Tionchar an táirgthe agus na dramhaíola teicstílí ar an gcomhshaol

Le mearfhaisean, tá borradh tagtha ar chainníocht na n-éadaí a tháirgtear agus a chaitear amach. Cuir tuilleadh eolais ar an tionchar ar an gcomhshaol agus réitigh an Aontais.

Fógra: burlaí éadaí athchúrsáilte
Fógra: burlaí éadaí athchúrsáilte

Is éard atá i gceist le mearfhaisean ná soláthar leanúnach stíleanna nua ar phraghsanna an-íseal. Chun dul i ngleic leis an tionchar ar an gcomhshaol, teastaíonn ón Aontas dramhaíl ó theicstílí a laghdú agus saolré agus athchúrsáil teicstílí a mhéadú. Is cuid den phlean é sin chun geilleagar ciorclach a bhaint amach faoi 2050.

Faigh amach faoi shainmhíniú an gheilleagair chiorclaigh, an tábhacht agus na tairbhí a bhaineann leis

Ró-thomhailt acmhainní nádúrtha

Bíonn a lán uisce ag teastáil chun teicstílí a tháirgeadh, chomh maith le talamh chun cadás agus snáithíní eile a fhás.


Chun t-léine cadáis amháin a dhéanamh, is gá 2,700 lítear d’fhionnuisce de réir na meastachán; is leor an méid sin chun freastal ar riachtanais óil duine amháin ar feadh 2.5 bliain.


Ba í earnáil na dteicstílí an tríú foinse ba mhó de dhíghrádú uisce agus d’úsáid talún in 2020. An bhliain sin, thóg sé naoi méadar chiúbacha uisce, 400 méadar cearnach talún agus 391 chileagram (kg) d’amhábhair, ar an meán, chun éadaí agus bróga a chur ar fáil do gach saoránach san Aontas.

Truailliú uisce

Meastar gurb é táirgeadh teicstílí is cúis le thart ar 20% de thruailliú uisce glan an domhain ó tháirgí ruaimnithe agus bailchríochnaithe.


Is féidir le hualach níocháin amháin d’éadaí poileistir 700,000 snáithín micreaphlaisteach a scaoileadh a d’fhéadfadh a bheith sa slabhra bia ar ball. Scaoiltear formhór na micreaphlaisteach ó theicstílí le linn an chéad chúpla níochán. Tá mearfhaisean bunaithe ar olltáirgeadh, ar phraghsanna ísle agus ar mhéideanna díolacháin arda a spreagann céad-níochán go mór.

De thoradh táirgí sintéiseacha a ní, bailítear níos mó ná leathmhilliún tona micreaphlaisteach ar ghrinneall na n-aigéan gach bliain. Chomh maith leis an bhfadhb dhomhanda seo, tá tionchar tubaisteach ag an truailliú a ghineann táirgeadh éadaí ar shláinte daoine, ainmhithe agus éiceachóras áitiúil sna háiteanna ina bhfuil na monarchana lonnaithe.

Astaíochtaí gás ceaptha teasa

Meastar gurb é an tionscal faisin is cúis le 10% d’astaíochtaí carbóin an domhain – céatadán níos mó ná céatadán iomlán na n-astaíochtaí ó eitiltí idirnáisiúnta agus loingseoireacht mhuirí.


De réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, gineadh thart ar 270 kg d’astaíochtaí CO2 in aghaidh an duine ó cheannacháin teicstílí san Aontas in 2020. Ciallaíonn sé sin gur gineadh 121 mhilliún tona astaíochtaí gás ceaptha teasa ó tháirgí teicstíle arna dtomhailt san Aontas.

Téann dramhaíl teicstílí go líonadh talún agus tá an ráta athchúrsála íseal

Tá athrú tagtha freisin ar an gcaoi a bhfaigheann daoine réidh le héadaí nach dteastaíonn uathu, agus caitear earraí amach seachas iad a thabhairt ar aghaidh. Bailítear níos lú ná leath na n-éadaí úsáidte lena n-athúsáid nó lena n-athchúrsáil, agus ní dhéantar ach 1% díobh a athchúrsáil chun éadaí nua a dhéanamh díobh, ós rud é nach bhfuil teicneolaíochtaí a d’fhágfadh go bhféadfaí éadaí a athchúrsáil ina snáithíní íona ach ag teacht chun cinn anois.



1%

Líon na n-éadaí úsáidte a athchúrsáiltear ina héadaí nua

Ar an meán, úsáideann muintir na hEorpa beagnach 26 chileagram de theicstílí agus caitheann siad amach thart ar 11 chileagram díobh gach bliain. Is féidir éadaí úsáidte a onnmhairiú lasmuigh den Aontas Eorpach, ach den chuid is mó (87%), déantar iad a loscadh nó a chur go líonadh talún.

Bhí teacht chun cinn an mhearfhaisin lárnach sa mhéadú ar thomhaltas, mar gheall, go páirteach, ar spreagadh na meán sóisialta, mar aon leis an tionscal, a sholáthair treochtaí faisin do níos mó tomhaltóirí ar luas níos tapúla ná mar a rinneadh roimhe seo.

I measc na straitéisí nua chun dul i ngleic leis an gceist sin, tá forbairt samhlacha nua gnó chun éadaí a fháil ar cíos, dearadh táirgí ar bhealach a dhéanfadh athúsáid agus athchúrsáil níos éasca (faisean ciorclach), cur ina luí ar thomhaltóirí níos lú éadaí ar chaighdeán níos fearr a cheannach (mallfhaisean) agus iompar tomhaltóirí a stiúradh go ginearálta i dtreo roghanna níos inbhuanaithe.

Straitéis an Aontais do theicstílí inbhuanaithe ciorclacha

Mar chuid den phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach, chuir an Coimisiún Eorpach straitéis nua i láthair i mí an Mhárta 2022 chun teicstílí a dhéanamh níos marthanaí, níos indeisithe, níos in-athúsáidte agus níos in-athchúrsáilte, chun dul i ngleic le mearfhaisean agus chun nuálaíocht a spreagadh laistigh den earnáil.

ceanglais éicidhearthóireachta nua do theicstílí, d’fhaisnéis níos soiléire, do Phas Táirge Digiteach san áireamh sa straitéis nua agus iarrtar ar chuideachtaí ann freagracht a ghlacadh agus gníomhú chun a lorg carbóin agus comhshaoil a íoslaghdú.

I mí an Mheithimh 2023, leag na Feisirí amach moltaí le haghaidh bearta níos déine ón Aontas chun deireadh a chur le táirgeadh agus tomhaltas iomarcach teicstílí. Iarrtar i dtuarascáil na Parlaiminte go ndéanfaí teicstílí a tháirgeadh agus urraim á tabhairt do chearta an duine, cearta sóisialta agus cearta saothair, chomh maith leis an gcomhshaol agus leas ainmhithe.


Bearta an Aontais atá ann cheana maidir le dramhaíl teicstílí


Tá Éicilipéad ag AE ar féidir le táirgeoirí a chloínn le critéar eiceolaíoch a chur ar earraí. Tugtar feiceálacht níos mó do tháirgí a bhfuil níos lú substaintí dochracha iontu agus a dhéanann níos lú truaillithe ar an uisce agus ar an aer.

D'fhormheas Parlaimint treoir maidir le dramhaíl in 2018. Tá bearta sa straitéis ón gCoimisiún chun an méid seo a leanas a dhéanamh chomh maith: dul i ngleic le ceimiceáin ghuaiseacha sna teicstílí, éiligh ar tháirgeoirí freagracht a ghlacadh as a gcuid táirgí feadh an tslabhra luacha, lena n-áirítear nuair is dramhaíl atá iontu agus cabhrú le tomhaltóirí teicstílí inbhuanaithe a roghnú. Chuir Parlaimint na hEorpa a smaointe in iúl chun na rialacha maidir le dramhaíl teicstílí a athrú i Márta 2024. Faoin athbhreithniú seo ar an treoir maidir le dramhaíl, cuirfear scéimeanna nua i bhfeidhm chun níos mó freagrachta a chur ar tháirgeoirí.


Is éard is ciall leis seo ná go mbeidh sé de dhualgas ar tháirgeoirí teicstílí amhail éadaí, coisbheart, hataí, oiriúintí agus cuideachtaí eile a chuireann táirgí den chineál sin ar an margadh aonair Eorpach, a gcostais fhéin a chlúdach do bhailiúchán, sórtáil agus athchúrsáil. Mhol an Coimisiún go gcuirfear na scéimeanna nua seo a chuireann an fhreagracht ar an táirgeoir i bhfeidhm 30 mí ó chuirtear an treoir i bhfeidhm den chéad uair. I gcás na bhfeisirí, mhol siad na scéimeanna a chur i bhfeidhm laistigh de 18 mí. Ina theannta sin, bheadh sé de dhualgas ar thíortha an Aontais teicstílí a bhailiú ceann ar cheann ó 1 Eanáir 2025 ar aghaidh ar son athúsáide, chun iad a ullmhú don athúsáid agus ar son athchúrsála.


“Iarraimid sprioc maidir le dramhaíl teicstíle a laghdú, le maoirseacht ar theicstílí úsáidte onnmhairithe”, arsa rapóirtéir na Parlaiminte Anna Zalewska (ECR, an Pholainn). D’iarr sí freisin go mbeadh bonneagar níos fearr ann chun teicstílí a bhailiú ar leithligh agus chun dramhaíl chathrach a shórtáil ar bhealach níos éifeachtúla, ionas go n-asbhainfear ítimí ar féidir iad a athchúrsáil sula seoltar chuig an loisceoir nó chuig an líonadh talún iad.

Na chéad chéimeanna eile


Rachaidh an chéad Pharlaimint eile i mbun idirbheartaíochta leis an gComhairle, a roghnófar sna chéad toghcháin Eorpacha eile a bheidh á reáchtáil ón 6-9 Meitheamh 2024