Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach in AE: fíricí agus figiúirí (grafaic faisnéise)

Is é dramhthrealamh leictreach agus leictreonach an sruth dramhaíola is mó fás san Aontas agus déantar athchúrsáil ar níos lú ná 40% de. Tá tuilleadh eolais le fáil inár ngrafaic faisnéise.

Is saintréith den saol nua-aimseartha iad gléasanna agus trealamh leictreonach – ó mheaisíní níocháin agus folúsghlantóirí go fóin chliste agus ríomhairí, is deacair an saol a shamhlú gan iad. Ach is bacainn anois í an dramhaíl a chruthaíonn siad ar iarrachtaí an Aontais a lorg éiceolaíochta a laghdú.


Léigh tuilleadh le fáil amach conas atá an tAontas Eorpach ag dul i ngleic le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach agus é ag bogadh i dtreo geilleagar níos ciorclaí faoin mbliain 2050.

Cad is dramhthrealamh leictreach agus leictreonach ann?

Tagraíonn dramhthrealamh leictreach agus leictreonach do réimse táirgí éagsúla a chaitear amach tar éis a n-úsáide.

Ina measc siúd, tá:

  • Fearais mhóra teaghlaigh, amhail meaisíní níocháin agus soirn leictreacha.
  • Trealamh TF agus teileachumarsáide (ríomhairí glúine, printéirí).
  • Trealamh tomhaltóra (físcheamaraí, lampaí fluaraiseacha) agus painéil fhótavoltacha.
  • Fearais teaghlaigh bheaga (folúsghlantóirí, tóstaeir).
  • Catagóirí eile, amhail uirlisí leictreacha agus feistí leighis.
Grafaic eolais: féach an líon  cileagram de dhramhthrealaimh leictreonacha atá bailithe  ag gach tír san Aontas in aghaidh an duine.
Grafaic eolais: foghlaim an líon cileagram de dhramhthrealaimh leictreonacha atá bailithe ag gach tír san Aontas in aghaidh an duine.

Tá méadú suntasach tagtha ar líon an trealaimh leictrigh agus leictreonaigh ar an margadh in AE, ó 7.6 milliún tona in 2012 go 13.5 milliún tona in 2021. Tháinig méadú ar líon iomlán na ndramhthrealamh leictreach agus leictreonach a mbailíodh ó 3.0 milliún in 2012 go 4.9 milliún tona in 2021.


Bíonn nósanna athchúrsála éagsúla ag tíortha éagsúla san Aontas. Is í an Ostair a bhain barr an liosta amach de thíortha a bhailíonn an líon is mó dramhthrealaimh leictreonaigh, le 15.46kg in aghaidh an duine ar an meán. Sa bhliain 2021, bailíodh 11kg de dhramhthrealamh leictreonach agus leictreach in aghaidh an duine san Aontas ar an meán.

Cén fáth ar gá dúinn dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a athchúrsáil?


Bíonn ábhair ar féidir leo a bheith díobhálach i dtrealamh leictreach agus leictreonach a dhiúscraítear, a dhéanann truailliú ar an gcomhshaol agus a mhéadaíonn contúirtí do dhaoine a bhfuil baint acu le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a athchúrsáil. Chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin, tá an tAontas Eorpach tar éis reachtaíocht a rith chun cosc a chur ar úsáid ceimiceán áirithe, amhail luaidhe.


Tagann an-chuid mianraí tearca atá ag teastáil don teicneolaíocht nua-aimseartha ó thíortha nach urramaíonn cearta an duine. Chun tacaíocht neamhaireach do choinbhleacht armtha agus do dhrochúsáid chearta an duine a sheachaint, tá feisirí Eorpacha tar éis rialacha a ghlacadh a chuireann iallach ar allmhaireoirí Eorpacha de mhianraí tearc-chré seiceálacha cúlra a dhéanamh ar a gcuid soláthróirí.


Cad atá á dhéanamh ag an Aontas chun dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a laghdú?


I mí an Mhárta 2020, chuir an Coimisiún Eorpach plean gníomhaíochta nua don gheilleagar ciorclach i láthair, a bhfuil laghdú na dramhaíle leictrí agus leictreonaí ar cheann de na príomhthosaíochtaí ann. Leagtar spriocanna láithreacha amach go sonrach sa togra amhail an ‘ceart chun deisithe’ agus in-athúsáidteacht a fheabhsú go ginearálta, luchtaire coiteann a thabhairt isteach agus córas luacha saothair a bhunú chun athchúrsáil a spreagadh.


Faoi dheireadh 2024, beidh an luchtaire uilíoch USB Cineál-C in úsáid i bhformhór na n-earraí leictreonacha in AE. I gcás ríomhairí glúine, beidh orthu port luchtaithe den chineál seo a bheith acu faoin 28 Aibreán 2026.


Chuir an Coimisiún togra nua faoi bhráid na Parlaiminte i mí an Mhárta 2023 chun deisiúchán earraí a chur chun cinn. Laistigh den ráthaíocht dhlíthiúil, bheadh ar dhíoltóirí earraí a dheisiú ach amháin nuair atá sé níos saoire earra ionaid a thairiscint. Lasmuigh den ráthaíocht, bheadh sé de cheart ag díoltóirí deisiúcháin a thairiscint níos éasca agus ag praghsanna níos saoire.


Tá rialacha glactha ag AE i dtaca le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach a bhailiú, a chóireáil agus a athchúrsáil. Rachaidh na rialacha seo i ngleic leis an méadú atá tagtha ar líon an dramhthrealaimh leictreonaigh.


Chuir an Coimisiún togra faoi bhráid na Parlaiminte i mí Feabhra 2023 ag lorg uasdátú ar an treoir maidir le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach. Is éard is aidhm aige ná rialáil de chuid chúirt an Aontais a chur i bhfeidhm i dtaca le réimse na ndualgas atá ar tháirgeoirí na ngrianphainéal.


Tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú sealadach maidir leis an uasdátú seo i mí na Samhna 2023. Ina theannta sin, d’aontaigh siad nach mór don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an treoir faoin mbliain 2026. Is fiú freisin measúnú a dhéanamh ar thionchar na treorach ar an tsochaí agus ar an timpeallacht.

Caithfidh feisirí a vóta ar an gcomhaontú ag tús mhí Feabhra.

Seasamh na Parlaiminte


Ghlac feisirí a seasamh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach i mí Feabhra 2021. Táthar ag éilliú bearta sa bhreis chun geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, saor ó thocsainí, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus go hiomlán ciorclach a chothú faoin mbliain 2050. I measc na mbearta seo, tá rialacha níos déine maidir le hathchúrsáil agus spriocanna ceangailteacha maidir le húsáid ábhar agus tomhaltas faoin mbliain 2030.


I dtaca le dramhthrealamh leictreach agus leictreonach, is mian le feisirí go gcuirfidh AE béim ar fhad saoil táirgí tríd indeisitheacht agus in-athúsáideacht.


Léigh tuilleadh faoin ngeilleagar ciorclach agus dramhaíl:

Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach