EU4Health: an Eoraip a ullmhú do bhagairtí sláinte a bheidh ann amach anseo

Tá clár nua fógartha ag an Aontas Eorpach agus é mar aidhm aige córais sláinte na hEorpa a dhaingniú agus acmhainn AE a neartú maidir le freagairt ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte.

Cúram sláinte a fheabhsú leis an gclár EU4Health

An 13 Samhain 2020, réitigh feisirí Eorpacha an bealach don chlár EU4Health. Sa chomhréiteach maidir le buiséad fadtéarmach AE a thángthas air an 9 Samhain, d’éirigh le feisirí Eorpacha buiséad an chláir nua a mhéadú faoi thrí (€5.1 billiún san iomlán). Tá an Pharlaimint réidh anois chun tús a chur leis an gcaibidlíocht leis na ballstáit chun go bhféadfar an clár a chur chun feidhme ó thús 2021. Foilsíodh an t-alt thíos roimh vóta na bhfeisirí.

Is í ráig an choróinvíris an dúshlán is mó a bhí roimh an Aontas Eorpach ó bhí an Dara Cogadh Domhanda ann, agus nocht sé a thábhachtaí agus atá sé go mbeidh comhar agus gníomhaíocht chomhordaithe ann ar leibhéal na mballstát chun ullmhú le haghaidh géarchéimeanna.


Chun comhar na mballstát a neartú agus chun cur le cumas an Aontais freagairt go héifeachtach ar bhagairtí sláinte amach anseo, tá clár nua fógartha ag AE: EU4Health. Léireoidh an clár nua na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim an choróinvíris d’fhonn go mbeidh an tAontas níos ullmhaithe chun dul i ngleic le heipidéimí agus bagairtí sláinte eile nárbh fhéidir a thuar. Tá sé mar aidhm ag an gclár chomh maith nuálaíocht a chothú, agus a áirithiú go bhfanfaidh an tAontas de bheith ar an réigiún is sláintiúla ar domhan.


Ar ndóigh, is iad ballstáit an Aontais Eorpaigh go príomha atá freagrach as beartas sláinte. Mar sin féin, tá sé de chumas ag an Aontas gníomhaíochtaí a dhéanamh chun tacú le bearta na mballstát, chun iad a chomhordú nó cur leo ar mhaithe le cosaint agus feabhsú shláinte na nEorpach. Cé gurb iad na ballstáit atá freagrach as feidhmiú a gcóras sláinte, tá réimsí áirithe ann inar féidir leis an Aontas reachtaíocht a dhéanamh.

Tosaíochtaí an chláir

  • muintir an Aontais a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha sláinte
  • infhaighteacht cógas a fheabhsú
  • éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú

Is cuid é an clár EU4Health den phacáiste téarnaimh a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen sa Pharlaimint an 27 Bealtaine 2020. Chuir feisirí Eorpacha in iúl an 17 Aibreán go bhfuil gá le buiséad ar leith chun tacú le hearnálacha cúraim sláinte na mballstát uile le linn na géarchéime reatha, chomh maith le hinfheistíocht a dhéanamh in éarnáil an chúraim sláinte sa tréimhse iar-ghéarchéime chun í a dhéanamh níos athléimní agus le go mbeidh an earnáil níos dírithe orthu siúd is mó atá i ngátar. I rún eile an 15 Bealtaine maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais agus an téarnamh eacnamaíoch, d’iarr feisirí go ndéanfar clár sláinte Eorpach aonair nua a chruthú.


I ndíospóireacht leis an gCoimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia Stella Kyriakides an 28 Bealtaine, chuir feisirí an choiste um shláinte phoiblí fáilte roimh phleananna an Choimisiúin. Ag labhairt dó ag an gcruinniú sin, dúirt cathaoirleach an choiste Pascal Canfin: “Is léir ón taithí a fuarthas ón bpaindéim Covid-19 go gcaithfear polasaithe sláinte an Aontais Eorpaigh a neartú.”


Cuirfear an clár EU4Health ar bun sa tréimhse 2021-2027 ach cuirfear na bearta ar fad a bhaineann leis an téarnamh iar-ghéarchéime i bhfeidhm sa chéad leath den tréimhse sin.

Cuspóirí EU4Health

  • deireadh a chur le neamhionannas sláinte, agus rochtain ar chúram sláinte ar phraghas réasúnta de dhea-cháilíocht a chinntiú
  • cur le húsáid nuálaíochtaí digiteacha
  • dul i ngleic le galair neamhtheagmhálacha
  • úsáid níos stuama antaibheathach, agus frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach a chomhrac
  • feabhas a chur ar na rátaí ar a ndéantar vacsaíniú i dtíortha AE
  • tionscnaimh rathúla amhail na Líonraí Tagartha Eorpacha (maidir le galair neamhchoitianta) a neartú
  • aghaidh a thabhairt ar an ualach sláinte atá ag méadú mar gheall ar dhíghrádú comhshaoil agus truailliú, agus freisin mar gheall ar athruithe déimeagrafacha

Ag dul i ngleic le bagairtí trasteorann ar an tsláinte


Leis an gclár nua, táthar ag súil leis go neartófar acmhainn an Aontais maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, lena n‑áirítear trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú. Áiritheofar infhaighteacht cúlchistí nó stoc-charn de tháirgí leighis chomh maith le cúltaca oibrithe leighis agus saineolaithe lena gcur i mbun oibre i gcás géarchéime.


Ba cheart, trí bhíthin Health4EU, tacú chomh maith le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne, agus spleáchas shlabhraí soláthair AE ar thíortha neamh-AE á theorannú ag an am céanna. Áiritheofar chomh maith go ndéanfar cógais agus feistí leighis a tháirgeadh agus a dhiúscairt ar bhealach níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol.


Beidh an clár EU4Health neadaithe sa chur chuige “Aon tSláinte Amháin”, lena n‑aithnítear go bhfuil sláinte an duine agus sláinte ainmhithe nasctha le chéile, gur féidir galair a tharchur ó dhaoine go hainmhithe agus a mhalairt agus gur gá, dá bhrí sin, dul i ngleic leo i ndaoine agus in ainmhithe araon.

Red and white capsules in pharmaceutical production line. ©Vchalup/AdobeStock
Tá sé mar aidhm ag an gclár a áirithiú go bhfanfaidh an tAontas de bheith ar an réigiún is sláintiúla ar domhan ©Vchalup/AdobeStock

Conas a mhaoineofar an clár?


Dar leis an gCoimisiún, beidh buiséad €9.4 billiún ag gabháil leis an gclár nua EU4Health sa tréimhse 2021-2027, 23 oiread an mhaoinithe sláinte a bhí ann i mbuiséad 2014-2020. Beidh maoiniú don tsláinte ar fáil ó chláir eile AE amhail Ciste Sóisialta na hEorpa (ESF+), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Horizon Europe agus cistí comhtháthaithe.


An chéad chéim eile


Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh moladh an Choimisiúin i dtaca le EU4Health a phlé mar chuid den idirbheartaíocht a bheidh ar siúl maidir leis an mbuiséad fadtéarmach don tréimhse 2021-2027. I vóta iomlánach an 10 Iúil 2020, leag feisirí Eorpacha a seasamh amach maidir le straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh Covid-19. Táthar ag súil leis go mbeidh feidhm ag an gclár nua an 1 Eanáir 2021.


Tuilleadh léitheoireachta


An tsláinte phoiblí a fheabhsú: míniú ar bhearta an Aontais

An clár nua sláinte EU4Health