Na meáin shóisialta agus an daonlathas: gá le dlíthe seachas treoirlínte

Tá feisirí ag éileamh go ndéanfadh an tAontas níos mó chun na meáin shóisialta a rialú, ar bhealach a chosnaíonn saoirse cainte agus a sheachnaíonn cinsireacht.

Wednesday Debate - speakers layout
Tionóladh an díospóireacht iomlánach an 10 Feabhra 2021

Leis na heachtraí atá tar éis titim amach sna Stáit Aontaithe le déanaí, agus le ceisteanna maidir le rialú na meán sóisialta i lár an aonaigh, phléigh feisirí i ndíospóireacht an 10 Feabhra an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, cearta bunúsacha, saoirse na meán in AE, agus feachtais bhréagaisnéise ar líne.


Tá an tAontas ag obair faoi láthair ar an Acht um Sheirbhísí Digiteacha agus ar an Acht um Mhargaí Digiteacha. Leis seo, cuirfear rialacha i bhfeidhm chun ardáin a rialú, chomh maith le réitigh chun dul i ngleic le hábhar dochrach nó mídhleathach ar líne, amhail bréagaisnéis. 


Mhol feisirí iarrachtaí an Aontais an saol ar líne a rialú trí dhlíthe, seachas treoirlínte – ach d’áitigh siad gur gá do na dlíthe seo an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus cearta bunúsacha a chosaint, agus cinsireacht a sheachaint ag an am céanna.


Dar le Marina Kaljurand (Sóisialaithe agus Daonlathaithe, an Eastóin), ní leor na bearta atá ann cheana maidir le bréagaisnéis agus fuathchaint chun “cur i gcoinne ionsaithe ar ár ndaonlathas”. Ag fáiltiú di roimh an reachtaíocht mholta, dúirt sí: “Tá an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta ó thaobh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí de. Anois, caithfimid dul céim níos faide.”


Leag Annalisa Tardino (an Iodáil, Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais) béim ar an tábhacht a bhaineann le rialacha soiléire do mhórchomhlachtaí idirlín. Dar léi, tá tionchar ag beartas na gcomhlachtaí seo ar an fhíorshaol, agus níor cheart go mbeadh siad i gceannas ar mhonatóireacht ábhair ar líne. “Is faoi na bhfeisirí atá sé. Caithfidh an tAontas cosaint a thabhairt do dhíospóireacht shaor agus dhaonlathach ar na meáin shóisialta.”


Tharraing Alexandra Geese (An Grúpa Glas/Grúpa na Saor-Comhghuaillíochta Eorpaí, an Ghearmáin) aird ar na fadhbanna daonlathacha a bhaineann le láimhseáil sonraí pearsanta bheith faoi chúram na mórchomhlachtaí. D’éiligh sí chomh maith go gcuirfí cosc ar fhógraíocht spriocdhírithe.


Dúirt Leas-Uachtarán an Choimisiúin Věra Jourová go bhfuil sé mar aidhm ag an Acht um Sheirbhísí Digiteacha cur le freagracht na n-ardán ar líne agus na rialacha a shoiléiriú maidir le hábhar mídhleathach – amhail fuathchaint agus gríosú chun foréigin – a bhaint. Gheall sí go molfaí rialacha maidir le fógraíocht pholaitiúil ar líne.


Dhírigh Magdalena Adamowicz (Páirtí an Phobail Eorpaigh, an Pholainn) ar chúrsaí reatha sa Pholainn, áit a bhfuil cuid mhaith comhlachtaí meán i mbun agóidíochta faoi láthair in aghaidh thogra an rialtais chun cáin a ghearradh ar fhógraíocht.


Dúirt Dragoş Tudorache (Renew Europe, an Rómáin) gurb ionann an saol ar líne agus an saol as líne. “Níl ann ach domhan amháin – caithfimid cearta na saoránach agus ár ndaonlathais a chosaint mar a chéile, ar líne agus as líne.” Leag sé béim ar an ghá atá le comhoibriú le stáit eile chun rialacha a leagan amach maidir le luachanna comhchoiteanna, agus chun cur i gcoinne na Síne agus na Rúise. 


Dhírigh cainteoirí eile ar an bhaol a bhaineann leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh. Dúirt Geert Bourgeois (Coimeádaigh agus Leasaitheoirí, an Bheilg) go mbeidh cinsireacht mar thoradh ar an chóras fógra agus gnímh. “Beidh ar na hardáin gach fógra a chur tríd a n-algartam, agus beidh cinsireacht bunaithe ar cheartaiseacht pholaitiúil mar thoradh air sin”, a dúirt sé.


Dúirt Anne-Sophie Pelletier (Grúpa na Clé, an Fhrainc) nár chóir go mbeadh saoirsí ag brath ar chinnteoireacht cheannairí na n-ardán mór. “Ní féidir cinsireacht a dhéanamh ar ábhar gan chinneadh ó bhreitheamh,” a dúirt sí.


Ag labhairt di ar son Uachtaránacht na Portaingéile, dúirt Ana Paula Zacarias: “Beidh ról ag na hardáin ar líne sa chomhrac comhchoiteann seo – ach is faoi na hinstitiúidí daonlathacha, ár ndlíthe agus ár gcúirteanna na rialacha a leagan maidir le neamhdhleathacht agus maidir le hábhar a bhaint.”