

Tá an bhithéagsúlacht ina bonn le folláine an duine ach tá sí faoi bhrú ollmhór faoi láthair mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna. Measann eolaithe go bhfuil aon mhilliún speiceas plandaí, feithidí, éan agus mamaigh i mbaol a ndíothaithe ar fud an domhain. Meastar go bhfuil suas le 24% de speicis a bhaineann le grúpaí amhail féileacáin, éin agus mamaigh imithe ar fad ó chríoch roinnt tíortha Eorpacha. De réir an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra agus Acmhainní Nádúrtha, tá 23% d’amfaibiaigh, 20% de reiptílí, 17% de mhamaigh agus 13% d’éin san Eoraip i mbaol.

Mar chomhreachtóir, tá an Pharlaimint le fada an lá ag tacú le cosaint AE don bhithéagsúlacht agus le beartais AE maidir leis an athrú aeráide. I vóta in Eanáir 2020, d’éiligh feisirí Eorpacha straitéis bhithéagsúlachta uaillmhianach le spriocanna a bheidh ina gceangal de réir dlí chun stop a chur leis an meath. Tá feisirí ag iarraidh go ndéanfaí limistéir faoi chosaint de 30% de chríocha nádúrtha na hEorpa. Chun maoiniú leordhóthanach a chinntiú, tá siad den tuairim gur cheart 10% de bhuiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021-2027 a chaitheamh ar chaomhnú na bithéagsúlachta.


Mar fhreagairt ar éilimh na Parlaiminte, agus i bhfianaise bhearta aeráide an Aontais, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 i mBealtaine 2020. Chuir Pascal Canfin, cathaoirleach an choiste pharlaimintigh um an gcomhshaol, fáilte roimh an ngealltanas i dtaca le húsáid lotnaidicídí a laghdú 50% faoi 2030 agus roimh ghealltanas maidir le 25% de tháirgí feirmeoireachta a bheith orgánach faoi 2030. De réir straitéis an Choimisiúin, déanfar limistéir faoi chosaint de 30% de thalamh agus d’fharraigí na hEorpa. Chuir an tUasal Canfin in iúl, áfach, go gcaithfear bunús dlíthiúil a chur faoi na gealltanais agus gur cheart iad a chur i bhfeidhm.


Chomh maith le straitéis nua eile an Choimisiúin maidir le bia sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe, is bunchloch den Chomhaontú Glas don Eoraip í an straitéis bhithéagsúlachta. Sna deich mbliana amach romhainn, tá sé ar intinn ag an Aontas eiceachórais talaimh agus mhuirí atá díghrádaithe a thabhairt ar ais ar fud na hEorpa. Is mian leis an Aontas chomh maith dea-shampla a thabhairt san idirbheartaíocht dhomhanda i dtaobh stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta agus na héiceachórais a chosaint.


Is éard atá sa straitéis uaillmhian an Aontais i dtaca le creat bithéagsúlachta domhanda a chuirfear i bhfeidhm ó 2020 ar aghaidh, creat a bhí le glacadh i mí Dheireadh Fómhair 2020 ag comhdháil bhithéagsúlachta na Náisiún Aontaithe in Kunming na Síne. Cuireadh an chomhdháil ar athlá mar gheall ar ráig an choróinvíris.


Bearta an Aontais chun an bhithéagsúlacht a chosaint


Sa bhliain 2010, ghlac an tAontas straitéis bhithéagsúlachta chun cabhrú le stop a chur le cailliúint bithéagsúlachta faoi 2020. Chomh maith leis an straitéis sin, tá iarrachtaí an Aontais bunaithe ar reachtaíocht, amhail an treoir maidir le héin a thugann cosaint d’éin fhiáine, clúdaítear thart ar 500 speiceas.


Leis an treoir maidir le gnáthóga a tugadh isteach sa bhliain 1992, cuirtear dualgas ar thíortha AE gnáthóga atá i mbaol agus gnáthóga speiceas plandaí nó ainmhithe atá i mbaol a chosaint. Clúdaíonn an treoir thart ar 200 cineál éagsúil gnáthóg. Le líonra Natura 2000, tá 26,000 limistéar faoi chosaint a chlúdaíonn aon chúigiú d'achar talún AE. Is é an líonra is mó dá chineál ar domhan é, agus tugann sé tacaíocht ríthábhachtach do na speicis agus na gnáthóga is mó atá i mbaol san Eoraip.


Chun dul i ngleic le meath na mbeach agus pailneoirí eile, foilsíodh tionscnamh an Choimisiúin maidir le pailneoirí. Cuirtear in iúl sa straitéis go gcaithfear daoine a chur ar an eolas faoin laghdú atá ag teacht ar líon na bpailneoirí agus go gcaithfear dul i ngleic le bunchúiseanna an laghdaithe sin (an t-athrú aeráide, dianfheirmeoireacht agus caillteanas gnáthóige, cuir i gcás). I rún i Nollaig 2019, chuir feisirí in iúl go bhfuil moltaí an Choimisiúin “easnamhach” agus d’iarr ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar na mbearta reatha atá ann chun freagairt níos éifeachtaí agus níos comhordaithe a chinntiú ar leibhéal AE chun dul i ngleic leis an bhfadhb.


Leis an gclár LIFE, cuireann an tAontas Eorpach maoiniú ar fáil do thionscadail caomhantais atá dírithe ar an gcomhshaol agus ar an nádúr. A bhuí leis an gclár, sábháladh an lincse Ibéarach agus an mionphocaire gaoithe Bulgárach ar dhíothú.

Bithéagsúlacht: An dúlra a thabhairt ar ais

Uasdátú: I vóta iomlánach an 8 Meitheamh 2021, thug feisirí Eorpacha le fios go dteastaíonn saghas ‘Comhaontú Pháras’ le haghaidh na bithéagsúlachta agus Dlí Bithéagsúlachta AE le haghaidh éiceachórais athshlánaithe, athléimneacha agus leorchosanta faoi 2050. Chuir siad in iúl go gcaithfear limistéir chosanta a dhéanamh de 30% de thalamh agus muir an Aontais agus go bhfuil gá le bearta práinneacha chun stop a chur leis an meath ar bheacha agus pailneoirí eile.


Tuilleadh léitheoireachta