Rialacha intleachta saorga: seasamh na Parlaiminte

Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh nuálaíocht a chothú agus saoirsí sibhialta a áirithiú i reachtaíocht intleachta saorga AE. Tá tuilleadh eolais faoi sheasamh na bhfeisirí san alt thíos.

Infographic showing examples of artificial intelligence use in everyday life
Amharc ar an ghrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá an intleacht shaorga mar chuid lárnach den chlaochlú digiteach atá faoi lán seoil. Go deimhin, is deacair saol a shamhlú gan intleacht shaorga in úsáid i réimse mór earraí agus seirbhísí, agus tá tuilleadh athruithe le teacht fós ar chúrsaí oibre, gnó, airgeadais, sláinte, slándála, feirmeoireachta agus eile. Beidh ról ríthábhachtach ag an intleacht shaorga fosta a mhéid a bhaineann le bearta aeráide an Aontais agus leis an téarnamh iar-choróinvíris.


Tá sraith rialacha á hullmhú ag an Aontas faoi láthair d’fhonn deiseanna agus rioscaí na hintleachta saorga a bhainistiú. Tá feisirí Eorpacha ag iarraidh go mbeidh Parlaimint na hEorpa ina ceann feadhna i gcás rialacha ar an intleacht shaorga, agus tá sé mar aidhm acu iontaoibh a chothú san intleacht shaorga agus an tionchar a bhíonn aici ar dhaoine, ar an tsochaí agus ar an gheilleagar a bhainistiú.


Ba mhian le feisirí fosta timpeallacht a chruthú ina mbeidh taighdeoirí, forbróirí agus gnólachtaí na hEorpa faoi bhláth. Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh go mbeidh infheistíocht phríobháideach agus phoiblí dar luach €20 billiún ann san intleacht shaorga in aghaidh na bliana.

Infographic with facts and figures about artificial intelligence such as the level of investments and the economic importance
Amharc ar an ghrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Obair na Parlaiminte ar reachtaíocht intleachta saorga


Agus togra an Choimisiúin maidir le hintleacht shaorga le heisiúint ag tús 2021, bhunaigh an Pharlaimint coiste speisialta um intleacht shaorga i ré dhigiteach chun anailís a dhéanamh ar thionchar na hintleachta saorga ar gheilleagar na hEorpa. Ag labhairt dó i mí Dheireadh Fómhair 2020, dúirt cathaoirleach úrthofa an choiste Dragoş Tudorache: “Caithfidh an Eoraip intleacht shaorga a fhorbairt atá iontaofa, nach bhfuil claonta ná leithchealach, agus a oibríonn ar son leas an phobail, ach a chinntíonn ag an am céanna go mbeidh gnólachtaí agus an tionsclaíocht in ann rath eacnamaíochta a ghiniúint.”


Ina theannta sin, an 20 Deireadh Fómhair 2020, ghlac an Pharlaimint trí thuarascáil maidir leis an chaoi is fearr a bhféadfaidh an tAontas an intleacht shaorga a rialáil chun tairbhe don nuálaíocht, do chaighdeáin eitice agus d’iontaoibh sa teicneolaíocht.

Infographic with facts and figures about artificial intelligence such the number of AI patent applications and the number of jobs that could be created by 2025
Amharc ar an ghrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Thug feisirí le fios go gcaithfidh na rialacha nua a chinntiú go mbeidh an intleacht shaorga “daonlárnach, de dhéantús an duine agus faoi smacht an duine”. Cuirtear moltaí chun cinn i dtuarascáil Ibán García del Blanco maidir le sábháilteacht, trédhearcacht agus cuntasacht a chinntiú, claontacht agus leithcheal a chosc, freagracht shóisialta agus chomhshaoil a chothú, agus urraim do chearta bunúsacha a chinntiú. Ag labhairt dó ag preasócáid roimh vóta na bhfeisirí, thug an tUasal García del Blanco le fios go bhfuil “an saoránach ag croílár an togra seo”.


Le tionscnamh reachtach Axel Voss maidir le réimeas dliteanais shibhialta le haghaidh intleacht shaorga táthar ag iarraidh muinín a chothú sa teicneolaíocht trí dhaoine a chosaint, agus nuálaíocht a spreagadh trí dheimhneacht dlíthiúil a thabhairt do ghnólachtaí. Dúirt an tUasal Voss: “Níl muid ar lorg réabhlóide. Ba chóir go mbeadh rialacha comhchoiteanna ann do ghnólachtaí, agus ba chóir go gcuirfí an dlí atá ann cheana san áireamh.”


Maidir le cearta maoine intleachtúla, leag feisirí béim ar an tábhacht a bhaineann le córas éifeachtach i gcomhair fhorbairt na intleachta saorga sa todhchaí, ar córas é lena gcuimseofar eisiúint paitinní agus próisis chruthaitheacha nua. Ceist eile atá le réiteach fós ná úinéireacht na maoine intleachtúla i gcás rudaí arna nginiúint go hiomlán ag an intleacht shaorga, a dúirt údar thuarascáil na Parlaiminte ar an ábhar Stéphane Séjourné.

Braithfidh forbairt na hintleachta saorga freisin ar straitéis Eorpach rathúil ó thaobh sonraí de. Ghlac feisirí a seasamh an 25 Márta 2021 maidir le straitéis le haghaidh sonraí a rachaidh chun tairbhe do dhaoine agus do ghnólachtaí – agus a éascóidh an téarnamh agus an t-aistriú glas chomh maith.


Tá an Pharlaimint ag obair ar cheisteanna eile amhail:

Tuilleadh faisnéise