Córas bia inbhuanaithe: straitéis an Aontais Eorpaigh

Lena straitéis maidir le hinbhuanaitheacht bia, tá mar aidhm ag an Aontas an comhshaol, sláinte na ndaoine agus ioncaim na bhfeirmeoirí a chosaint.

Tá tionchar suntasach ag an chóras bia – ó tháirgeacht go tomhaltas agus dramhaíl – ar an chomhshaol, ar shláinte agus ar shábháilteacht bia. Leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, a foilsíodh an 20 Bealtaine 2020, tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh córas bia inbhuanaithe a chruthú in AE chun slándáil bhia, daoine agus an dúlra a chosaint.


Spriocanna a leagan


Leagadh creatlach amach sa straitéis maidir leis an tsraith dlíthe a mholfaidh an Coimisiún: ó hathbhreithniú ar reachtaíocht AE maidir le lotnaidicídí; rialacha AE nua maidir le leas ainmhithe agus pleananna chun tabhairt faoi dhramhaíl bhia agus caimiléireacht maidir le lipéadú bia; tionscnamh maidir le feirmeoireacht charbóin; agus athchóiriú ar chóras feirme an Aontais.


Cuirfear mar sin leis an reachtaíocht reatha, agus tógfar creatlach cuimsitheach a chlúdóidh an biashlabhra ar fad. Beidh na moltaí seo ar fad le socrú trí idirbheartaíocht idir an Chomhairle agus an Pharlaimint sular féidir iad a fhaomhadh.

Príomhspriocanna na straitéise faoi 2030:

  • laghdú 50% ar úsáid na lotnaidicídí
  • laghdú 20% ar a laghad ar úsáid na leasachán
  • laghdú 50% ar dhíolacháin frithmhiocróbach le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe agus an dobharshaothraithe
  • an fheirmeoireacht orgánach a chur i réim ar 25% den talamh feirme iomlán faoi 2030

Córas bia glas a chruthú


Cé gurb í talmhaíocht AE an t-aon mórearnáil feirmeoireachta ar domhan a bhfuil laghdú tagtha ar a hastaíochtaí gás ceaptha teasa (20% ó 1990 i leith), tá sí fós mar chúis le 10% d’astaíochtaí (agus 70% de mar gheall ar ainmhithe). Mar aon le déantúsaíocht, próiseáil, pacáistiú agus iompar, tá earnáil an bhia mar phríomhchúis le hathrú aeráide.

Amharc ar an fhíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Aithnítear leis an straitéis go mbeidh gá le hathrú inár nósanna táirgthe, ceannaigh agus tomhaltais ó thaobh bia de chun an lorg comhshaoil a laghdú agus athrú aeráide a mhaolú – ach chomh maith chun slithe beatha na ndaoine ar fad sa bhiashlabhra a chosaint trí choinníollacha eacnamaíocha níos cothroime a chruthú agus deiseanna nua a thabhairt do ghnólachtaí.


Tá an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip agus sprioc na haeráidneodreachta faoi 2050, atá dlúthbhainte le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030 agus leasuithe nua an Chomhbheartas Talmhaíochta.


Tá de chuspóir aici córas bia an Aontais a dhéanamh níos seasmhaí i gcoinne géarchéimeanna amhail Covid-19 a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo agus i gcoinne tubaistí nádúrtha amhail tuilte nó triomach.


Bia inacmhainne, sláintiúil agus inbhuanaithe


Leis an Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, tá an tAontas ag iarraidh cinnte a dhéanamh de go mbeidh bia sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe ar fáil ag tomhaltóirí. Tá sí mar fhreagairt ar an mhéadú san éileamh ar tháirgí atá sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.


Dar le suirbhé Eorabharaiméadair ó Aibreán 2019, itheann thart ar an tríú cuid den dhaonra Eorpach níos mó bia orgánaigh (32%), agus itheann siad níos lú feola (31%). Chomh maith le sin, cuireann 16% acu a lorg carbóin san áireamh agus iad ag siopadóireacht le bia, agus athraíonn siad a gcuid nósanna siopadóireachta dá réir sin.


Tá athrú ag teacht ar nósanna tomhaltais, ach le níos mó ná 950,000 bás san Aontas in 2017 bainte le haistí bia míshláintiúla, agus le leath na ndaoine fásta róthrom, tá obair le déanamh fós. Chun go mbeidh sé níos éasca do thomhaltóra roghanna sláintiúla feasacha a dhéanamh, tá molta ag an Choimisiún go mbeadh lipéadú cothaithe éigeantach comhchuibhithe ar aghaidh pacáistí.

20%

Sciar den bhia a tháirgtear in AE a chuirtear amú

An t-aistriú domhanda a chur chun cinn


Is é an tAontas Eorpach an t-easpórtálaí agus an t-iompórtálaí is mó ar domhan ó thaobh táirgí agraibhia de, agus is é an margadh bia mara is mó. Tá bia na hEorpa den chéad scoth, agus tá de rún ag an straitéis aistriú domhanda a chur chun cinn i gcomhar le tríú tíortha agus le gníomhairí idirnáisiúnta trí chomhaontuithe trádála.


Ag cosaint na hinbhuanaitheachta


Ghlac an Pharlaimint le rún i mí Dheireadh Fómhair ina bhfáiltíonn siad roimh an straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, ach bhí tuilleadh moltaí acu chun é a bhunú ar bhonn níos inbhuanaithe. Tharraing siad aird ar an ngá le spriocanna níos uaillmhianaí a bheith le háireamh sa Fit for 55 package maidir le hastaíochtaí talmhaíochta agus talamhúsáide a laghdú. Chomh maith le lipéid chothúcháin a chur ar tosach an phacáiste, tá an Pharlaimint ag iarraidh ar an gCoimisiúin an fhógraíocht a rialú, athfhorbairt táirge a spreagadh agus uasteoireann a chur ar leibhéil siúcra, salainne agus saille i mbianna próiseáilte ar leith chun aghaidh a thabhairt ar an méid feola agus bia phróiseáilte a itear.

Teastaíonn ó Fheisirí úsáid lotnaidicídí a laghdú chun pailneoirí agus an bhithéagsúlacht a chosaint ar bhealach níos fearr. D’éiligh siad arís go gcuirfear deireadh leis an úsáid a bhaintear as cásanna i bhfeirmeoireacht ainmhí AE. Tacaíonn an Pharlaimint leis an sprioc maidir le talamhúsáid i gcomhair feirmeoireachta orgánaigh faoi 2030 ach dúirt siad go bhfuil gá le bearta sa bhreis chun éileamh tomhaltóirí a spreagadh.

Dar le Herbert Dorfmann (EPP, an Iodáil), rapóirtéir an Choiste Talmhaíochta: “Ba cheart go gcoinneofaí an gá le bia a chur ar fáil ar phraghas réasúnta ar na tosaíochtaí is mó ag an Aontas”, agus dúirt Anja Hazekamp (GUE/NGL, an Ísiltír) rapóirtéir an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia: “tá an gá le córas bia inbhuanaithe a chruthú fíorthábhachtach ó thaobh thodhchaí na bhfeirmeoirí de”.