Grafaic faisnéise: speicis atá i mbaol san Eoraip

Tá an t-ochtú cuid de speicis an domhain i mbaol a ndíothaithe. Roimh don Choimisiún straitéis bhithéagsúlachta nua a fhoilsiú, faigh tuilleadh eolais faoi na speicis atá i mbaol in AE.

Tá an bhithéagsúlacht ina bonn le folláine an duine ach tá sí faoi bhrú ollmhór faoi láthair mar gheall ar ghníomhaíochtaí daonna. I dtuarascáil na Náisiún Aontaithe a foilsíodh sa bhliain 2019, tugtar le fios go bhfuil an t-ochtú cuid de speicis an domhain i mbaol a ndíothaithe. Meastar go bhfuil suas le 24% de speicis a bhaineann le grúpaí amhail féileacáin, éin agus mamaigh imithe ar fad ó chríoch roinnt tíortha Eorpacha.


Ghlac Parlaimint a seasamh ar Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol chun speiceas atá i mbaol a chaomhnú. Pléadh na nithe is cúis le cailliúint bhithéagsúlachta agus spriocanna a leagadh síos atá ceangailteach ó thaobh dlí.


Thug feisirí a gcuid tacaíochta do dhlí nua maidir le hathchóiriú an dúlra i bhFeabhra 2024, atá mar chuid d'iarrachtaí an Aontais an bhithéagsúlacht a chaomhnú san Eoraip. Cuireann an dlí ceangal ar gach tír in AE aghaidh a thabhairt ar ghnáthóga nádúrtha a athchóiriú.

Infographic on the most endangered species in Europe
Caith súil ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

De réir liosta an Aontais Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra, tá 1,677 speicis i mbaol a ndíothaithe san Eoraip. Tá níos mó ná an leathchuid de chrainn dhúchasacha na hEorpa i mbaol, lena n-áirítear an crann cnó capaill, an heberdenia excelsa (atá le fáil sna hAsóir, i Maidéara agus sna hOileáin Chanáracha go mór mór) agus an crann caorthainn.


Tá aon chúigiú d’amfaibiaigh agus reiptílí i mbaol. As na mamaigh is mó atá i mbaol san Eoraip, tá an sionnach Artach, an mhinc Eorpach, an rón manaigh Meánmhuirí, ceartmhíol an Atlantaigh Thuaidh agus an béar bán.


Le blianta beaga anuas, tá beachairí ag tabhairt le fios go bhfuil a gcoilíneachtaí ag dul i léig, go háirithe i dtíortha iarthar na hEorpa. Meastar go bhfuil an deichiú cuid de speicis na mbeach agus na bhféileacán i mbaol a ndíothaithe. Mar go bhfuil ról riachtanach ag beacha agus ag pailneoirí eile d’éiceachórais agus don bhithéagsúlacht, beidh tionchar ag an meath atá ag teacht orthu ar shlándáil an tsoláthair bhia agus ar tháirgiúlacht earnáil na talmhaíochta.