Beartas feirme AE: ioncaim na bhfeirmeoirí agus slándáil bia a chosaint
Ní chuirfidh aon mhoill i mbeartas talmhaíochta nua a chur i bhfeidhm isteach ar ioncaim na bhfeirmeoirí. Thug feisirí a gceadú do thogra chun an t-aistriú a éascú i Nollaig 2020.
An 30 Meitheamh 2020, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le togra chun forálacha tábhachtacha d’fheirmeoirí a chaomhnú go dtí 2022.
Leis an mhoill atá ar an idirbheartaíocht talmhaíochta, tá gá le hidirthréimhse chun cinntiú nach gcaillfidh feirmeoirí a n-ioncaim agus go leanfar le táirgeacht talmhaíochta san Aontas. Ghlac an Pharlaimint leis an CBT nua i Samhain 2021. Tiocfaidh sé i bhfeidhm in Eanáir 2022.
An comhbheartas talmhaíochta
Tríd an chomhbheartas talmhaíochta, tá de rún ag an Aontas cur le táirgiúlacht talmhaíochta, forbairt na tuaithe a chur chun cinn, tabhairt faoi dhúshláin maidir leis an chomhshaoil agus le hathrú aeráide, agus ioncam cothrom a chinntiú d’fheirmeoirí. Baintear na cuspóirí seo amach trí:
- Tacaíocht ioncaim i bhfoirm íocaíochtaí díreacha chun go mbeidh feirmeoirí seasmhach ó thaobh ioncaim de
- Íocaíochtaí as feirmeoireacht atá neamhdhíobhálach don chomhshaoil agus as aire a thabhairt don tuath
- Bearta margaidh chun déileáil le géarchéimeanna sa mhargadh agus cur le héileamh
- Bearta maidir le forbairt tuaithe chun tabhairt faoi dhúshláin ar leith i gceantair tuaithe
Maoinítear na forálacha seo, a uasdátaítear go rialta, trí bhuiséad fadtéarmach an Aontais. Tá thart faoi 34.5% de bhuiséad 2020 an Aontais ag gabháil don chomhbheartas talmhaíochta.
Faigh tuilleadh eolais maidir leis na figiúirí inár ngrafaic faisnéise.
Seasamh na bhfeisirí
Tá feisirí ag iarraidh go dtabharfar intuarthacht, seasmhacht agus leanúnachas airgeadais d’fheirmeoirí faoin reachtaíocht, go háirithe de bharr phaindéim Covid-19, atá i ndiaidh dul i gcion go mór ar an earnáil agraibhia. Tháinig feisirí ar sheasamh comhaontaithe le déanaí roimh an idirbheartaíocht maidir le hathchóiriú an chomhbheartais don tréimhse 2023-2027 – tá siad ag iarraidh go dtabharfar tacaíocht d’fheirmeoirí beaga agus óga agus d’fheirmeoirí atá i ngéarchéim, agus go gcuirfear cleachtais atá neamhdhíobhálach don aeráid chun cinn.
Tuilleadh eolais
- Bia agus an talmhaíocht
- An Comhbheartas Talmhaíochta: Conas a thugann an tAontas Eorpach tacaíocht d’fheirmeoirí?
- Faisnéisiú: Forálacha idirthréimhseacha don tréimhse iar-2020
- Faisnéisiú: tacaíocht d’fheirmeoirí le linn ghéarchéim COVID-19
- (oscail i gclib nua) An Coimisiún Eorpach: an comhbheartas talmhaíochta
- (oscail i gclib nua) An Coimisiún Eorpach: an comhbheartas talmhaíochta iar-2020
- Córas bia inbhuanaithe: straitéis an Aontais
- Preasráiteas: comhaontú maidir le forálacha talmhaíochta 2021-2022 (1 Nollaig 2020)