Is é buaiteoir Dhuais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia an Tionscadal Pegasus

Bronnadh duais iriseoireachta na Parlaiminte ar Tionscadal Pegasus, a léirigh go raibh rialtais ag déanamh spiaireachta ar iriseoirí, ar pholaiteoirí agus ar dhaoine eile

2021 Daphne Caruana Galizia Prize for Journalism winner - The Pegasus Project
Buaiteoir Dhuais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia: An Tionscadal Pegasus

Ag cur tús leis an searmanas bronnta sa Bhruiséil, dúirt Uachtarán na Parlaiminte "Is féidir le votálaithe cinntí eolacha a dhéanamh de bharr na hiriseoireachta iniúchta. Tá sé ar mhaithe le sochaithe daonlathacha tacú le hiriseoirí agus iad a chosaint."

Thar ceann na 29 moltóir, bhronn Ard-Rúnaí Chónaidhm Idirnáisiúnta na nIriseoirí an duais de €20,000 ar Sandrine Rigaud agus Laurent Richard, a rinne ionadaíocht ar an chuibhreannas.

Eolas faoi na buaiteoirí

Is é Tionscadal Peigeasas tionscnamh iriseoireachta idirnáisiúnta de chuid Forbidden Stories, grúpa iriseoirí a bhfuil sé mar mhisean acu iniúchadh a dhéanamh ar iriseoirí a dúnmharaíodh, atá i bpríosún nó a gcuirtear bagairt orthu.

I mí Iúil 2021, nochtaigh thart ar 80 iriseoir ó 17 eagraíocht meán i 10 dtír an scéal gur dhíol an comhlacht Iosraelach cibearintleachta NSO Group Technologies earraí spiaireachta darb ainm ‘Peigeasas’ le rialtais, agus gur baineadh úsáid astu in aghaidh 50,000 duine ar a laghad ar fud na cruinne. Léirigh na sonraí a sceitheadh go raibh ionsaithe dírithe ar 180 iriseoir ar a laghad, chomh maith le gníomhaithe ar son chearta an duine, ceannairí reiligiúnacha agus foireann mhíleata i dtíortha lena n-áirítear an India, an Ungáir, Meicsiceo, Maracó agus an Fhrainc.

On the 16th October 2017, the Maltese investigative journalist Daphne Caruana Galizia  was killed in a car bomb explosion.
Dúnmharaíodh Daphne Caruana Galizia i mbuama cairr an 16 Deireadh Fómhair 2017

An Duais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia


Le Duais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia, a seoladh an 16 Deireadh Fómhair 2020, aithneofar sárobair iriseoireachta a léiríonn luachanna na hEorpa.

Bronntar €20,000 go bliantúil ar iriseoirí nó ar fhoirne iriseoirí atá bunaithe san Aontas. Roghnóidh painéal neamhspleách na hiarrthóirí agus an buaiteoir deiridh.

Bhí Daphne Caruana Galizia ina hiriseoir, blagálaí agus gníomhaí frithéillithe Máltach, a thuairiscigh go mór ar éilliú, sciúradh airgid, coiriúlacht eagraithe, díolachán saoránachta agus ar naisc rialtas Mhálta le Páipéir Phanama. Rinneadh ciapadh agus bagairtí uirthi dá bharr, agus dúnmharaíodh í i mbuama cairr an 16 Deireadh Fómhair 2017.


Cháin feisirí na Parlaiminte laigí an fhiosrúcháin maidir lena bás agus d’éiligh siad bearta ón Choimisiún i mí na Nollag 2019.


D’fhoilsigh Comhairle na hEorpa an 28 Aibreán tuarascáil darb ainm ‘Ardán chun cosaint iriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí a chur chun cinn, agus ina ndéantar tagairt do 201 sárú tromchúiseach ar shaoirse na meán sa bhliain 2020. Is méadú 40% ó 2019 é an figiúr seo, agus is é an figiúr is airde a taifeadadh riamh ó bunaíodh an t-ardán in 2014. Bhí líon na bhfoláireamh a raibh baint acu le hionsaí fisiciúil (52 cás), chomh maith le ciapadh nó imeaglú (70 cás), ar an leibhéal is airde riamh.

Tá an Pharlaimint go mór i bhfách le saoirse an phreasa. Ghlac Feisirí le rún i mí na Bealtaine 2018, inar éilíodh go ndéanfaí maoiniú poiblí leordhóthanach a chinntiú agus saoirse, spleáchas agus iolrachas na meáin a chur chun cinn. Arís eile, tá an Pharlaimint tar éis béim a chur ar shaoirse na meán i gcomhthéacs phaindéim Covid-19.

Breathnaigh ar ár n-agallamh beo ar Facebook faoi Dhuais Iriseoireachta Daphne Caruana Galizia