Cothromaíocht oibre is saoil: ceart chun dícheangail á éileamh ag feisirí Eorpacha

Mar gheall ar an méadú ar theilea-obair i rith na paindéime, tá dlí AE á éileamh ag feisirí ina leagfar síos na híoscheanglais le haghaidh cianoibre, lena n-áirítear ceart chun dícheangail.

Caith súil ar an bhfíseán chun tuilleadh a fhoghlaim

Tá na bearta sriantacha a tugadh isteach mar gheall ar phaindéim an choróinvíris tar éis an bealach ina n-oibríonn daoine a athrú. Léiríodh a thábhachtaí atá réitigh dhigiteacha, lena n-áirítear úsáid scéimeanna teilea-oibre ag cuideachtaí, ag daoine féinfhostaithe agus ag comhlachtaí riaracháin phoiblí.


De réir fhigiúirí Eurofound (An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú), tá 37% d’oibrithe an Aontais tar éis a bheith ag obair ón mbaile le linn na dianghlasála, i gcomparáid le 5% a bhíonn ag obair ón mbaile de ghnáth. Mar gheall ar an méadú suntasach ar úsáid uirlisí digiteacha chun críocha oibre, thuairiscigh 27% de fhreagróirí a bhíonn ag obair ón mbaile gur oibrigh siad le linn a gcuid ama shaoir chun éilimh oibre a bhaint amach.


Mar gheall ar úsáid uirlisí digiteacha chun críocha oibre, bíonn sé de nós ag oibrithe bheith ‘ceangailte i gcónaí’ nó ‘ar ghlao-dhualgas i gcónaí’, rud a d’fhéadfadh tionchar díobhálach a bheith aige ar chearta bunúsacha oibrithe agus ar dhálaí oibre cothroma, lena n-áirítear luach saothair cóir, an teorainn ar am oibre agus cothromaíocht oibre is saoil, sláinte agus sábháilteacht fhisiciúil agus mheabhrach ag an obair.


Nascacht leanúnach leis an obair


I rún iomlánach a cuireadh chun vóta an 21 Eanáir 2021, d’admhaigh feisirí Eorpacha go raibh ról tábhachtach ag an teilea-obair ó thaobh cuidiú le roinnt fostaíochta agus gnó a choimirciú le linn na paindéime. Mar gheall ar an meascán d’uaireanta oibre níos faide agus éilimh níos airde, d’athdhearbhaigh siad, áfach, go bhféadfadh go mbeadh baol níos airde d’oibrithe ag baint leis freisin agus tionchar diúltach a bheith aige ar cháilíocht a gcuid ama oibre agus ar a gcothromaíocht oibre is saoil.


Léirítear go bhfuil dhá oiread seans ann go n-oibreoidh daoine a oibríonn go rialta ón mbaile os cionn an 48 uair an chloig uasta atá riachtanach in aghaidh na seachtaine agus go bhfuil siad i mbaol sos níos lú ná an 11 uair an chloig atá riachtanach a thógáil idir laethanta oibre, mar a fhoráiltear le dlí an Aontais, i gcomparáid leo siúd a oibríonn san oifig nó in áitreabh a bhfostóirí.

Uaireanta oibre

  • Is é an t-uasmhéid ba cheart d’fhostaí a oibriú i meánseachtain oibre ná 48 uair an chloig
  • Tá fostaithe i dteideal tréimhse laethúil scíthe 11 uair an chloig i ndiaidh a chéile in aghaidh gach 24 uair an chloig
  • Tá fostaithe i dteideal ceithre seachtaine ar a laghad de laethanta saoire ar íocaíocht gach bliain

Úsáid iomarcach de ghléasanna teicneolaíocha


Is dóchúla go dtuairisceoidh teilea-oibrithe rialta go bhfuil siad thíos le strus a bhaineann leis an obair agus go bhfuil neamhoird chodlata, strus agus nochtadh do sholas na scáileán digiteach ag cur as dóibh. Is éifeachtaí eile ar shláinte na dteilea-oibrithe iad tinnis cinn, saoth súl, tuirse, imní agus neamhoird mhatánchnámharlaigh, agus d’fhéadfadh tionchar fisiciúil a bheith ag obair rialta sa bhaile ar oibrithe, ós rud go bhfuil seans ann nach mbaineann spásanna oibre a shocraítear ad hoc sa bhaile mar aon le ríomhairí glúine agus trealamh eile amach caighdeáin eirgeanamaíocha.

300 milliún duine

Daoine ar fud an domhain atá ag fulaingt ó dhúlagar agus neamhoird mheabhracha choitianta a bhaineann leis an obair

Sa rún an 21 Eanáir 2021, d’éiligh feisirí dlí Eorpach a thabharfaidh an ceart d’oibrithe dícheangal ó nasc digiteach leis an obair, agus nach mbeidh siad thíos leis dá bharr. D’iarr feisirí ar na ballstáit agus ar fhostóirí a áirithiú go bhfuil oibrithe ar an eolas faoina gceart chun dícheangail agus go bhfuil siad in ann é a fheidhmiú.


D’iarr siad ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a thíolacadh d’fhonn íoscheanglais don chianobair ar fud an Aontais a bhunú, agus chuir siad i bhfáth gur chóir don cheart chun dícheangail cead a thabhairt d’oibrithe gan dul i mbun tascanna, gníomhaíochtaí nó cumarsáid leictreonach a bhaineann leis an obair, amhail glaonna gutháin nó ríomhphoist, lasmuigh dá gcuid ama oibre.


Chomh maith leis sin, thug feisirí le fios go láidir nár cheart go n-éileodh fostóirí ar oibrithe a bheith ar fáil nó a bheith in ann teagmháil a dhéanamh leo lasmuigh dá gcuid ama oibre agus gur cheart do chomhoibrithe staonadh ó theagmháil a dhéanamh lena gcomhghleacaithe lasmuigh de na huaireanta oibre.


D’iarr feisirí na Parlaiminte ar na ballstáit a áirithiú go mbeadh oibrithe a dhéanann a gceart chun dícheangail a agairt cosanta ó íospairt agus ó iarmhairtí diúltacha eile agus go mbeadh sásraí ann chun déileáil le gearáin nó sáruithe ar an gceart chun dícheangail.


Déantar teilea-obair a rialú sa chuid is mó de bhallstáit an Aontais, ach níl an ceart chun dícheangail aitheanta ach i gceithre bhallstát (an Bheilg, an Fhrainc, an Iodáil agus an Spáinn).


Tuilleadh léitheoireachta