Imirce: Caithfear beartas um fhilleadh a chur i bhfeidhm mar is ceart

Tá feisirí ag iarraidh go dtabharfar cosaint do chearta bunúsacha agus tús áite d’aisdúichiú deonach faoi bhearta imirce AE. Tuilleadh eolais sna graificí fainéise thíos.

bearnaí agus easnaimh i mbeartas an Aontais um fhilleadh na n-imirceach, dar le feisirí i rún maidir le cur chun feidhme na Treorach um Fhilleadh, a leagann comhrialacha maidir le náisiúnaigh tríú-tír nach bhfuil de cheart acu fanacht in AE. Glacadh an rún an 16 Nollaig 2020.


Tuilleadh maidir le beartas imirce AE

Statisticí maidir le trasnú teorainneacha neamhdhleathacha san AE
Firicí agus figiúirí maidir le himircigh a chur ar ais

Beartas éifeachtach a chur chun cinn


Sa bhlian 2020, diúltaíodh cead isteach chun an AE do 137,840 duine, agus is iad na príomhchuiseanna le sin ná: tagann daoine gan na cáipéisí oiriúnacha acu chun údar a thabhairt le cuspóir an thurais (41%), meastar gur bagairt iad (18%) nó ní bhíonn víosa baillí nó cead cónaithe acu (9%).


In 2020, chuir tíortha AE 396,400 oibleagáid chun na críche a fhágáil. Mar sin féin, cuireadh níos lú ná an ceathrar cuid d’imircigh ar ais chuig tír lasmuigh den AE ar bhonn éifeachteach. Dar le feisirí, d’féadfadh spriocamanna dochta agus toirmisc taisitil cosc iomlán a chur le haisdúichiú. D’iarr siad ar thíortha AE sprioc-dhátaí oiriúnacha a chur i gcoin ar dhaoine a chuireadh toirmeasc taistil orthu de réir an cháis


Dúirt Tineke Strik (An Grúpa Glas/Grúpa na Saor-Comhghuallíochta Eorpaí, an Ísiltír), an feisire atá freagrach as an ábhar, nár chóir beartas éifeachtach um fhilleadh a bhunú ar an ráta fillte amháin, ach gur chóir cinniúint na ndaoine tar éis dóibh an tríú tír a bhaint amach a chur san áireamh.

Ba iad náisiúntachtaí na n-imearcach a chaitheadh amach is mó ná an Ailgéir, Maracó, an Albáin, an Úcráin agus an Phacastáin.

Statisticí maidir le daoine a dhiúltaíodh cead isteach chun an AE dóibh
Firicí agus figiúirí maidir le daoine a dhiúltaíodh cead isteach dóibh

Tús áite d’aisdúichiú deonach


Baineann aisdúichiú deonach le deonú tréimhse ina mbíonn deis ag an fhillí dul ar ais chuig an tríú tír as a stuaim féin. Dar le Frontex, rinneadh 59% d'aisdúichiú ar bhonn deonach in 2020.


Bíodh sé mar atá, is minic a ghiorraíonn nó a dhiúltaíonn ballstáit áirithe an tréimhse fhorordaithe le himeacht deonach, mar shampla má tá an t-imirceach faoi choinneáil nó má tá an baol ann go n-éalódh sé.


Éilíonn feisirí go ndéanfadh ballstáit infheistíocht i gcláir um fhilleadh deonach cuidithe,rud a bhí freagrach as 27.5% d'aisdúichiú in 2020, agus tús áite a thabhairt d'aisdúichiú deonach toisc gur fusa iad a eagrú, i gcomhar le tíortha chinn scríbe, ar bhonn inbhuanaithe. I measc na bhfadhbanna praiticiúla a bhaineann le próiseas an aisdúichithe ná na imircigh a aithint agus na cáipéisí oiriúnacha a fháil ó údaráis tríú tíortha.

Dar le feisirí, níor chóir mionaoisigh neamhthionlactha a chur ar ais mura féidir cothú gur chun a leasa é.

Statisticí maidir le haisdúichiú deonach san AE
Firicí agus figiúirí maidir le haisdúichiú deonach

Cearta bunúsacha a chosaint


Leagann feisirí béim ar a thábhachtaí atá sé cearta bunúsacha a chosaint agus cloí le coimircí nós imeachta agus reachtaíocht AE maidir le aisdúichiú a chur i bhfeidhm. Éilíonn siad go dtabharfadh na ballstáit go leor ama chun cinneadh um fhilleadh a achomharc, chomh maith le cúnamh dlíthiúil agus ateangairí a chur ar fáil saor in aisce.


Ghlac feisirí le rún i mí Bealtaine 2021 ina ndéanann siad cáineadh ar shocruithe neamhfhoirmiúla le tríú tíortha, amhail an Tuirc, an Afganastáin agus an Ghaimbia, atá easnamhach ó thaobh chearta bunúsacha de.

D’iarr údar na tuairisce, Strik, ar an gCoimisiún teacht ar chomhaontuite um athligean isteach le stáit neamh-AE, chomh maith le monatóireacht a dhéanamh, iomrall daonlathais a neartú agus trédhearcacht bhreis maidir leis an úsáid a bhaintear as maoiniú chun airgead a chur ar fáil do chomhoibriú ó thaobh na himirce de. Lag sí béim ar an ngá le fáil ar chearta a bheith ag imircigh agus dídeanaithe a chinntiú freisin.


Cúlra


Tá an tuarascáil mar fhreagairt ar thogra 2018 an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ar bheartas AE um fhilleadh, a bhfuil de rún aige beartas um fhilleadh níos éifeachtaí a chur i bhfeidhm, agus atá mar bhunchloch de Chomhaontú nua an Choimisiúin maidir le himirce agus tearmann.


I rún eile maidir le tearmann a glacadh an 16 Nollaig 2020, d’éiligh feisirí tuilleadh dlúthpháirtíochta i measc na mballstát agus tuilleadh airgid do thíortha atá ar an líne thosaigh, go háirithe sa chás go dtiocfadh líon mór iarrthóirí tearmainn.


Tuilleadh maidir le himirce san Eoraip