Grafaic faisnéise: tionchar na paindéime ar mhná

Déanann géarchéim Covid-19 agus a hiarmhairtí difear do mhná agus d’fhir ar bhealaí éagsúla agus tá siad tar éis béim a leagan ar na heasnaimh atá ann i gcónaí maidir le cearta na mban.

Bliain tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte paindéim a fhógairt, tá an baol ann go mbainfidh iarmhairtí fadtéarmacha leis an víreas ó thaobh chomhionannas inscne de agus go gcuirfear ar gcúl na blianta fada de dhul chun cinn a baineadh amach. Téann an phaindéim i bhfeidhm ar gach tír ar domhan agus tá seans go mbeidh níos mó ná 47 milliún bean agus cailín ar fud an domhain faoi bhun thairseach na bochtaineachta faoi 2021 mar gheall uirthi.


Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl anuraidh, rinneadh ceiliúradh ar 25 bliana de Dhearbhú Bhéising maidir leis an gcomhionannas inscne. Leagtar amach sa rún spriocanna straitéiseacha maidir le comhionannas inscne a bhaint amach i réimsí amhail an geilleagar, foréigean i gcoinne na mban, mná i gcumhacht, agus mná agus an comhshaol.


26 bliana níos déanaí, tá neart dul chun cinn fós le déanamh áfach. De réir fhigiúirí na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne ón mbliain 2018, de réir an fhoráis reatha ní bhainfear comhionannas iomlán amach san Eoraip go dtí 2080 ar a laghad.

Infographic on frontline workers: the care sector and sales sector in the EU
Amharc ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Mná ar an líne thosaigh sa phaindéim


Is léir go bhfuil ionadaíocht díréireach ard ag mná i measc oibrithe túslíne in earnálacha riachtanacha le linn na paindéime. Is mná iad tromlach na n-oibrithe a chuireann seirbhísí riachtanacha ar fáil, lena n-áirítear 76% d’oibrithe cúraim sláinte (dochtúirí, altraí, cnáimhseacha, baill foirne i dtithe cúraim chónaithe), 82% d’airgeadóirí, 93% d’oibrithe cúraim leanaí agus de mhúinteoirí, 95% d’oibrithe tí, de ghlantóirí agus cúntóirí, agus 86% d’oibrithe cúraim phearsanta.

Tá ionadaíocht díréireach ard ag mná in earnáil na seirbhísí chomh maith – is san earnáil sin atá 84% de na mná agus cailíní (in aois 15-64) fostaithe, agus bíonn mná ró-ionadaíoch in earnálacha ina bhfuil níos lú brabúis i gceist. Is dóichí go mbíonn mná i bhfostaíocht shealadach, pháirtaimseartha agus neamhbhuana ná fir (26.5% i gcomparáid le 15.1% de na fir), agus dá bhrí sin tá tionchar níos suntasaí tar éis a bheith ag caillteanais post orthu mar thoradh ar an ngéarchéim.

Neamhchinnteacht phoist


Lasmuigh den Eoraip in an-chuid tíortha tá mná fostaithe in earnálacha “baineannaithe” amhail an tionscal éadaigh agus táirgeadh bia arb iad na hearnálacha ba mheasa a buaileadh, as a leanann tionchair iarmhartacha do leibhéal bochtaineachta a dteaghlach agus a bpobal agus do neamhspleáchas eacnamaíoch agus sláinte agus sábháilteacht na mban agus na gcailíní.

Lena chois sin ar fad, ar thoradh ar dhúnadh scoileanna, ionad cúraim agus áiteanna oibre, tá méadú tagtha ar dháileadh éagothrom freagrachtaí tí agus cúraim neamhíoctha laistigh den bhaile do mhná a fágadh gan dóthain tacaíochta do chúram leanaí agus do dhaoine scothaosta – go minic sa bhreis ar iarrachtaí cothromaíocht a aimsiú idir na freagrachtaí sin agus an obair ón mbaile.

Infographic on precarious jobs in the EU
Amharc ar an ngrafaic faisnéise chun tuilleadh a fhoghlaim

Foréigean inscnebhunaithe


Tá tuarascálacha agus figiúirí ó roinnt ballstát le linn na tréimhse gaibhniúcháin tar éis léiriú go bhfuil méadú imníoch tagtha ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe, agus mar thoradh ar an ndianghlasáil is minic a bhíonn sé níos deacra do mhná comhpháirtithe mí-úsáideacha a fhágáil. San Aontas Eorpach maraítear leathchéad ban gach seachtain mar gheall ar fhoréigean teaghlaigh. I roinnt ballstát, tá bearta breise tugtha isteach ag na húdaráis chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac i rith na paindéime.


IWD2021 sa Pharlaimint


Agus Lá Idirnáisiúnta na mBan ar siúl an 8 Márta, tá feisirí Eorpacha ag iarraidh béim a leagan ar ról ríthábhachtach na mban sa chomhrac i gcoinne na paindéime. Déanfar plé air seo ar fad ag seisiún iomlánach na Parlaiminte an 8 Márta. An 4 Márta, tionólfar cruinniú idirpharlaiminteach maidir le hiarmhairtí na paindéime ar mhná.